An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo.
Is í Maria Browne an Príomh-Aturnae Stáit. Fuair sí a cuid oideachais i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus i nDlí-Chumann Corpraithe na hÉireann agus cháiligh sí mar aturnae sa bhliain 1987.
Thosaigh Maria le OPAS sa bhliain 1993 ó chleachtas ginearálta inar shainfheidhmigh sí i maoin tráchtála. Bhí sí i gceannas ar Rannóga Tearmainn agus Seirbhísí Dlí agus Maoine Stáit na hOifige roimhe sin sular ceapadh ina Príomh-Aturnae Stáit í sa bhliain 2017.
Is Oifigeach Poiblí Ainmnithe í Maria faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015: féach www.lobbying.ie