Meet Gary - Advisory Counsel Grade III

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Meet Gary - Advisory Counsel Grade III

Meet Gary

Gary gives us insight into his career as Advisory Counsel (Grade III) in the Office of the Attorney General.

Inis dúinn beagán faoi do ról.

Thosaigh mé le hOifig an Ard-Aighne i mí Eanáir 2026 i ndiaidh dom socrúchán cliniciúil a chríochnú in 2014. I mo Abhcóide Comhairleach dom cuidím leis an Ard-Aighne a dhualgas bunreachtúil a chomhlíonadh faoi Airteagal 30 de Bhunreacht na hÉireann ina chomhairleoir dlí dó don rialtas. Chuige sin cuirim comhairle ar fáil maidir le ceisteanna dlí ó ranna rialtais, comhordaím dlíthíocht a bhaineann leis an Stát, agus cuirim mo chuid barúlacha ar fáil maidir le dréacht-reachtaíocht chun a chinntiú go bhfuil sí láidir ó thaobh an dlí de agus go bhfuil sí iontaofa ó thaobh an bhunreachta de.

Cén fáth a ndearna tú iarratas ar do ról?

Bhain mé céim Baitsiléir sa Dlí Sibhialta (Dlí agus Gaeilge) amach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh chun go mbeinn i m'abhcóide ag cleachtadh i réimse an dlí phoiblí lá éigin. Mheas mé i gcónaí gur bealach é an dlí trína bhféadfaí an leas coiteann agus ceartas aonair a bhaint amach, agus tá barúil agam go gceapfadh go leor daoine gur tuairim é sin atá seanaimseartha. Mar thoradh air sin, dhírigh mé ar réimsí amhail cearta daonna agus ceartas bunreachtúil, ar réimsí iad trína bhféadfainn mo dhícheall a dhéanamh difríocht a dhéanamh. Bhí an-ádh orm an réimse dlí sin a chleachtadh agus mo ghairm a bhaint amach ann ar feadh roinnt mhaith blianta.

Thug an chéim Baitsiléir sa Dlí Sibhialta, áfach, deis dom socrúchán cliniciúil a dhéanamh in Oifig an Ard-Aighne in 2014 freisin inar fhoghlaim mé faoi ról na nAbhcóidí Comhairleacha agus faoin gcaoi a n-oibríonn an ról sin. Rith sé liom go raibh go leor de na gnéithe a theastaigh uaim ó ghairm ag an mBarra le fáil in Oifig an Ard-Aighne féin áit ina raibh cleachtóirí dlí, a bhí ag feidhmiú ag na leibhéil is airde i gcleachtas príobháideach tráth, ag obair le chéile chun freastal ar mhuintir na hÉireann. Ba phost é lenar bhain go leor cásanna suimiúla, agus daoine iontacha a thuig an bhrí cheart a bhaineann le comhghleacaíocht. Ach faraor ní mór gairm a bheith agat roimh ré sa chleachtas dlí ionas go gcuirfí san áireamh thú fiú don ról. Mar sin, chuir mé na ceachtanna a d’fhoghlaim mé le linn mo thréimhse gearr san Oifig i bhfeidhm sa chleachtas príobháideach le súil go mbeinn in ann iarratas a dhéanamh lá breá éigin. Go deimhin féin, tháinig comórtas aníos ar deireadh thiar agus tá mé anseo anois.

Céard í an ghné is fiúntaí dar leat faoi do phost?

An éagsúlacht mhór a bhaineann leis na cásanna dlí phoiblí a mbímid ag obair orthu. Ní bhíonn lá leadránach riamh sa phost seo (bíodh sé lena leas nó lena aimhleas). Bíonn tú ag plé le saincheisteanna tábhachtacha dlí agus le comhaid thar a bheith íogair gach aon lá; is leis na cineálacha cásanna a bhféadfá a bheith ag tabhairt comhairle ina leith uair amháin i do ghairm dlí i gcleachtas príobháideach is mó a bhíonn muid ag plé. Cibé an ceist bhunreachtúil casta é a bhfuil impleachtaí fadréimseacha aige maidir leis an gcaoi a gcaithimid lena chéile nó an reachtaíocht nua é lena ndéantar athmhúnlú ar an gcaoi a n-oibríonn ár gcóras, ní mór duit do dhícheall a dhéanamh agus spreagann sé sin tú barr do chumais a bhaint amach.

Céard iad cuid de na buntáistí agus na tacaíochtaí atá ar fáil duit?

Tá Oifig an Ard-Aighne tiomanta go mór d'fhorbairt ghairmiúil leanúnach a foirne agus cuireann sí maoiniú ar fáil dúinn chun freastal ar chúrsaí nó ar chomhdhálacha go rialta chun go mbeidh an t-eolas is déanaí againn ar na forbairtí dlí is déanaí. Tá deis ann freisin staidéar a dhéanamh ar theangacha chun cur níos mó lenár scileanna cumarsáide; trína dtugtar deis dúinn cumarsáid níos fearr a dhéanamh lenár gcomhghleacaithe/leithéidí san AE.

Thar aon ní eile, sílim gurb é ár gcomhghleacaíocht ceann de na struchtúir tacaíochta is fearr atá againn in Oifig an Ard-Aighne. Is éard atá iontach go deo faoin áit seo ná an chothromaíocht oibre is saoil a chuirtear chun cinn ann, lena dtugtar am do gach aon duine againn tabhairt faoinár gcaitheamh aimsire féin agus tacaímid le hiarrachtaí a chéile. Tá roinnt grúpaí sóisialta againn a thagann le chéile go rialta agus tá an-iomaíocht ag baint lenár gclub reathaíochta. I ndeireadh na dála, is foireann dlíodóirí poiblí tiomnaithe muid a bhfuil leasanna coiteanna againn agus a thugann tacaíocht dá chéile ar bhealaí éagsúla.

