Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist pholasaí

Oiriúnú Aeráide

Faisnéis Bheartais - FRM / Oiriúnú don Aeráid (Urchar Uimh. 6)

De bhrí go bhfuil an t-athrú aeráide ag dul i bhfeidhm níos mó agus níos mó ar phatrúin na haimsire agus ar an ardú ar leibhéal na farraige, is údar imní mór in Éirinn an riosca i gcás tuilte ó thaobh an tionchair a bhíonn aige ar phobail, bonneagar, geilleagar agus éiceachórais. Cé go bhfuil se riachtanach iarracht a dhéanamh na cúiseanna leis an athrú aeráide a mhaolú, ba cheart d'Éirinn ullmhú chun oiriunú don athrú aeráide.

Leagtar béim sa Creat Náisiúnta Oiriúnaithe ar a thábhachtaí atá straitéisí réamhghníomhacha i leith bhainistiú na rioscaí aeráide. Deirtear ann, "Ní foláir don oiriúnu bheith mar chuid dhílis den phleanáil náisiúnta chun tionchar an athraithe aeráide a íoslaghdú agus seasmhacht a mhéadú". Cruthaíonn sé sin a riachtanaí atá sé cineálacha cur chuige struchtúrtha a chruthú chun rioscaí i gcás tuilte a mhaolú, anois agus feasta, go háirithe agus tarluithe adhaimsire ag éirí níos rialta agus níos géire.

Tá an tríú Plean Earnála um Oiriúnú don Athrú Aeráide maidir le Bainistíocht an Riosca i gcás Tuilte curtha i dtoll a chéile ag Oifig na nOibreacha Poiblí, ar aon dul le riachtanais NAF agus faoin Acht um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021. Chuathas i gcomhairle go forleathan maidir leis an bPlean Earnála um Oiriunú, atá ar fáil lean anseo, agus d'fhormheas an Rialtas é i Samhain 2025.

Leagtar amach sa Phlean Earnála um Oiriúnú don Athrú Aeráide seo na bearta is gá chun cleachtais bainistíochta riosca i gcás tuilte a oiriúnú le haghaidh torthaí éifeachtacha agus éifeachtúla amach anseo agus tá siad faoi threoir ag fís uileghabhálach agus sprioc fhadtéarmach, mar atá:

Seasmhacht i gcoinne an riosca i gcás tuilte a fheabhsú agus tionchair tuilte a laghdú anois agus feasta, trí straitéisí agus bearta um oiriúnú don aeráid a chomhtháthú, trína laghdófar leochaileacht, trína gcosnófar pobail, agus trína gcuirfear bainistíocht inbhuanaithe ar an riosca i gcás tuilte chun cinn.

Chun an sprioc seo maidir le hoiriúnú i leith bhainistíocht an riosca i gcás tuilte a bhaint amach, sainaithníodh na cuspóirí um oiriúnú seo a leanas:

  1. Leas a bhaint as taighde agus measúnuithe ar mhaithe le feabhas a chur ar ár n-eolas agus ar ár dtuiscint ar thionchair fhéideartha agus ar na rioscaí a bhainfidh leis an athrú aeráide feasta maidir le tuilte agus bainistiú an riosca i gcás tuilte.
  2. Cumas agus feasacht ar thionchair an athraithe aeráide, ó thaobh tuilte agus bainistiú an riosca i gcás tuilte, a neartú laistigh den OOP agus i measc grúpaí geallsealbhóirí níos ginearálta, lena n-áirítear comhlachtaí poiblí, earnálacha gairmiúla agus an pobal i gcoitinne.
  3. Oiriúnú don athrú aeráide a leabú i gcleachtais bhainistithe an riosca i gcás tuilte arna gcur i gcrích ag OOP agus earnálacha eile.
  4. Feasacht agus cur i bhfeidhm oiriúnach i gcás Réitigh atá Bunaithe ar an Dúlra le haghaidh Bainistíocht Dobharcheantair a mhéadú chun seasmhacht i leith na haeráide a fheabhsú

Gheofar tuilleadh eolais ar chur chuige Oifig na nOibreacha Poiblí i leith an athraithe aeráide agus i leith tuilte ag Plean Earnála um Oiriúnú don Athrú Aeráide.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat