Lá Idirnáisiúnta na mBan
- Foilsithe: 7 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Is ceiliúradh é Lá Idirnáisiúnta na mBan ar éachtaí sóisialta, eacnamaíocha, cultúrtha agus poilaitiúla ban. Díríonn sé aird freisin ar phaireacht inscne agus cearta ban. Tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) Lá Idirnáisiúnta na mBan a chomóradh trí léiriú a thabhairt ar aistir agus eispéiris triúr ban inspioráideach san eagraíocht againne.
Cé go bhfuil mórán dul chun cinn déanta i dtreo phaireacht inscne sa tsochaí, tá tuilleadh dul chun cinn de dhíth chun comhionannas a bhaint amach. Téann cultúr chomhionannais inscne chun sochair do chách. Ach maireann steiréitíopaí faoi inscne fós beo. Féadfaidh steiréitíopaí inscne bualadh go luath agus is minic tionchar marthanach uathu.
Tá deis ar leith ag OPW chun sainléiriú a thabhairt ar an réimse deiseanna agus taithí atá ar fáil do mhná ar fud iliomad disciplíní, innealtóireacht, ailtireacht agus TF san áireamh. Tá réimse agus éagsúlacht leathan cúlraí, scileanna agus dearcaidh de dhíth orainn chun seirbhísí a sholáthar don phobal maidir le cosaint tuile, bainistiú ar réadmhaoin rialtais agus seirbhísí oidhreachta.
Ins na físeáin againn chun Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh, tugann mná ó aonaid éagsúla ar fud na heagraíochta léargas ar an taithí ar leith atá faighte acu. Tá eiseamláirí dá leithéid seo fíor-riachtanach chun léargas a thabhairt ar an méid is féidir a bhaint amach agus treoir a thabhairt um thimpeallacht níos cuimsithí feasta. Tá bród orainn as bealach a sholáthar dár gcomhghleacaithe chun dúshlán a thabhairt faoi steiréitíopaí, inspioráid a thabhairt do dhaoine eile agus tuilleadh dul chun cinn um chomhionannas inscne a spreagadh.