Meet Sorcha - Assistant Parliamentary Counsel Grade I

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Meet Sorcha - Assistant Parliamentary Counsel Grade I

Meet Sorcha

Sorcha gives us insight into her career as Assistant Parliamentary Counsel Grade I in the Office of the Parliamentary Counsel to the Government.

Inis dúinn beagán faoi do ról.

Is é an ról uileghabhálach atá ag Dréachtóir Parlaiminte reachtaíocht d’ardchaighdeán, chomhsheasmhach agus inrochtana a chur ar fáil do Ranna Rialtais agus, ar deireadh thiar, do shochaí na hÉireann ina hiomláine. I mo ról, in éineacht le mo chomhghleacaithe, dréachtaím Billí Rialtais, leasuithe, Ionstraimí Reachtúla agus, uaireanta, leasuithe ar an mBunreacht.

Éilítear ardchaighdeán cruinnis agus soiléireachta sa ról. Díríonn mo chuid oibre ar a chinntiú go bhfuil an reachtaíocht fónta ó thaobh an dlí de, go bhfuil sí soiléir

agus gur léargas ceart í ar bheartas an Rialtais.

Oibrím i ndlúthchomhar freisin le hAbhcóidí Comhairleach i bhforbairt reachtaíochta, rud a chuidíonn lena chinntiú go gcomhlíontar ceanglais bhunreachtúla agus ceanglais an Aontais Eorpaigh le linn an phróisis dréachtaithe.

Cén fáth a ndearna tú iarratas ar do ról?

Nuair a bhí mé i m’abhcóide ag cleachtadh mo gairme, bhí cur amach agam cheana féin ar an reachtaíocht agus ar an ról atá aici i múnlú an dlí. Tarraingíodh mé i dtreo an phoist mar go bhfuil meascán d’anailís dhlíthiúil agus an dúshlán intleachtúil a bhaineann le dréachtú i gceist leis; bíonn réiteach fadhbanna, beachtas agus an cumas reachtaíocht láidir a dhéanamh as beartas ag teastáil chun dréachtú a dhéanamh. Bhí an deis a bheith ag obair ar thús cadhnaíochta sa phróiseas reachtach thar a bheith tarraingteach.

Mealladh freisin mé mar gheall go bhfuil scoth na ndlíodóirí san Oifig, idir abhcóidí agus aturnaetha, agus mar gheall ar an gcáil láidir atá uirthi as a gairmiúlacht agus a barr feabhais.

Céard í an ghné is fiúntaí dar leat faoi do phost?

Is é an rud is mó a thaitníonn liom faoi mo ról ná go mbíonn an-spreagadh intleachtúil ag baint leis agus go mbíonn sé dúshlánach i gcónaí. Bíonn a chastacht féin ag baint le gach píosa reachtaíochta, agus bíonn fíorghné réitigh fadhbanna i gceist chun a chinntiú go mbíonn an píosa reachtaíochta chomh foirfe agus is féidir agus go ndéantar dréachtú soiléir, beacht agus fónta ó thaobh an dlí de as beartas.

Bíonn foghlaim leanúnach i gceist leis an obair seo freisin. Bíonn orm an réimse ina n-airím ar mo chompord a fhágáil, is é sin réimse an Athbhreithnithe Bhreithiúnaigh agus an dlí choiriúil a raibh an t-eolas is mó agam air ar dtús, agus eolas a chur ar raon leathan réimsí dlí amhail dlí an Aontais Eorpaigh, an dlí cróinéara, an dlí Inimirce, reachtaíocht na Seirbhísí Airgeadais etc., ar réimsí iad a choinníonn an ról éagsúil agus fiúntach ó thaobh na gairmiúlachta de.

Céard iad cuid de na buntáistí agus na tacaíochtaí atá ar fáil duit?

Cuireann an Oifig réimse tacaíochtaí praiticiúla agus gairmiúla ar fáil atá fíorluachmhar chun an ról a chomhlíonadh go héifeachtach. Áirítear orthu sin rochtain ar leabharlann fhairsing dlí, cúnamh ó Thaighdeoirí Dlí sa leabharlann, cúnamh ón Aonad um Eagarthóireacht Reachtach, agus tacaíocht thiomnaithe TF agus Dréachtóra Parlaiminte, a chuireann le hardchaighdeáin ghairmiúlachta agus éifeachtúlachta a choinneáil san Oifig.

Tá tuiscint láidir ar an gcomhghleacaíocht laistigh den Oifig freisin. Tá comhghleacaithe flaithiúil lena gcuid ama agus lena gcuid saineolais, agus tá an timpeallacht oibre fíor-chomhoibríoch, as a bhfuilim an-bhuíoch agus a ndéanaim iarracht cur léi agus aithris a dhéanamh uirthi.

Ar leibhéal pearsanta, is máthair mé atá ag obair agus faighim tacaíocht leanúnach ón Oifig. Tá tuiscint san oifig ar an ngá atá le cothromaíocht idir freagrachtaí gairmiúla agus saol an teaghlaigh, agus is fóinteach an tacaíocht sin agus cumasaíonn sé mé, go háirithe mar go bhfuil obair chumaisc ar fáil.

