Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Comhdháil Dlí Phoiblí OAA agus OPAS 2025

  • Ó: Oifig an Ard-Aighne

  • Foilsithe: 10 Deireadh Fómhair 2025
  • An t-eolas is déanaí: 10 Deireadh Fómhair 2025
Attorneys General

Thionóil Oifig an Ard-Aighne a dara “Comhdháil Dlí Phoiblí Oifig an Ard-Aighne agus Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit”, arna hóstáil ag an Ard-Aighne Rossa Fanning AS, agus ag an bPríomh-Aturnae Stáit, Maria Browne, i Seomra Cruinn Theach an Ard-Mhéara, Déardaoin an 2 Deireadh Fómhair 2025. Bhailigh níos mó ná 500 páirtí leasmhara agus saineolaí ábhartha le chéile ag an gComhdháil, comhaltaí mór le rá de Bhreithiúna Uaschúirteanna na hÉireann, na scórtha Abhcóide Stáit, ó Bharra na Sinsear agus ó Bharra na Sóisear araon, agus príomhionadaithe ó Ranna Rialtais cliaint ina measc. Bhí cohóirt mhóra ó Oifig an Ard-Aighne ar Shráid Mhuirfean (“OAA”) (a áiríonn Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas (“ODP”)) agus ó Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit (“OPAS”) araon i gcuideacht na ngrúpaí sin freisin.

Maria Browne, an Príomh-Aturnae Stáit, a chur tús leis an gComhdháil agus chuir sí fáilte roimh an lucht freastail chuig Teach an Ard-Mhéara. Labhair sí go paiseanta faoi obair Oifig an Príomh-Aturnae Stáit agus faoin bhfreagracht atá ar dhlíodóirí an Rialtais a chinntiú go bhfuil riail an dlí ráthaithe go fóinteach.

I ndiaidh an fhocail fáilte seo, cuireadh tús ceart le himeachtaí le plé idir an tArd-Aighne, Rossa Fanning AS, agus an tArd-Aighne do Shasana agus don Bhreatain Bheag, an Tiarna Richard Hermer AR, ar an ábhar “Dlíodóirí Rialtais agus Riail an Dlí”. Faoi stiúir Margaret Kelleher, Dréachtóir Parlaiminte, clúdaíodh le linn an phlé ábhar amhail an tábhacht atá le riail an dlí, an cúram atá i gceist le comhairle a chur ar Rialtais ar bhealach a chomhlíonann riail an dlí agus an méid a chuireann riail an dlí ní hamháin le sochaí chóir ach le sochaí rathúil freisin.

Chuir an tArd-Aighne, Rossa Fanning AS, in iúl go raibh mórtas go háirithe air a bheith:

“…the legal adviser to a Government that is wholly committed to the rule of law, both domestically and internationally, and always seeks to adhere to it.”

[“…ina chomhairleoir dlí ag Rialtas atá tiomanta go hiomlán do riail an dlí, anseo sa bhaile agus go hidirnáisiúnta araon, agus a fhéachann i gcónaí cloí leis.”]

Ba iad Iar-Uachtarán na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, Síofra O’Leary, agus Príomh-Bhreitheamh na hÉireann, Donal O’Donnell, na príomhchainteoirí ag an dara seisiún. Thug na cainteoirí a ndearcadh féin maidir leis an téama “Meas ar Chearta agus ar Luachanna in Eoraip atá Casta: Dearcthaí Náisiúnta agus Fornáisiúnta”, sula ndeachaigh siad i mbun plé ina dhiaidh sin ar phainéal in éineacht le Jonathan Buttimore, Abhcóide Comhairleach in Oifig Ard-Aighne na hÉireann.

Mar chuid den chomhrá, a bhí faoi stiúir agus faoi chathaoirleacht Christine Comiskey, Príomh-Aturnae Stáit Cúnta, clúdaíodh ábhar ríthábhachtach amhail an ceangal idir creataí dlí náisiúnta agus fornáisiúnta, an corrlach breithmheasa a thugtar do chúirteanna náisiúnta agus inniúlachtaí na gcúirteanna náisiúnta chun ceisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm fornáisiúnta féideartha a chinneadh.

Chuir Damien Moloney, Ard-Stiúrthóir Oifig an Ard-Aighne, clabhsúr leis an gComhdháil, agus ghabh sé buíochas leis na rannpháirtithe as a gcuid tuairimí agus smaointe a roinnt. Leag sé béim ar luach criticiúil agus ar fhóntas obair Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit agus Oifig an Ard-Aighne i réimse an dlí phoiblí.

Bhí lón líonraithe ann i ndiaidh na Comhdhála.

Seo an dara huair riamh a bhfuil imeacht chomh mór agus chomh uaillmhianach óstáilte ag Oifig Ard-Aighne na hÉireann agus Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit, ach ní fada go mbeidh sé ina ócáid bhliantúil i bhféilire dlí na hÉireann agus é ina phríomhfhóram le haghaidh díospóireacht agus dioscúrsa dlí phoiblí.

Audience 1
Síofra O'Leary

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat