Gairmeacha in Oifig an Ard-Aighne
- Foilsithe: 13 Bealtaine 2021
- An t-eolas is déanaí: 19 Márta 2026
- Folúntais Reatha
- Earcaíocht Bhaill Foirne OAA
- Riachtanais cháilíochta do cheapachán mar Abhcóide Comhairleach
- Riachtanais cháilíochta do cheapachán mar Dhréachtóir Parlaiminte Cúnta
- An Scéim Intéirneachta Rochtana Taighde Dlí
- Clár Idirbhliana
Folúntais Reatha
Tá na poist seo a leanas á bhfógairt ag Oifig an Ard-Aighne (an Oifig) anois.
Ról: Abhcóide Comhairleach III agus Dréachtóir Parlaiminte Cúnta II
Tá publicjobs ag bainistiú earcaíochta do na róil seo, déan iarratas ar poistphoiblí le do thoil:
Abhcóide Comhairleach III
Dréachtóir Parlaiminte Cúnta II
Dáta Dúnta: 26/03/2026, 15:00
Earcaíocht Bhaill Foirne OAA
Tá idir foireann dhlíthiúil agus neamhdhlíthiúil ag obair san OAA. Déantar fostaithe a earcú tríd poistphoiblí a fhógróidh folúntais de réir mar a thagann siad chun cinn.
Is féidir rochtain a fháil ar láithreán gréasáin poistphoiblí anseo.
Riachtanais cháilíochta do cheapachán mar Abhcóide Comhairleach
De ghnáth, ní mór do dhuine a bheith cáilithe mar abhcóide nó mar aturnae le taithí suntasach iar-cháilithe chun cáiliú do cheapachán mar Abhcóide Comhairleach. Nuair a thagann folúntais chun cinn, fógraítear iad le poistphoiblí.
Riachtanais cháilíochta do cheapachán mar Dhréachtóir Parlaiminte Cúnta
De ghnáth, ní mór do dhuine a bheith cáilithe mar abhcóide nó mar aturnae le taithí suntasach iar-cháilithe chun cáiliú do cheapachán mar Dhréachtóir Parlaiminte Cúnta. Nuair a thagann folúntais chun cinn, fógraítear iad le poistphoiblí.
An Scéim Intéirneachta Rochtana Taighde Dlí
Cruthaíodh an Scéim Intéirneachta Rochtana Taighde Dlí chun deiseanna intéirneachta a chur ar fáil sa Choimisiún um Athchóiriú an Dlí, in Oifig an Ard-Aighne, in Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, in Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit, i dTithe an Oireachtas agus i mBord um Chúnamh Dlíthiúil do mhic léinn na bliana deireanaí sa dlí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch nó atá faoi mhíchumas.
Tabharfaidh na hintéirneachtaí taithí oibre le pá d’iarratasóirí a n-éiríonn leo i dtimpeallacht dlí, mar aon leis an deis chun scileanna agus muinín a fhorbairt mar chuid d’fhoireann taighde.
Is é an aidhm atá leis an intéirneacht rochtana ná éagsúlacht i ngairm an dlí a mhéadú agus an teacht ar dheiseanna atá ag mic léinn ó chúlraí atá faoi ghannionadaíocht a fheabhsú. Tríd an intéirneacht rochtana, táimid ag iarraidh éagsúlacht níos fearr a chur chun cinn in earnáil an dlí.
Tá sé de fhreagracht ar chomhlachtaí poiblí in Éirinn comhionannas a chur chun cinn, idirdhealú a chosc agus cearta daonna a bhfostaithe, custaiméirí, úsáideoirí seirbhíse agus daoine eile a dtéann a gcuid beartas agus nósanna imeachta i bhfeidhm orthu a chosaint. Is oibleagáid dhlíthiúil é sin, ar a dtugtar Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine. Tá an dualgas reachtúil leagtha amach in Alt 42 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas 2014. Cé gur fostóirí comhdheiseanna iad an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí, Oifig an Ard-Aighne, Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí agus Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit, chruthaíomar an scéim rochtana seo chun comhionannas a chur chun cinn tuilleadh.
Clár Idirbhliana
Gach bliain, reáchtálann OAA Clár Idirbhliana do dhaltaí. Is é an príomhchuspóir atá leis an gclár ná taithí a chur ar fáil do dhaltaí ó sciar níos leithne den tsochaí maidir leis an gcaoi a n-oibríonn an Oifig, ó thaobh cúrsaí dlí agus ó thaobh cúrsaí corparáideacha/riaracháin de. Faoi láthair tá OAA ag obair i gcomhpháirt le Pobalscoil Naomh Tiarnán Bhaile Amhlaoibh agus le Meánscoil na Trócaire Inse Chór maidir lena Clár Idirbhliana. Chomh maith leis sin, chun tacú lena thiomantas d’fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, tá an OAA ag obair i gcomhpháirtíocht freisin le Gaelcholáiste Reachrann, Domhnach Míde.