An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo.
Seirbhísí Corparáideacha
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
- An Rannóg Tacaíochta Corparáidí agus Cumarsáide
- An Rannóg Airgeadais
- An Rannóg Acmhainní Daonna
- An Rannóg Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide
- An tSeirbhís Eolais agus Faisnéise
- An Rannóg Seirbhísí Oifige
- Rannóg na dTaifead agus na Clárlainne
- An Rannóg Rialála agus Comhlíonta
- An Rannóg Tacaíochta Dlí
An Rannóg Tacaíochta Corparáidí agus Cumarsáide
Déanann an Rannóg Tacaíochta Corparáidí agus Cumarsáide bainistíocht ar chúrsaí corparáideacha agus ar chumarsáid straitéiseach na hOifige.
I measc na bpríomhfhreagrachtaí tá bainistíocht Ceisteanna Parlaiminte, fiosrúcháin ón gCoiste um Chuntais Phoiblí, an Tuarascáil Bhliantúil, an Ráiteas Straitéise agus ceanglais tuairiscithe corparáideacha eile, chomh maith le rannpháirtíocht shoiléir, chomhsheasmhach agus thrédhearcach a chur chun cinn le lucht féachana inmheánach agus seachtrach araon.
Soláthraíonn an Rannóg tacaíocht riaracháin don Bhord Bainistíochta freisin, lena n-áirítear an Príomh-Aturnae Stáit.
An Rannóg Airgeadais
Bainistíonn an Rannóg Airgeadais airgeadas OPAS agus cinntíonn sí go bhfuil rialuithe airgeadais éifeachtacha i bhfeidhm. Is é Ionad Seirbhísí Comhroinnte Párolla na Roinne Airgeadais a bhainistíonn párolla agus taisteal agus cothú.
An Rannóg Acmhainní Daonna
Tá an Rannóg Acmhainní Daonna freagrach as cleachtas forásach AD a fhorbairt agus a chur chun feidhme in OPAS. Tacaíonn an tAonad Oiliúna agus Forbartha le forbairt ghairmiúil leanúnach bhaill foirne OPAS, trí dheiseanna seachtracha oideachais agus oiliúna a sholáthar agus trí imeachtaí inmheánacha dlíthiúla FGL.
An Rannóg Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide
Tá an Rannóg TFC freagrach as córais crua-earraí agus bogearraí OPAS a bhainistiú, a fhorbairt agus a chothabháil, lena n-áirítear a chórais bainistíochta cásanna, táirgiúlachta oifige agus chumarsáide.
An tSeirbhís Eolais agus Faisnéise
Soláthraíonn an tSeirbhís Eolais agus Faisnéise seirbhísí leabharlainne, faisnéise, eolais agus taighde dlí do bhaill foirne OPAS. Soláthraíonn an tSeirbhís rochtain don fhoireann dlí ar réimse leathan acmhainní faisnéise dlí ar líne, cuireann sí oiliúint i scileanna faisnéise agus eolais ar fáil, agus bainistíonn sí inlíon agus suíomh gréasáin OPAS.
An Rannóg Seirbhísí Oifige
Tá an Rannóg Seirbhísí Oifige freagrach as áitribh agus saoráidí a bhainistiú, sláinte agus sábháilteacht, agus cuireann sí raon seirbhísí tacaíochta ar fáil do bhaill foirne OPAS freisin.
Rannóg na dTaifead agus na Clárlainne
Tá Rannóg na dTaifead agus na Clárlainne freagrach as bainistíocht a dhéanamh ar chomhaid pháipéir agus leictreonacha OPAS agus as beartas agus comhlíonadh na bainistíochta taifead.
An Rannóg Rialála agus Comhlíonta
Tá an Rannóg Rialála agus Comhlíonta freagrach as a chinntiú go bhfuil cleachtais ghnó OPAS ag comhlíonadh a cuid oibleagáidí dlíthiúla agus rialála.
An Rannóg Tacaíochta Dlí
Cuireann an Rannóg Tacaíochta Dlí tacaíocht riaracháin ar fáil do fhoirne dlí na hOifige chun seirbhísí dlí a sholáthar go héifeachtúil agus go héifeachtach.