English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Beart Conradh Cothabhála Téarma

In 2007, thug an OPW Conradh Cothabhála Téarma Tomhaiste (MTM) isteach chun seirbhísí cothabhála frithghníomhaí agus pleanáilte isteach d'oifigí Rialtais i Réigiún Bhaile Átha Cliath. Leis seo bhí acmhainní an OPW in ann díriú ar na foirgnimh stairiúla atá faoi úinéireacht an stáit. Chomh maith leis sin tháinig laghdú ar chúrsaí riaracháin ós rud é go bhfuil an conradh déanta in éineacht le conraitheoir amháin agus níl aon ghá le tairiscintí aonair a lorg le haghaidh oibreacha frithghníomhacha.

Leis an gconradh MTM seo tá feabhas curtha ar ár seirbhísí cothabhála réadmhaoine trí na nithe seo a leanas:

  • cláir d'oibreacha cothabhála atá beartaithe a chur i bhfeidhm, atá curtha le chéile ó iniúchtaí rialta ar réadmhaoin an Stáit;
  • an conradh MTM a úsáid chun déileáil le riachtanais cothabhála laethúla an OPW agus Ranna na gCliant atá i réadmhaoin an Stáit.

Deasc cabhrach an MTM – Teileafón 01 883 1484

Faoi chonradh an MTM seo, cuireadh deasc cabhrach ar bun chun líne gníomhartha cothabhála 24 uair an chloig a chur ar fáil chun freastal ar gach éigeandáil cothabhála réadmhaoine. Is lárphointe teagmhála é an deasc cabhrach go chliaint an OPW chun a bhfadhbanna agus a riachtanais a chlárú. Ansin déanfar na hiarratais ar leith a scagadh ag an deasc cabhrach chuig na bealaí réamhshainithe mar seo a leanas:

An tSeirbhís atá De Dhíth Freagrach as
Cothabháil Foirgníochta Faithful & Gould (Seirbhísí QS)
Meicniúil & Leictreach An Rannóg M&L trí Serco
Foirgnimh Oidhreachta Seirbhís Cothabhála Foirgneamh (BMS)
Oibreacha Pleanáilte OPW

Tugtar tús áite d'iarratais ag brath ar an gcineál faidhbe, e.g. tá gá leis an obair a bheith déanta laistigh de cheithre uair an chloig, laistigh de 24 uair an chloig, laistigh de thrí lá etc.