Tuarascáil clibeála an Phuifín Atlantaigh 2020, Sceilg Mhichíl
- Foilsithe: 2 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Is speiceas éan mara an Puifín Atlantach (Fratercula arctica) atá le fáil ar oileáin éagsúla agus ar fhaillte arda mórthimpeall chósta na hÉireann. Go hiondúil, tá na puifíní monagamach agus fadsaolach, agus ní dheineann siad gor go dtí go mbaineann siad cúig nó sé bliana amach. Beirtear ubh amháin go luath sa Samhradh; déanann na tuismitheoirí sealaíocht goir go dtagann an t-éinín amach as an ubh agus á chothú go gcleitíonn sé go déanach i mí Iúil nó go luath i mí Lúnasa. Nuair atá an séasúr goir thart, imíonn na puifíní thar sáile go dtagann an chéad iarracht goir eile. Mar gheall ar a laghad sleachta, tá an líon puifíní i mbaol ó imeachtaí éagsúla – stoirmí déine nó truailliú ola ar muir, nó speicis chreiche ar an gcóilíneacht.
Ins na 2000idí, tháinig laghdú tapa ar líon na bpuifíní agus rangaigh an IUCN an speiceas Faoi Bhaol san Eoraip. In ainneoin go bhfuil stádas suaitheantach ag an bpuifín, is beag an t-eolas in Éirinn ar a éiceolaíocht, go háirithe maidir lena iompar agus scaipeadh ar muir.
Tá cóilíneacht puifíní goir ar Sceilg Mhichíl. Déanann siad neadacha tochailteacha agus mar sin tá sé deacair meastacháin chruinn a fháil ar líon na n-éan. Níor deineadh áireamh cruinn riamh ar phuifíní Sceilg Mhichíl agus bhí na meastacháin a deineadh roimhe seo thar a bheith míchruinn maidir le monatóireacht. Lé déanaí, thug an Grúpa um Thaighde Éan Mara i gColáiste na hOllscoile Corcaigh faoi chur chuige níos láidre maidir le comhaireamh a dhéanamh ar éin mara a dhéanann neadacha tochailteacha. Ba mhór an tairbhe maidir le bainistiú ar Sceilg Mhichíl monatóireacht seasmhach ar na puifíní goir ann. Ach is mó an baol báis do na puifíní lasmuigh den séasúr goir agus mar sin is deacair nósanna imirce na n-éan seo a thuiscint.
Le blianta beaga anuas, ligeann teicneolaíocht bithlogála dúinn cuid de na bearnaí eolais faoi éiceolaíocht puifíní a líonadh isteach. Úsáideadh gléasanna geoshuímh (meáchan 1-2g) ar phuifíní Atlantaigh in Éirinn den chéad uair in 2010, nuair a chuir taighdeoirí ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh clibeanna ar phuifíní ar Sceilg Mhichíl. Taifeadann na gléasanna seo na leibhéil solais, agus is féidir suíomh an éin a dhéanamh amach ó éirí agus dul faoi na gréine. Baineann ardleibhéal earráide leis na meastacháin seo, ach is féidir gluaiseachtaí leathanscála a dhéanamh amach uathu.
Léiríodh ó na hiarrachtaí logála tosaigh seo go dtéann puifíní na Sceilige i bhfad i gcéin lasmuigh den séasúr goir; téann cuid mhór acu siar go cósta thoir Cheanada. Thugadar tréimhsí fada thart faoi Dhroim an Atlantaigh Láir, Bá na Bioscáine agus cósta thiar-theas Éireann; d’imigh cuid acu chuig an Mheánmhuir ag tarraing ar dheireadh an tséasúir neamhghoir. Ba mhór idir iad agus puifíní na Breataine, a fhan i gcóngar na cóilíneachta ar feadh an gheimhridh.
I mí Iúil 2020 tugadh cead don Ghrúpa um Thaighde Éan Mara ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh dul ar an Sceilg in athuair, chun gléasanna geoshuímh a úsáid ar na puifíní arís. Bhí an obair chlibeála faofa ag coiste um eitic ainmhithe an Choláiste agus ceadaithe ag an Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus an British Trust for Ornithology. Cuireadh 20 gléas ar fháinní coise puifíní. Tabharfar iad seo ar ais thar an dá shamhradh atá romhainn agus tá sé i gceist 10-15 gléas breise a úsáid in 2021.