Meet Donncha - Assistant Parliamentary Counsel Grade I

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Meet Donncha - Assistant Parliamentary Counsel Grade I

Meet Donncha

Donncha gives us insight into his career as Assistant Parliamentary Counsel Grade I in the Office of the Parliamentary Counsel to the Government.

Inis dúinn beagán faoi do ról.

I mo dhréachtóir parlaiminte dom, is é an cúram atá orm sainseirbhís dlí a chur ar fáil don Rialtas maidir le reachtaíocht phríomha agus thánaisteach a dhréachtú.

I mbeagán focal, cuidíonn dréachtóir parlaiminte le dlí a dhéanamh de bheartais nua.

A luaithe a cheadaíonn an Rialtas togra reachtach nua i bprionsabal, faighimid treoracha ó ranna Rialtais maidir leis na hathruithe reachtacha is mian leo a dhéanamh. Oibrímid i gcomhar leis an Roinn ansin chun píosa reachtaíochta a chruthú a thugann éifeacht dhlíthiúil don athrú beartais is mian leo a dhéanamh.

Oibrímid i gcomhar freisin le Ranna i ndáil le hathruithe ar dhlí na hÉireann a cheanglaítear le bearta an AE.

Bím ag obair ar reachtaíocht ceithre roinn de ghnáth: An Roinn Sláinte; An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála; An Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta; An Roinn Coimirce Sóisialaí. Ciallaíonn sé sin go mbaineann éagsúlacht le mo chuid oibre agus gur minic a chuirtear ábhair reachtacha nua i láthair chun dul i ngleic leo.

Cén fáth a ndearna tú iarratas ar do ról?

Bhí spéis agam sa deis mo cháilíochtaí agus mo shaineolas dlí a úsáid ar mhaithe leis an Stáit. Níl sa reachtaíocht ach bealach amháin a dtugann an Stát aghaidh ar na dúshláin iomadúla atá os a chomhair, ach is bealach tábhachtach é agus shíl mé go bhféadfainn cur leis ar bhealach éigin.

Céard í an ghné is fiúntaí dar leat faoi do phost?

Taitníonn liom an chaoi a mbraithim nuair a bhíonn mé báite i mo chuid oibre, agus spreagtha ag mo chuid oibre. Tá an pholaitíocht agus an dlí araon i gceist leis an bpost agus coinníonn an dá ghné sin an tábhacht phoiblí shoiléir a bhaineann leis an obair i d’intinn. Cé gur féidir brú a bheith i gceist leis an bpost uaireanta (go háirithe ag deireadh seisiúin reachtaigh), is furasta luach, fiúntas agus tábhacht an dlí phoiblí agus na hoibre reachtaí a fheiceáil an tráth sin, rud a fhágann go bhfuil sé níos éasca teacht aniar a bheith ionat agus díriú ar sholáthar.

Céard iad cuid de na buntáistí agus na tacaíochtaí atá ar fáil duit?

Tacaíonn an Oifig go mór le comhghleacaithe oiliúint sheachtrach ar mian leo tabhairt fúthu a dhéanamh. Bhí an deis agam ard-dioplómaí a chur i gcrích i réimse ábhar dlí, agus taisteal go hidirnáisiúnta chun freastal ar chomhdhálacha agus ar sheimineáir ábhartha, agus tacaíocht iomlán agam ón oifig. Tá sé sin taitneamhach ina cheart féin ach chuir sé le fairsinge mo chuid scileanna agus mo chuid eolais i mo dhlíodóir dom freisin.

Cé go bhfuiltear ag súil go n-oibreoidh comhghleacaithe san oifig go lánaimseartha sa chéad bhliain, is mór agam freisin go bhfuilim ábalta oibriú ón mbaile ar feadh 2 lá sa tseachtain. Is ar bhonn deonach atá sé sin ach oireann sé domsa go pearsanta agus ní dhéanaim talamh slán de.

Céard iad na deiseanna atá faighte agat de bharr an róil seo?

Tugadh an deis dom páipéir a chur i láthair ar ábhair a bhain le dréachtú reachtaíochta ag comhdhálacha in Washington DC, sa Bhruiséil agus sa tSaimbia. Ní raibh aon ról eile agam ina raibh na deiseanna céanna agam.

Céard a chuir iontas ort ó thosaigh tú sa ról seo?

Nuair a thosaigh mé, bhí an-iontas orm faoi chaighdeán gairmiúlachta agus inniúlachta mo chomhghleacaithe. Tá steiréitíopa áirithe seanchaite agus diúltach ann maidir le státseirbhísigh, ar mó seans go dtabharfadh daoine lasmuigh den oifig leo é ná mar a dtabharfaidís aon ní dearfach faoi státseirbhísigh leo. Tá sé faighte amach agam nach bhfuil bunús ar bith leis na steiréitíopaí sin, agus is minic a chuireann sé iontas orm cé chomh fuinniúil, eolach agus tiomanta atá mo chomhghleacaithe.

Cén ghné den ról is mó a thaitníonn leat?

Sílim gur beag ról níos cruthaithí atá ar fáil i réimse na hoibre dlí ná obair na ndréachtóirí parlaiminte – iarrtar ort i gcónaí féachaint ar shaincheisteanna ó gach taobh den scéal, réitigh a cheapadh ar fhadhbanna deacra, agus dúshlán a thabhairt do do smaointeoireacht féin. Ní minic a fhaightear obair dlíodóra chomh tarraingteach agus spreagúil leis.

An molfá gairm san earnáil phoiblí agus cén fáth?

Mholfainn go mór gairm sa tseirbhís phoiblí. Go háirithe mar dhlíodóir, níl a shárú le fáil i dtaobh éagsúlacht agus cáilíocht na hoibre, dar liom. Tá sé éasca do luachanna pearsanta agus gairmiúla a thabhairt le chéile, agus is éasca atá sé toradh agus tábhacht do chuid oibre a fheiceáil.

An bhfuil aon rud eile ar mhaith leat a roinnt?

Níl.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat