English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Sceilg Mhichíl – Tuarascáil ar Shéasúr 2020

In Meitheamh 2020, rinne Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) staidéir mhionsonraithe um Shláinte agus Shábháilteacht maidir le COVID-19 ar an láthair, agus tuairiscíodh ar cheisteanna sábháilteachta agus rochtana maidir le foireann OPW agus cuairteoirí. Ina dhiaidh sin, rinneadh obair riachtanach chothabhála ar chéimeanna na mainistreach, struchtúir na mainistreach, bóthar an tí solais agus botháin na n-oibrithe.

In 2017, thosaigh OPW ar chlár cuimsitheach deisithe ar Bhóthar Uachtarach an Tí Solais. Tá an obair seo, a chuimsíonn deiceanna breise tuarthála mar chosaint ar thitim carraige feasta, ar bun i gcónaí agus críochnófar iad in 2021. Tá tús curtha leis an obair ar an Teach Solais Íochtarach um a athchóiriú mar chóiríocht le haghaidh oibrithe agus comhairleoirí OPW ar an oileán. Rinne innealtóirí scrúduithe ar an Teach Solais Íochtarach chun an obair seo a chur chun cinn

Rinneadh suirbhéanna mar seo a leanas ar Sceilg Mhichíl le linn an tSamhraidh:

• Lean an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra leis an gclár acu um shuirbhéireacht éanlaith

• Rinne an Scoil Eolaíochta (Bitheolaíocht, Domhaneolaíocht agus Comhshaoil) ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh suirbhé Puifíní

• Rachaidh an Clár Discovery ar an Oileán i mí Mheán Fómhair chun leanúint lena suirbhé ar an Mhainistir agus ar na fothraigh mainistreach ar an mBeann Theas

• Déanfar suirbhé digiteach ar an gcaladh agus ar an stáisiún ceo i mí Mheán Fómhair, i gcead don aimsir

Táthar ag súil go bhfágfaidh foireann OPW Sceilg Mhichíl go luath i mí Dheireadh Fómhair 2020 agus go bhfillfidh siad roimh shéasúr 2021.

Thug Coimisinéir OPW John Mc Mahon cuairt ar Sceilg Mhichíl ar 17 Meitheamh. Thug Cathaoirleach OPW Maurice Buckley cuairt ar an Oileán ar 15 Iúil, i dteannta le Michael Mc Donagh, Príomh-Sheandálaí Seirbhíse na Séadchomharthaí Náisiúnta.