Straitéis OPW um an mBithéagsúlacht
- Foilsithe: 24 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 24 Iúil 2025

Téacs: Leagtar amach i Straitéis OOP um an mBithéagsúlacht rún na heagraíochta maidir leis an mbithéagsúlacht ar fud a cuid oibríochtaí a chosaint, a chur chun cinn agus a fheabhsú.
Is é an tuarascáil straitéise an treochlár do phríomhobair Aonad Bithéagsúlachta OOP.
Sa straitéis, gheofar 50 beart roinnte ina 5 cholún gníomhaíochta, atá mar bhonn lenár gcúig cinn de ghrúpaí oibre:
- Pleanáil don Dúlra;
- Ceannairí Nádúrtha:
- Comhoibriú leis an Uisce agus leis an bhFiadhúlra;
- Bithéagsúlacht d'Aon Ghnó
- Eolas Nádúrtha;
agus laistiar díobh seo uile tá Grúpa Stiúrtha OOP um an Straitéis Ghníomhaíochta Bhithéagsúlachta.
Cuid ríthábhachtach d'fhorbairt na straitéise seo ab ea rannpháirtíocht shuntasach na foirne, rud a léiríonn an rannchuidiú dearfach a fuarthas ó go leor ball foirne ar fud OOP. Chabhraigh sé seo leis an mbunsraith a leagan síos do chur i bhfeidhm na straitéise agus le feabhsú a dhéanamh ar an tuiscint ar ról na bithéagsúlachta in go leor gnéithe de réimsí sainchúram OOP. Ar fud gach réimse den bhainistíocht réadmhaoine, de sheirbhísí oidhreachta, agus de bhainistiú riosca tuilte, cuireann OOP tionscnaimh éagsúla i gcrích agus tugann sé faoi chleachtais oibre ar leith chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus a chur chun cinn.
Tá deis ar leith ag OOP ról ceannaireachta a ghlacadh sa chomhrac in aghaidh chailliúint na bithéagsúlachta in Éirinn. Leagtar amach sa straitéis seo fís shoiléir na heagraíochta don todhchaí agus na bearta a dhéanfaidh foireann OOP sna blianta amach romhainn mar chabhair le cinntiú go ndéantar an bhithéagsúlacht a chosaint do na glúine a thiocfaidh inár ndiaidh.
Pleananna Náisiúnta um an mBithéagsúlacht
Aithnítear sa straitéis seo bearta straitéiseacha chun cabhrú linn beartas an Rialtais a sheachadadh trí chur le seachadadh an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um an mBithéagsúlacht[1]. Leagaimid amach ár mbearta straitéiseacha faoi théamaí ar leith. Cuimsítear sna téamaí ár bhfoirne agus ár dtimpeallachtaí uile. Tá na bearta dírithe ar bhealaí inar féidir linn cur lenár gcur chuige i leith bhreisiú na bithéagsúlachta.
Beartas Idirnáisiúnta
Leagann conarthaí agus treoracha idirnáisiúnta, a thrasuítear i mbeartas agus i ndlí náisiúnta, oibleagáid ar Éirinn an bhithéagsúlacht a chosaint. Cé go socraíonn CBD an comhthéacs gníomhaíochta domhanda, ceanglaíonn sé, leis, ar na páirtithe conarthacha go léir straitéisí náisiúnta agus pleananna gníomhaíochta a fhorbairt maidir le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta. Socraíonn Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030[2], ar a seal, spriocanna a bheidh mar bhonn eolais ag CBD do bhallstáit AE. Thrasuigh Éire é seo ina bheartas intíre tríd an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um an mBithéagsúlacht.
Uaslódálacha: Straitéis OOP um an mBithéagsúlacht agus an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um an mBithéagsúlacht
Leathanach Áiteanna Slána don Fhiadhúlra
Ceannteideal: Áiteanna Slána don Fhiadhúlra
[1] www.npws.ie/sites/default/files/files/4th_National_Biodiversity_Action_Plan.pdf
[2] https://environment.ec.europa.eu/strategy/biodiversity-strategy-2030_en