Faisnéis ar féidir rochtain a fháil uirthi go rialta
- Foilsithe: 1 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Coinnítear na haicmí taifead seo a leanas san Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh.
Riarachán inmheánach:
Baineann bainistíocht laethúil na hOifige le taifid sa chatagóir sin, amhail tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú agus mar sin de.
Riarachán achomharc:
Áirítear i dtaifid sa chatagóir seo ábhar staidrimh ar achomhairc, atá ar fáil sa Tuarascáil Bhliantúil.
Reachtaíocht achomharc:
Áirítear ar na taifid Achtanna agus Rialacháin agus breithiúnais ábhartha Cúirte.
Loga Nochta Saorála Faisnéise:
Iarratais Neamhphearsanta ó 2015 go dtí seo:
Achoimre ar Iarratais Neamhphearsanta Saorála Faisnéise chuig an Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh ó Eanáir 2015 go dtí seo:
- Loga Nochta Saorála Faisnéise (Iarratais Neamhphearsanta)
Arna uasdátu an 5 Feabhra 2019
| Dáta an Iarratais | Catagóir an Iarratasóra | An Cinneadh a Rinneadh | Dáta an Fhreagra | ||
| 30/01/2018-9931 | Iriseoir | Bronnta | 27/02/2018 | ||
| 14/11/2018-11910 | Eagraíocht | Diúltaithe | 11/12/2018 | ||
| 13/12/2018-12093 | Eagraíocht | Bronnta | 15/01/2019 |
Taifid phearsanta:
Áirítear leis na taifid sa chatagóir seo córas rianaithe ríomhairithe ina bhfuil faisnéis phearsanta teoranta chun monatóireacht a dhéanamh ar achomhairc, comhfhreagras a bhaineann le hachomhairc agus athbhreithnithe ar achomhairc, cóipeanna de chinntí agus mar sin de. Beidh an chuid is mó den fhaisnéis phearsanta a bhaineann leis an achomharc ar an gcomhad atá i seilbh na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.
Tá an tAcht um SF deartha chun rochtain phoiblí a cheadú ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí NACH mbíonn ar fáil de ghnáth trí fhoinsí eile.
Arna athrú: 5 Feabhra 2019.