Dréachtphlean Reachtúil um Oiriúnú Earnála don Athrú Aeráide maidir le Bainistiú Riosca i gcás Tuilte
- Foilsithe: 18 Iúil 2025
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 18 Iúil 2025
- dúnadh na haighneachtaí: 15 Lúnasa 2025
- An t-eolas is déanaí: 18 Iúil 2025
Tá an Comhairliúchán ar oscailt
Achoimre
De bhrí go bhfuil an t-athrú aeráide ag dul i bhfeidhm níos mó agus níos mó ar phatrúin na haimsire, is údar imní mór in Éirinn an riosca tuilte ó thaobh an difear a dhéanann sé do phobail, don bhonneagar, don gheilleagar agus d'éiceachórais. Cé go bhfuil sé riachtanach iarracht a dhéanamh na cúiseanna leis an athrú aeráide a mhaolú, ba cheart d'Éirinn ullmhú chun oiriunú don athrú aeráide. Leagtar béim sa Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe ar a thábhachtaí atá straitéisí réamhghníomhacha i leith bainistiú na rioscaí aeráide. Deirtear ann, "Ní foláir don oiriúnú bheith mar chuid dhílis den phleanáil náisiúnta chun tionchar an athraithe aeráide a íoslaghdú agus athléimneacht a mhéadú". Léiríonn sé sin a riachtanaí atá sé cineálacha cuir chuige struchtúrtha a chruthú chun an riosca tuilte a mhaolú, anois agus feasta, go háirithe agus tarluithe adhaimsire ag éirí níos rialta agus níos géire.
Faoin gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe a ullmhaíodh an Plean seo um Oiriúnú Earnála don Athrú Aeráide maidir le Bainistiú Riosca i gcás Tuilte agus nuashonraíonn sé Plean 2019 le faisnéis a cuireadh ar fáíl le deireanas maidir leis an athrú aeráide agus ar a thionchair fhéideartha, forbairtí i mbainistiú an riosca tuilte ó 2019 i leith agus na Treoirlínte chun Pleananna um Oiriúnú Earnála a ullmhú.
Ullmhaíodh an dréacht-Phlean Reachtúil seo um Oiriúnú Earnála don Athrú Aeráide maidir le Bainistiú Riosca i gcás Tuilte le haghaidh comhairliúchán poiblí. Breithnítear sa Phlean um Oiriúnú Earnála maidir le Bainistiú Riosca i gcás Tuilte tionchar an athraithe aeráide ar thuillte agus ar an riosca tuilte, agus ar bhainistíocht an riosca tuilte. Leagtar amach ann sprioc bhainistiú an riosca tuilte, a chuspóirí agus na bearta oiriúnaithe a theastóidh chun bainistiú éifeachtach agus inbhuanaithe ar an riosca tuilte a chinntiú feasta.
Tá Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Scagadh le haghaidh Measúnú Oiriúnachta ar bun faoi láthair don phlean.
Tá rannpháirtíocht an phobail agus geallsealbhóirí ríthábhachtach ó thaobh straitéisí inbhuanaithe fadtréimhseacha a cheapadh chun bainistiú tuilte a oiriúnú don athrú aeráide. Cuirfidh OOP fáilte roimh gach aighneacht, barúil, agus trácht ar an dréacht-phlean, a chabhróidh chun bonn eolais a chur faoi na bearta pleanáilte a dhéanfaimid chun ár mbeartais um riosca tuilte a oiriúnú chun tionchar féideartha an athraithe aeráide a íoslaghdú.
Conas aighneacht a chur isteach
Geallaimid dul i gcomhar le geallsealbhóirí ar shlí shoiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh duine nó eagraíocht ar bith aighneacht a chur isteach mar chuid den chomhairliúchán seo.
Glacfar le haighneachtaí idir 18 Iúil agus 15 Lúnasa 2025, suas go dtí a 5 tráthnóna. Ní ghlacfar le haighneachtaí lasmuigh den tréimhse chomhairliúcháin seo.
Féadfar aighneachtaí a sheoladh chuig: frmsap@opw.ie nó leis an bpost chuig:-
Oifig na nOibreacha Poiblí, Comhairliúchán Poiblí, Dréachtphlean Reachtúil um Oiriúnú Earnála don Athrú Aeráide maidir le Bainistiú Riosca i gcás Tuilte, 1GQ, Cé Sheoirse, Baile Átha Cliath 2, D02 Y098.
Faisnéis faoi Aighneachtaí a fuarthas
Geallaimid dul i gcomhar le geallsealbhóirí ar shlí shoiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh duine nó eagraíocht ar bith aighneacht a chur isteach mar chuid den chomhairliúchán seo. Ní sholáthrófar freagraí aonair ar aighneachtaí, ach breithneofar gach aighneacht agus aiseolas sula ndéanfar cinntí deiridh.
Tabhair ar aird go mbeidh freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (SF), na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol 2007-2018 (AIE) agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018.
Tabhair ar aird freisin go bhféadfaimis ábhar na n-aighneachtaí go léir a gheofar ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin. Folófar sonraí pearsanta roimh ré. Agus iad ag freagairt don chomhairliúchán seo, ba cheart do pháirtithe é a chur in iúl go soiléir i gcás ina bhfuil faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis rúnda ina gcuid freagraí nár mhaith leo go scaoilfí amach iad faoi Shaoráil Faisnéise, AIE nó go bhfoilseofaí iad ar aon slí eile.
Ba mhaith linn d’aird a dhíriú ar ár bhFógraí faoi Phríobháideacht Sonraí mínítear conas agus cathain a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a dhéanaimid amhlaidh agus conas a chaithimid leis an bhfaisnéis seo. Mínítear ann leis do chearta i dtaca le bailiú eolais pearsanta agus an tslí ar féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.