Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Lainseáil Ráiteas Straitéise an OPW 2025-2028

Maidir le Ráiteas Straitéise Oifig na nOibreacha Poiblí, 2025 go 2028, leagtar cuspóir, misean agus fís shoiléir don eagraíocht amach ann. Tugtar breac-chuntas ann ar na cuspóirí agus ar na gealltanais bharrthábhachtacha atá le cur i bhfeidhm de dheasca chomhoibriú leanúnach Oifig na nOibreacha Poiblí lenár gclianteagraíochtaí agus lenár bpáirtithe leasmhara.

Is príomhsholáthraí seirbhíse don Rialtas í Oifig na nOibreacha Poiblí a dhéanann punann réadmhaoine an Rialtais a bhainistiú, foirgnimh oidhreachta na hÉireann a chothabháil agus a chur i láthair, agus baol tuile a bhainistiú. Mar chuid de sin, seachadtar tionscadail bhonneagair do ranna cliaint agus gníomhaireachtaí agus ar a son.

Leagtar amach go soiléir gonta sa Straitéis ról, feidhmeanna agus spriocanna straitéiseacha Oifig na nOibreacha Poiblí sna trí bliana atá amach romhainn.

Seo a leanas na trí threoirphrionsabal atá mar bhonn agus thaca ag an Straitéis:

  • Tiomantas do sheirbhís phoiblí níos fearr;
  • Cur chuige ‘Tús Áite don Duine’ maidir le gach rud a dhéanaimid; agus
  • Inbhuanaitheacht maidir leis an gcaoi a n-oibrímid.

Tá struchtúr na Straitéise á threorú ag ceithre Sprioc Straitéiseacha. Seo a leanas iad:

  • Sprioc 1: Baol Tuile agus Athrú Cósta — Baol tuile a bhainistiú go héifeachtach agus tacú le bainistiú na rioscaí a bhaineann le hathrú cósta, trí chineálacha cur chuige atá bunaithe ar fhianaise, atá inbhuanaithe agus atá aeráidseasmhach.
  • Sprioc 2: Bainistíocht Eastáit — Úsáid, éifeachtúlacht agus luach phunann chóiríochta Oifig na nOibreacha Poiblí a mhéadú an oiread agus is féidir, agus riachtanais oibríochta na gcliant agus na gcustaiméirí a chomhlíonadh ag an am céanna.
  • Sprioc 3: Oidhreacht — Oidhreacht thógtha agus nádúrtha na hÉireann a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú, agus an t-eastát oidhreachta náisiúnta atá faoinár gcúram a léirmhíniú, a chur i láthair agus a chur chun cinn.
  • Sprioc 4: Cumas agus Cultúr — Cumas eagraíochta, comhtháiteacht agus cultúr seachadta, cuntasachta agus sármhaitheasa a chumasú, trí scileanna, ceannaireacht agus tiomantas ár ndaoine.

Ach obair Oifig na nOibreacha Poiblí a bhunú go straitéiseach ar na treoirphrionsabail agus ar na spriocanna sin, cabhrófar le seirbhísí poiblí a sholáthar go héifeachtúil, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua agus gealltanais an Rialtais a chomhlíonadh.

Ráiteas Straitéise 2025 - 2028
Leagtar amach inár Ráiteas Straitéise 2025 – 2028, i mbealach soiléir agus gonta, an ról, na feidhmeanna agus na spriocanna straitéiseacha don OPW sna 3 bliana amach romhainn mar aon lenár gcuspóir, ár misean agus ár bhfís.
Amharc amharc
Ráiteas Straitéise Forléargas 2025 - 2028
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat