Meet Maeve - Advisory Counsel Grade II
- Foilsithe: 7 Bealtaine 2026
- An t-eolas is déanaí: 7 Bealtaine 2026
Maeve gives us insight into her career as Advisory Counsel Grade II in the Office of the Attorney General.
Inis dúinn beagán faoi do ról.
I m’Abhcóide Comhairleach dom, cuidím leis an Ard-Aighne i gcomhlíonadh a chuid feidhmeanna, cuirim comhairle dlí ar fáil do Ranna Rialtais, stiúraim dlíthíocht agus tugaim comhairle maidir le reachtaíocht nua a fhorbairt.
Cén fáth a ndearna tú iarratas ar do ról?
Cháiligh mé i m’aturnae agus bhain mé an-taitneamh as an dlí a chleachtadh i gcleachtas príobháideach ach bhí an-suim agam a bheith ag obair i réimse an dlí phoiblí den chuid is mó, i bhfianaise na ndeiseanna atá ann speisialtóireacht a dhéanamh sa dlí Bunreachtúil, sa dlí AE agus i ndlí an riaracháin, arb iad fócas obair Oifig an Ard-Aighne.
Céard í an ghné is fiúntaí dar leat faoi do phost?
Tá an-mheas agam ar na daoine a mbím ag obair leo. Gné ar leith den phost seo is ea na daoine díograiseacha iontacha a oibríonn san earnáil phoiblí, iad uile spreagtha ag na luachanna a bhaineann leis an tseirbhís phoiblí agus iad ag cur an saoránach i gcroílár na hoibre a dhéanaimid.
Céard iad cuid de na buntáistí agus na tacaíochtaí atá ar fáil duit?
Cuireann an Oifig deiseanna iontacha oiliúna agus foghlama agus forbartha ar fáil, lena n-áirítear taisteal agus breisoideachas. Tá dioplómaí agus cláir an-spéisiúil curtha i gcrích agam i réimsí nach mbaineann leis an dlí, a chuir go mór le mo mheoin. Tá leas bainte agam freisin as socruithe solúbtha saoire amhail saoire do thuismitheoirí.
Céard iad na deiseanna atá faighte agat de bharr an róil seo?
Bhí an deis agam taisteal i bhfad agus i ngearr, lena n-áirítear go dtí an Bhruiséil, Lucsamburg agus Londain, chun obair a dhéanamh ar thionscadail dlí a bhfuil institiúidí an Aontais Eorpaigh agus tríú tíortha páirteach iontu. Chaith mé dhá bhliain ar iasacht i Roinn Rialtais ag cabhrú leo go díreach chun a sainordú beartais a chur i gcrích, lena n-áirítear reachtaíocht phríomha nua a chur i bhfeidhm. D'oibrigh mé go díreach leis an Ard-Aighne agus le hAirí Rialtais ar shaincheisteanna leathana dlí a bhfuil impleachtaí fadréimseacha acu.
Céard a chuir iontas ort ó thosaigh tú sa ról seo?
Ní raibh a fhios agam go raibh baint ag a Oifig leis an oiread sin mórthionscnamh for-rochtana, lena n-áirítear clár idirbhliana le trí scoil DEIS ó ar fud Chontae Bhaile Átha Cliath, clár socrúcháin intéirneachta le mic léinn dlí ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus scéim rochtana intéirneachta dlí d’fhochéimithe dlí ó ghrúpaí socheacnamaíocha atá faoi ghannionadaíocht i ngairm an dlí. Tá ríméad orm a bheith páirteach i gcur i bhfeidhm cuid de na tionscnaimh sin, agus molaim go mór d'aon mhac léinn ar spéis leis nó léi páirt a ghlacadh iontu d’fhonn léargas a fháil ar chleachtadh an dlí i gcoitinne agus go háirithe ar an obair a dhéanann an Oifig.
Cén ghné den ról is mó a thaitníonn leat?
Is breá liom go háirithe a bheith ag comhoibriú le státseirbhísigh ó Ranna Rialtais agus le mo chomhghleacaithe in Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas maidir le tograí reachtacha nua a fhorbairt. Bíonn an t-ábhar fadréimseach agus bíonn na saincheisteanna dlí a thagann chun cinn suimiúil agus caolchúiseach.
An molfá gairm san earnáil phoiblí agus cén fáth?
Mholfainn go mór gairm san earnáil phoiblí. Is pribhléid amach agus amach é a bheith in ann a bheith ag obair ar thús cadhnaíochta i saincheisteanna dlí a mbaineann tábhacht bhunúsach leo don saoránach agus don Stát.
An bhfuil aon rud eile ar mhaith leat a roinnt?
Táim iontach sásta go ndearna mé an t-aistriú chuig obair a dhéanamh san earnáil phoiblí agus go háirithe in Oifig an Ard-Aighne, agus táim an-sásta labhairt le hiarratasóirí a bhfuil spéis acu sa ról faoi ghnéithe de ar mhaith leo tuilleadh faisnéise a fháil ina leith.