Áthas ar bhuaiteoirí an chrannchuir agus iad ag freastal ar Ghrianstad an Gheimhridh á bheoshruthlú
- Foilsithe: 21 Nollaig 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Ar maidin inniu chuir Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) fáilte roimh na daoine a bhuaigh crannchur na bliana seo chun bheith i láthair i Seomra an Tuama Pasáiste Neoilitigh ag Brú na Bóinne agus éirí na gréine um Ghrianstad an Gheimhridh a fheiceáil. Tháinig an lucht féachana ó chian is ó chóngar; bhí daoine ann as Aontroim, Baile Átha Cliath, Corcaigh agus Gaillimh, agus thar sáile ón tSualainn, an Ghearmáin, Ceanada agus na Stáit Aontaithe. Inár dteannta bhí daoine ar fud an domhain ag féachaint ar bheoshruth Ghrianstad an Gheimhridh 2023, a eagraíodh i gcomhar leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Bhí an t-ádh linn go raibh fíor na spéire geal ar maidin inniu, mar sin chonaic daoine solas na gréine páirteach ag lonradh tríd an díonbhosca. Bhí atmaisféar áthasach an Ghrianstaid le brath lasmuigh freisin, agus na céadta bailithe chun an ócáid a cheiliúradh.

“Tá áthas orm fáilte a chur anseo go Brú na Bóinne roimh bhuaiteoirí an chrannchuir OPW chun Grianstad an Gheimhridh a fheiceáil. Tá an t-ádh leo an feiniméan gréine seo a fheiceáil ar an láthair. Tá áthas orm freisin go bhfuil ar ár gcumas beoshruth na hócáide a chraoladh arís i mbliana, ionas gur féidir le daoine ar fud an domhain é a fheiceáil ar a dtinteán féin. Ócáid an-suntasach is ea Grianstad an Gheimhridh nuair is féidir linn bogadh ar aghaidh ó thráthnónta fada dorcha agus féachaint romhainn chuig tús nua le haghaidh na bliana atá os ár gcóir amach”.
Inniu freisin sheol an tAire Patrick O’Donovan busanna nua leictreacha ag Brú na Bóinne. De réir a chéile, rachaidh na busanna leictreacha seo ar seirbhís in áit an seanscuaine busanna díosail, chun cuairteoirí a iompar ón Ionad Cuairteoirí chuig Brú na Bóinne agus Cnóbha. Tionscnamh amháin é seo as an iliomad tionscnamh ag OPW chun bearta inbhuanaithe a fhorbairt um thionchar an athrú aeráide a mhaolú.
“Is mór an onóir agam na busanna leictreacha a sheoladh anseo inniu. Rachaidh na busanna seo ar seirbhís in áit an scuaine busanna díosail chun cuairteoirí a thabhairt ón Ionad Cuairteoirí chuig na suímh ag Brú na Bóinne. Céim mhór chun tosaigh é seo ag OPW um ghníomhú in aghaidh athrú aeráide”.

Nótaí
Grianstad an Gheimhridh
Is feiniméan réalteolaíoch é Grianstad an Gheimhridh, comhartha ar an lá is giorra agus an oíche is faide sa bhliain. Sa Leathsféar Thuaidh, tarlaíonn Grianstad an Gheimhridh ar 21 nó 22 Nollaig, nuair a ghealann an ghrian díreach os cionn Thropaic an Ghabhair. Um Éirí na Gréine ar an lá is giorra sa bhliain, ar feadh 17 nóiméad, féadfaidh solas díreach na gréine gealadh isteach i mBrú na Bóinne chun an seomra a shoilsiú; ní ghealann an solas tríd an doras, ach trí oscailt speisialta os cionn an bhealaigh isteach, ar a dtugtar an ‘díonbhosca’.
Is tríd an Ionad Cuairteoirí ag Brú na Bóinne atá rochtain ar an suíomh, atá ar oscailt gach lá. Um breis eolais agus áirithint ar líne féach heritageireland.ie.
Tá taifeadtaí ar bheoshruth na hócáide i 2020, 2021 agus 2023 ar fáil ar chainéal YouTube OPW.
Busanna Leictreacha
Faoi láthair is ag Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne atá na busanna leictreacha á luchtú. Féadfaidh gach bus seirbhís thrí lá a thabhairt ar lucht leictreach amháin. Beidh bonneagar luchtaithe leictrigh do bhusanna ar fáil ag Teach Chnóbha nuair a chríochnóidh líonraí BSL soláthar cumhachta 3-phas ar an láthair.