Céard iad na deiseanna atá faighte agat de bharr an róil seo?

Feicfidh tú go mbaineann go leor taistil le do chuid oibre agus do chuid oiliúna de réir mar a théann tú ar aghaidh. Bhí an t-ádh orm go raibh an deis agam taisteal go Lucsamburg chun páirt a ghlacadh i Réamhtharchur agus teacht os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ní mór duit fios do ghnó a bheith agat i gcás cineál dlíthíochta ardriosca mar é agus is eispéireas an-luachmhar é a bheith ag an mbord le do chomhghleacaithe do chás dá leithéid. Thug mé cuairt freisin ar an Aontas Eorpach agus ar Bhuanionadaíocht na hÉireann chuig Institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil mar chuid dár gclár oiliúna iasachta. D’fhág an cleachtadh bailithe eolais agus comhroinnte faisnéise sin go rabhamar in ann bualadh lenár gcomhghleacaithe ar iasacht agus lenár leithéidí san Eoraip chun tuilleadh léargais a fháil ar an tionchar a bhíonn ag dlí an Aontais ar gach rud a dhéanaimid. Measann an Oifig go bhfuil deiseanna dá leithéid ina gcuid ríthábhachtach de d'fhorbairt mar Abhcóide Comhairleach agus gur deiseanna iad a cheart a chur chun cinn i measc iontrálaithe nua.

Céard a chuir iontas ort ó thosaigh tú sa ról seo?

Ní dóigh liom go raibh an t-eolas céanna agam ar an tábhacht a bhaineann le hiasacht i saol Abhcóide Chomhairligh. Ceann de na gnéithe is suimiúla den ról seo is ea an iasacht trína gcuirtear chuig roinn rialtais tú mar chomhairleoir ar an láthair tar éis tréimhse ama a chaitheamh san Oifig (idir bliain agus ocht mí dhéag de ghnáth) agus tar éis oiliúint a bheith faighte agat ar ár nósanna imeachta agus ar ár ndearcadh i dtreo comhairle dlí. Tugann sé deis duit tú féin a leabú in obair roinne rialtais agus comhairle a chur ar fáil go díreach don chliant. Tugann sé tuiscint níos fearr duit ar na cuspóirí beartais agus ar an ról atá agat maidir leis an méid sin a éascú trí threoir dlí a chur ar fáil maidir leis an gcaoi a bhféadfaí é a bhaint amach. Bhí an clár iasachta ina thús nuair a rinne mé mo thréimhse intéirneachta san Oifig seo agus feictear dom anois, agus mé tagtha ar ais sa ról seo, chomh tairbheach agus a bhí sé do mo chomhghleacaithe ó thaobh taithí de. Is cuid iontach amach agus amach de do ghairm mar Abhcóide Comhairleach é nár thuig mé i gceart roimhe seo.

Cén ghné den ról is mó a thaitníonn leat?

De réir mar thagann forbairt ort i do ról, is cinnte go ngnóthóidh tú speisialtóireacht laistigh de do ghrúpa agus sannfar comhaid den chineál céanna duit le himeacht ama. Nuair a bheidh tú ag déileáil le ceisteanna dlíthíochta tabharfaidh sé deis duit dearcadh iomlánaíoch a bheith agat i ndáil leis na saincheisteanna agus cuimhneamh ar an mbord iomlán maidir le straitéisiú ar chur chuige. Ní hamháin go mbíonn tú ag féachaint ar an dlí trí lionsa cáis amháin nó trí lionsa sraith cásanna ach féachann tú air trí na ceisteanna níos leithne ar gnách iad maidir le gach a bhaineann le hoibriú an chórais féin agus mar sin is féidir leat comhairle a thabhairt agus na ceisteanna níos leithne sin san áireamh. Is annamh dearcadh den sórt sin a fháil sa chleachtas príobháideach agus is mór an sásamh é a bheith in ann comhairle a thabhairt maidir ceisteanna dá leithéid.

An molfá gairm san earnáil phoiblí agus cén fáth?

Cinnte mholfainn. Sílim go bhfuil go leor mac léinn dlí agus dlíodóirí óga nach bhfuil ar an eolas faoi na deiseanna iontacha atá ar fáil dóibh san earnáil phoiblí agus bíonn siad míshásta leis na conairí gairme a chuirtear os a gcomhair go luath ina ngairmeacha. Tá jab an-mhaith déanta ag na gnólachtaí móra tráchtála le deich mbliana anuas nó mar sin á cur féin i láthair mar sprioc nár mhór díriú uirthi agus tú ag tabhairt faoi ghairm dlí. Má tá suim agat sa dlí corparáideach seans gur fearr a d'oirfeadh an saol sin duit. Ach tá i bhfad níos mó i gceist leis an dlí ná sin amháin agus ní dóigh liom go bhfuil a fhios ag a ndóthain dlíodóirí faoi na gairmeacha atá ar fáil dóibh san earnáil phoiblí, bíodh siad in Oifig an Ard-Aighne, mar chuid den aonad dlí i roinn rialtais, nó i sainróil dlí eile. Ní gairm “malartach” sa dlí é; is cheann de na háiteanna is spreagúla é le gairm a bhaint amach, ag obair mar chleachtóir i gcroílár an bheartais agus an dlí. Ní bhuailfeadh dada é!

An bhfuil aon rud eile ar mhaith leat a roinnt?

Ní bhaineann le hábhar

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat