Athbhreithniú ar an Réamh-Mheasúnú ar an Riosca i gcás Tuilte (PFRA)
- Foilsithe: 9 Eanáir 2018
- An t-eolas is déanaí: 17 Meitheamh 2025
Rinneadh an PFRA mar chuid den chéad timthriall chur i bhfeidhm na Treorach Tuilte in 2011 i dtrí chineál cur chuige ar leith:
Anailís Stairiúil: Úsáid a bhaint as faisnéis ar thuilte a tharla san am atá thart.
Anailís Réamhfháistineach: Measúnú ar limistéir a d’fhéadfadh a bheith i mbaol tuilte agus ar an tionchar agus an damáiste a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar thuilte dá sórt.
Comhairliúchán: Úsáid a bhaint as eolas áitiúil agus saineolais na n-údarás áitiúil agus ar ranna agus gníomhaireachtaí eile Rialtais.
Chlúdaigh an PFRA raon foinsí riosca i gcás tuilte, lena n-áirítear abhann (ó aibhneacha), taoide (ó inbhir agus an fharraige), screamhuisce (mar shampla ó thurlaigh) agus báisteach (ó dhianteagmhais báistí, go háirithe i limistéir uirbeacha). Díríodh san PFRA freisin ar an riosca i gcás tuilte a d’fhéadfadh teacht chun cinn ó bhonneagar saorga iompar uisce, amhail taiscumair agus canálacha ardaithe.
Breithníodh san PFRA raon tionchair fhéideartha i gcás tuilte, mar shampla ar dhaoine, réadmhaoin, bonneagar, oidhreacht chultúrtha agus an comhshaol. Don mheasúnú réamh-mheastacháin, ionchorpraíodh raon na dtionchar in ‘Innéacs Riosca i gcás Tuilte’.
Tá na tuarascálacha ar an PFRA ar fáil ó thairseach tuilte OOP:
Athbhreithniú ar an PFRA, 2019
Críochnaíodh an t-athbhreithniú ar an PFRA don 2ú timthriall de chur i bhfeidhm Threoir ‘Tuilte’ an Aontais in 2019. Chuir sé seo torthaí an Chláir Náisiúnta CFRAM san áireamh, chomh maith leis an measúnú ar thuilte a tharla ó rinneadh an PFRA, agus tuilleadh comhairliúcháin leis na húdaráis áitiúla agus le príomhpháirtithe leasmhara eile.
Athbhreithniú ar an PFRA, 2025
Tá tús curtha leis an 3ú timthriall cur chun feidhme ar Threoir 'Tuilte' an Aontais, agus tá athbhreithniú eile déanta ar an PFRA. Is éard a bhí i gceist leis an athbhreithniú measúnú réamhfháistineach nuashonraithe, ina n-úsáidtear na léarscáileanna táscacha náisiúnta tuilte atá ar fáil anois, chomh maith le hathbhreithniú ar thuilte san am a chuaigh thart agus comhairliúchán le húdaráis áitiúla agus páirtithe leasmhara ábhartha eile. Tá Tuarascáil an Athbhreithnithe ar an 3ú Timthriall den PFRA le fáil anseo.