English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Athbhreithniú ar an Réamh-Mheasúnú ar an Riosca i gcás Tuilte (PFRA)

  • Ó: Oifig Na nOibreacha Poiblí­

  • Foilsithe: 27 Márta 2025
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 28 Márta 2025
  • dúnadh na haighneachtaí: 25 Aibreán 2025
  • An t-eolas is déanaí: 1 Bealtaine 2025

Consultation is closed

Comhairliúchán neamhreachtúil ar an Athbhreithniú ar an PFRA


Cur síos gearr

Ba é cuspóir an Réamh-Mheasúnaithe Náisiúnta ar an Riosca i gcás Tuilte (PFRA) a bhí ina cheanglas de chuid Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le ‘Tuilte’, limistéir a shainaithint ina bhféadfadh na rioscaí a bhaineann le tuilte a bheith suntasach. Is sna limistéir seo, dá ngairtear Limistéir ina bhféadfadh an Riosca i gcás Tuilte a bheith Suntasach (APSFRanna), nach mór léarscáileanna mionsonraithe tuilte a ullmhú agus bearta a cheapadh chun an riosca seo a bhainistiú agus a laghdú nuair is féidir. Críochnaíodh an réamh-mheasúnú in 2012 tar éis comhairliúchán poiblí. Díríodh sa Chlár Measúnaithe agus Bainistíochta Riosca i gcás Tuilte Dobharcheantair (CFRAM) ar na limistéir a aithníodh sa PFRA.

Déantar an PFRA a athbhreithniú, agus a nuashonrú, más gá, ar bhonn timthriallach. Críochnaíodh an chéad athbhreithniú ar an PFRA (faoin 2ú timthriall de chur i bhfeidhm na Treorach ‘Tuilte’) in 2019. Tá an dara athbhreithniú ar an PFRA (faoin 3ú timthriall forfheidhmithe) déanta anois.

Oifig na nOibreacha Poiblí i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordaithe Náisiúnta um Threoir ‘Tuilte’ a chinn an raon feidhme agus an cur chuige a ghlacfaí i leith athbhreithniú agus nuashonrú, dá mba ghá, an PFRA agus na APSFRanna le haghaidh an 3ú timthriall de chur i bhfeidhm na Treorach ‘Tuilte', faoi fhorbhreathnú Ghrúpa Comhordaithe Idir-rannach an Bheartais Tuilte.

Is éard a bhí i gceist leis an athbhreithniú measúnú réamhaithriseach nuashonraithe, ina n-úsáidtear na léarscáileanna táscacha náisiúnta tuilte atá ar fáil anois, chomh maith le hathbhreithniú ar thuilte san am a chuaigh thart agus comhairliúchán le húdaráis áitiúla agus páirtithe leasmhara ábhartha eile. Sula dtabharfar an tAthbhreithniú ar an PFRA chun críche, rachaidh Oifig na nOibreacha Poiblí i gcomhairle leis an bpobal maidir leis an PFRA agus na torthaí molta.

Tá an Dréacht-Tuarascáil le haghaidh Comhairliúcháin ar an Athbhreithniú ar an PFRA ar fáil anseo.