English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Séanadh Ríomhphoist

Is tostaobhach é an t-eolas atá sa ríomhphost seo agus i gcomhaid ar bith a sheoltar mar cheangaltán leis agus féadfaidh an t-eolas a bheith freisin faoi phribléid dlíthiúil. Is don té nó don eintiteas dá seoltar é amháin atá sé beartaithe agus níl sé beartaithe go mbraithfeadh duine ar bith air gan dearbhú scríofa den ábhar atá ann a fháil dá éis.

Is tuairim phearsanta an seoltóra atá in ábhar an ríomhphoist seo; ní léiríonn sé comhairle, dearcaidh ná tuairimí Oifig na nOibreacha Poiblí. Dá réir sin, séanann Oifig na nOibreacha Poiblí gach freagracht agus ní ghlacann Oifig na nOibreacha Poiblí dliteanas ar bith (trí fhaillí san áireamh) as iarmhairtí do dhuine ar bith mar gheall ar ghníomhú, nó gan gníomhú, ar an ábhar sin sul a bhfaigheann na daoine sin dearbhú scríofa dá éis. Ach go háirithe (ach gan a bheith teoranta uime sin), séanann Oifig na nOibreacha Poiblí gach freagracht agus ní ghlacann Oifig na nOibreacha Poiblí dliteanas ar bith as ríomhphoist ar bith ná as a gceangaltáin atá clúmhillteach, déistineach, ciníoch, nó atá ar bhealach ar bith eile ag sárú cearta duine aonair, ar a n-áirítear sárú muiníne, príobháideachais nó cearta eile.

Sá chás go bhfuair tú an teachtaireacht ríomhphoist seo trí dhearmad, cuir sinn ar an eolas láithreach ag info@opw.ie agus scrios é agus gach cóip de ó do chóras.

Dearbhaítear leis an bhFógra seo gur seiceáladh an teachtaireacht ríomhphost seo le haghaidh víris ríomhaire.