English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Fógraíonn Oifig na nOibreacha Poiblí Forbairt Oifige ag Lána Líosain

Tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí a fhógairt go ndéanfar forbairt ar oifigí ag Lána Líosain, Baile Átha Cliath 2. Ar a chríochnú dó, feidhmeoidh an foirgneamh mar oifigí rialtais iláitithe a bheidh mar eiseamláir maidir le héifeachtúlacht fuinnimh.

Tá an láthair seo i lár na cathrach i seilbh OPW. Tá sé cóngarach do naisc iompair agus do iliomad roinn rialtais.

Cuimsíonn an tionscadal athchóiriú agus athmhaisiú ar fhoirgneamh stairiúil – Teach Spruce, a bhí tráth in úsáid mar íoclann. Tógfar foirgneamh nua – seacht n-urlár agus íoslach – a nascfar le Teach Spruce ar an mbunurlár agus ar an gcéad urlár. Athchóireofar Plás Líosain, lána stairiúil, agus déanfar maisiú tírdhreacha agus imill nua.

Ag teacht leis an dTreoir Eorpach um Fheidhmiú Fuinnimh i bhFoirgnimh, dearadh an foirgneamh nua chun ardfheidhmíocht fuinnimh a bhaint amach, de réir an chaighdeáin um FFnN (Feidhmíocht Fuinnimh nach mór Niallas). Is aerú nádúrtha is mó a bheidh in úsáid ann agus tiocfaidh méid suntasach fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite. Úsáidfear teicneolaíocht teaschaidéil agus cuirfear Polasaí OPW um Sholáthar Glas i bhfeidhm chun tionchar athrú aeráide an tionscadail a mhaolú. Tugadh san áireamh gach riachtanas rialaithe an AE maidir le hionchuir thógála, bainistiú dramhaíola agus ábhair dramhaíola a athúsáid agus a athchúrsáil nuair a bhí riachtanais na n-oibreacha tógála dá gceapadh.

Tá maoiniú an tionscadail ag teacht ó Oifig na nOibreacha Poiblí. Ar a chríochnú dó, beidh sé mar eiseamláir oifige ag OPW maidir le héifeachtúlacht spáis agus fuinnimh, foirgneamh stairiúil oidhreachta a athchóiriú agus a chosaint agus feabhas a chur ar thimpeallacht na cathrach.