Céard iad na deiseanna atá faighte agat de bharr an róil seo?

Chuir an ról seo deiseanna móra ar fáil maidir le forbairt ghairmiúil agus dul chun cinn. Tá tairbhe bainte agam as réimse clár oiliúna agus sainchúrsaí, go leor díobh a bhíonn lasmuigh den láthair oibre nó thar lear, ar cláir agus cúrsaí iad a chuir ar mo chumas mo shaineolas dlí a dhoimhniú agus a leathnú. Cuirtear foghlaim leanúnach ar fáil freisin leis an obair, trína bhfaighim taithí ar réimsí dlí nach raibh cleachtadh agam orthu roimhe seo, ag cur le m’eolais agus le mo thaithí araon.

Ceann de na gnéithe tábhachtacha de mo ról is ea cur le hoiliúint agus le meantóireacht comhghleacaithe sóisearacha, ar gné í a mbainim an-sásamh aisti agus a thugann an-léargas dom féin.

Ina theannta sin, cuireann an post ionchais shoiléire maidir le hardú céime agus dul chun cinn gairme fiúntach ar fáil laistigh den Oifig, a chuireann conair ghairme struchtúrtha ar fáil don dul chun cinn gairmiúil fadtéarmach, atá an-spreagúil ann féin ar ndóigh.

Céard a chuir iontas ort ó thosaigh tú sa ról seo?

Is é an rud is mó a chuir iontas orm ná castacht an phróisis reachtaigh agus an leibhéal comhtháthaithe a theastaíonn ar fud an Rialtais. Tá i bhfad níos mó comhoibrithe i gceist le dréachtú reachtaíochta ná mar a thuig mé ar dtús. Teastaíonn dlúth-rannpháirtíocht ina leith, ní hamháin laistigh den Oifig ach le Ranna Rialtais agus le comhlachtaí poiblí eile freisin, trína gcinntítear go ndéantar beartais, ceanglais dhlíthiúla agus breithnithe praiticiúla maidir le cur i bhfeidhm a ailíniú go cúramach agus go ndéantar cíoradh iomlán orthu. Bhí scála an chomhordaithe agus na mionsonraí a bhain leis an bpróiseas sin thar a bheith suntasach, chomh maith leis an doimhneacht taighde a bhí ag teastáil.

Cén ghné den ról is mó a thaitníonn leat?

Bainim sásamh ar leith as an dúshlán intleachtúil a bhaineann leis an obair. Bíonn sraith nua saincheisteanna le réiteach maidir le gach tionscadal dréachtaithe, a mbíonn anailís chúramach agus réiteach fadhbanna ag teastáil ina leith. Tá an fhreagracht reachtaíocht shoiléir agus éifeachtach a dhéanamh as beartas dúshlánach agus tairbheach araon, agus cinntíonn éagsúlacht na réimsí ábhair go leanann an ról de bheith tarraingteach agus spreagúil ó thaobh na gairmiúlachta de.

An molfá gairm san earnáil phoiblí agus cén fáth?

Mholfainn gairm san earnáil phoiblí. Oibríonn gach duine de mo mhuintirse san earnáil phríobháideach, mar sin ní raibh mé lánchinnte ar dtús céard a bhí amach romham. Chuaigh Státseirbhís na hÉireann agus an chaoi a ndíríonn sí ar ionracas agus ar sheirbhís den scoth a sholáthar don Stát i bhfeidhm go mór orm.

Tugadh an deis dom obair a dhéanamh ar cheisteanna a bhfuil fíorthábhacht ag baint leo agus cur le forbairt an bheartais phoiblí agus reachtaíochta.

Cuirtear béim láidir ar an ngairmiúlacht agus ar an ionracas, agus ar thiomantas comhroinnte chun obair ar ardchaighdeán a chur i gcrích.

Ina theannta sin, tá deiseanna soiléire ann maidir le dul chun cinn gairme agus forbairt ghairmiúil, rud a fhágann gur conair ghairme fhadtéarmach thairbheach agus inbhuanaithe í.

Ó thaobh na praiticiúlachta de, is toisc tharraingteach agus thábhachtach freisin iad na córais tacaíochta atá i bhfeidhm d’oibrithe; amhail saoire mháithreachais agus pleananna pinsin den scoth, do dhuine ar bith atá ag smaoineamh ar ghairm san earnáil phoiblí.

An bhfuil aon rud eile ar mhaith leat a roinnt?

Ba mhaith liom aitheantas ar leith a thabhairt don tacaíocht a fhaighim ó mo chomhghleacaithe agus ón gceannaireacht laistigh den Oifig. Tá spiorad láidir comhghleacaíochta agus meas ar a chéile le brath san oifig, a chuireann go mór le timpeallacht dhearfach oibre.

Tá an t-ádh orm a bheith ag obair in éineacht le go leor daoine gairmiúla cumasacha agus flaithiúla, ar ceann de na gnéithe is luachmhaire de mo ról é.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat