Ceardaíocht Meicniúil & Oibriúcháin
- Foilsithe: 12 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 24 Samhain 2025
- Ceardaíocht Meicniúil & Oibriúcháin
- Cearpantóir agus Siúinéir Ceardaíochta i Limistéar Séadchomharthaí Náisiúnta Dhroim Dhá Thiar
- Plástrálaí Ceirde i Seirbhísí Cothabhála Foirgneamh, Baile Átha Cliath
Ceardaíocht Meicniúil & Oibriúcháin
Cearpantóir agus Siúinéir Ceardaíochta i Limistéar Séadchomharthaí Náisiúnta Dhroim Dhá Thiar
Tá Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) ag glacadh le hiarratais chun duine a cheapadh i ról an Chearpantóra agus an tSiúinéara Ceardaíochta do na limistéir faoi chúram Limistéar Séadchomharthaí Náisiúnta Dhroim Dhá Thiar. Clúdaíonn Limistéar Séadchomharthaí Náisiúnta Dhroim Dhá Thiar Contaetha Dhún na nGall, Liatroma, Shligigh, Mhaigh Eo, Ros Comáin agus an Longfoirt agus tá príomhiosta aige i nDroim Dhá Thiar, agus tá fo-iostaí aige i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, ar an gCeathrú Mhór, Co. Shligigh, Mainistir na Búille, Co. Ros Comáin agus Béal Easa, Co. Mhaigh Eo.
Dáta deiridh: 5:30pm Dé hAoine, 12 Nollaig 2025
Plástrálaí Ceirde i Seirbhísí Cothabhála Foirgneamh, Baile Átha Cliath
Tá Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) ag glacadh le hiarratas chun duine a cheapadh i ról an Phlástrálaí Ceirde do na limistéir faoi chúram Sheirbhísí Cothabhála Foirgneamh, Baile Átha Cliath.
Dáta deiridh: 5:30pm Déardaoin, 18 Nollaig 2025