Crios Oidhreachta
- Foilsithe: 16 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 27 Lúnasa 2025
Céim isteach san Am atá Thart – Go Fíorúil!
Fáilte go dtí Crios VR ag Seastán Treabhdóireachta Oifig na nOibreacha Poiblí
Faigh blaiseadh ar oidhreacht shaibhir na hÉireann – díreach anseo ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta! Tugann Oifig na nOibreacha Poiblí cuireadh duit dul isteach inár gCrios Réaltachta Fíorúla, áit a dtagann an stair chun beatha trí theicneolaíocht thumthach cheannródaíoch.
🎥 Gan scuaine. Ní gá a bheith buartha faoin aimsir. Mar a bheadh draíocht ann.
A bhuí lenár gcomhpháirtíocht le My360Town, tá cuid de na Láithreáin Oidhreachta is clúití in Éirinn atá á mbainistiú ag Oifig na nOibreacha Poiblí tagtha chun beatha le heispéireas idirghníomhach 360°. Cuir fearas cinn VR ort agus faigh taithí ar shuíomhanna áille cosúil le:
- Carraig Phádraig
- Caisleán Chill Chainnigh
- Láthair Mhainistreach Ghleann Dá Loch
- Agus tuilleadh!
🕶 Fiosraigh ar do luas féin — téigh trí hallaí ársa, bain lán na súl as ailtireacht álainn, agus nocht scéalta ceilte ó na céadta bliain anuas. Ní turas amháin é seo, is eachtra amthaistil é a chuireann i gcroílár na sainchomharthaí tíre is luachmhaire in Éirinn thú.
Cén Fáth Cuairt a thabhairt ar an gCrios VR?
✅ Taiscéalaíocht thumthach - Déan do bhealach trí Láithreáin Oidhreachta na hÉireann trí thurais fhíorúla ardghléine amhail is go bhfuil tú i do sheasamh ansin.
✅ Pointí Teagmhála Idirghníomhacha - Foghlaim fíricí spéisiúla trí chliceáil ar phríomhphointí spéise le linn an eispéiris.
✅ Pleanáil do Chuairt ón bhFíorshaol - Faigh inspioráid agus eolas - cuidíonn na turais fhíorúla seo leat do chuairteanna amach anseo a phleanáil le léargas agus muinín.
✅ Spraoi do Chách - Bíodh sé go bhfuil dúspéis agat sa stair, gur leantóir teicneolaíochta thú, nó go bhfuil tú fiosrach, tá rud éigin ann don uile dhuine.
Faoi Anáil na Nuálaíochta
Táimid bródúil a bheith ag obair le My360Town, ceannairí i dteicneolaíocht thumthach turasóireachta, chun an chéad eispéireas VR Oidhreachta seo de chuid OPW a chur os do chomhair ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta. Cuireann a léarscáileanna idirghníomhacha agus a dteicneolaíocht fearas cinn ar ár gcumas ár seoda náisiúnta a thaispeáint ar bhealach iomlán nua — ar bharra do mhéar agat (agus i do shúile!).
📍 Aimsigh muid ag Seastán OPW i Sráidbhaile Rialtas na hÉireann
🗓 I rith an Chomórtais Náisiúnta Treabhdóireachta
🎧 Saor in aisce chun eispéireas a fháil – buail isteach!
Faigh léargas ar an am atá thart — trí theicneolaíocht thodhchaíoch.