An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Is í Faye Breen Leas-Ardstiúrthóir Oifig an Ard-Aighne.
Sular thosaigh sí sa ról sin, bhí Faye i gceannas ar an nGrúpa Abhcóidí Comhairleacha um Cháin, Bonneagar agus Inimirce ar a raibh freagracht as réimsí éagsúla dlí, lena n-áirítear dlí Cánach, Fuinnimh, Soláthair, Fóntais, Inimirce agus Cosaint Idirnáisiúnta.
Chaith Faye 5 bliana ag cleachtadh sa Leabharlann Dlí. Bhain sí Baitsiléir sa Dlí Sibhialta (Staidéar Eorpach) amach i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus MSc sa Ghnó (Cleachtas Ceannaireachta agus Bainistíochta) i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Is Oifigeach Poiblí Ainmnithe í Faye faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015: féach www.lobbying.ie