€1.5 milliún d’infheistíocht déanta in ionad cuairteoirí úrscothach chun Reilig Mheigiliteach na Ceathrún Móire - an áit a bhfuil na tuamaí meigiliteacha is sine in Éirinn - a chur ar taispeáint don phobal

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

€1.5 milliún d’infheistíocht déanta in ionad cuairteoirí úrscothach chun Reilig Mheigiliteach na Ceathrún Móire - an áit a bhfuil na tuamaí meigiliteacha is sine in Éirinn - a chur ar taispeáint don phobal

  • €1.5 milliún infheistithe ag Fáilte Éireann, Oifig na nOibreacha Poiblí agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
  • Eispéireas a thugann deis do chuairteoirí tuiscint níos fearr a fháil ar na tuamaí meigiliteacha is sine in Éirinn
  • Táthar ag súil go gcuirfidh an tionscadal seo borradh faoin turasóireacht agus faoi chúrsaí eacnamaíochta ar fud Shligigh agus an cheantar máguaird.

D’oscail an tAire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí, Kevin Moran, agus an tAire Stáit sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Christopher O'Sullivan ionad cuairteoirí uasghrádaithe nua ag Reilig Mheigiliteach na Ceathrún Móire go hoifigiúil inniu, an 1 Aibreán 2026. Is infheistíocht mhór straitéiseach in infreastruchtúr um thurasóireacht oidhreachta na hÉireann atá san ionad cuairteoirí athchóirithe seo.

Carrowmore Visitor opening

Tá breis is €1.5 milliún infheistithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí i gcomhpháirtíocht le Fáilte Éireann agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta san ionad nua seo do chuairteoirí mar chuid den Chlár Infheistíochta Caipitil don Turasóireacht. Dá bharr seo is cinnte go mbeidh daoine ag iarraidh cuairt a thabhairt ar Reilig Mheigiliteach na Ceathrún Móire agus Sligeach ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Tá an Cheathrú Mhór, atá suite i gContae Shligigh, ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin ar cheann de na tírdhreacha réamhstairiúla is tábhachtaí san Eoraip. Is sa reilig seo atá an méid tuamaí Neoiliteacha is mó agus is sine in Éirinn, le breis is 30 séadchomhartha agus tá na cinn is sine beagnach 6,000 bliain. Tá an láthair mar chuid de ‘Thírdhreach na dTuamaí Pasáiste i Shligigh’, agus tá sé ar Liosta Sealadach na hÉireann i gcomhair stádas Oidhreachta Domhanda UNESCO.

Tugann an t-ionad uasghrádaithe léirmhíniú níos fearr maidir le tábhacht seandálaíochta an láithreáin, agus tá áiseanna nua do chuairteoirí ar fáil, ina measc, rochtain níos éasca, áiseanna leithris uasghrádaithe, foscadh uile-aimsire, agus tá an leagan amach níos fearr lasmuigh agus laistigh ionas go mbeidh sé níos éasca do chuairteoirí bogadh thart go compordach.

Chuir an tAire Moran fáilte roimh an tionscadal agus dúirt sé: “De bharr na hinfheistíochta seo, tá feabhas mór curtha ar cheann de na láithreacha seandálaíochta is tábhachtaí in Éirinn. Cuirfidh an t-ionad cuairteoirí athchóirithe seo ar ár gcumas scéal na Ceathrún Móire a chur i láthair ar bhealach níos tarraingtí agus níos inrochtana, agus ag an am céanna déanfar a chinntiú go gcosnófar an tírdhreach iontach seo.”

Dúirt an tAire Ó Súilleabháin: “Tá tábhacht chultúrtha agus stairiúil ar leith ag baint le láthair na Ceathrún Móire. Tabharfaidh an infheistíocht seo deis do lucht spéise níos leithne eolas a chur ar an scéal a bhaineann leis an láthair agus ag an am céanna táthar ag tacú le caomhnú ár n-oidhreacht seandálaíochta do na glúnta atá le teacht.

Labhair an tAire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta, Peter Burke faoin deis a thugann an tionscadal seo maidir le geilleagar na turasóireachta a láidriú agus dúirt sé: “Tacaíonn an infheistíocht seo go díreach leis an gcuspóir atá i mbeartais turasóireachta an Rialtais maidir le fás réigiúnach níos cothroime a chur chun cinn trí thaithí cuairteoirí a neartú lasmuigh de na ceantair uirbeacha. Léiríonn an tionscadal an chaoi ar féidir le hinfheistíocht chaipitil straitéiseach sócmhainní réigiúnacha a fhuascailt, fostaíocht a chothú go háitiúil, agus cur le fás inbhuanaithe fadtéarmach i bpobail lasmuigh de na láithreacha turasóireachta traidisiúnta.”

Dúirt Orla Carroll, Stiúrthóir Forbartha Táirgí Fáilte Ireland: “Tá infheistíocht straitéiseach i láithreacha ar nós na Ceathrún Móire lárnach in obair Fáilte Ireland chun fás inbhuanaithe, cothrom, réigiúnach sa turasóireacht a spreagadh. Cuirfidh an t-ionad cuairteoirí uasghrádaithe feabhas mór ar thaithí na gcuairteoirí agus neartóidh sé seasamh Shligigh mar cheann cúrsa cultúrtha suntasach, agus spreagfar daoine chun níos mó ama a chaitheamh sa chontae agus cuairt a thabhairt ar láithreacha meigiliteacha eile.”

Bíonn Reilig Mheigiliteach Cheathrú Mór oscailte ar bhun séasúrach ó Mhárta go Mí na Samhna, le turais threoraithe ar fáil go laethúil. Féach ar www.heritageireland.ie i gcomhair tuilleadh eolais.


Beidh grianghraif ón seoladh ar fáil ó Ray Ryan Photography (rayryanpics@gmail.com). Breis eolais le fáil ó press pressoffice@opw.ie

Lean muid ar Twitter @opwireland

Aimsigh muid ar Facebook @opwireland

Lean muid ar Instagram @opwireland

Lean muid ar LinkedIn @Office of Public Works

Nótaí

Fáilte Ireland

Is é an ról atá ag Fáilte Éireann ná tacú leis na buntáistí fadtéarmacha ó thaobh fás eacnamaíoch, sóisialta, cultúrtha agus comhshaoil a bhaineann leis an turasóireacht in Éirinn. Tá an turasóireacht ríthábhachtach don gheilleagar náisiúnta agus d’fhorbairt agus don fhostaíocht réigiúnach. Sular thosaigh an coróinvíreas, ghin an earnáil seo ioncam de €7.5 billiún in aghaidh na bliana agus bhí 260,000 post ar fud na tíre i gceist chomh maith le €1.7 billiún a chur leis an Státchiste.

Soláthraíonn Fáilte Éireann léargais tomhaltóirí agus ceannaitheoirí, meantóireacht, tacaíochtaí gnó agus cláir oiliúna chomh maith le hardáin do cheannaitheoirí chun cabhrú le gnólachtaí turasóireachta tabhairt faoi nuálaíocht agus fás.

Ina theannta sin, tacaíonn Fáilte Éireann le Turasóireacht Ghnó, ag bainistiú tairiscintí agus ag aimsiú comhdhálacha móra, cruinnithe agus imeachtaí a bhíonn ar siúl in Éirinn.

Tá Fáilte Éireann freagrach chomh maith as margaíocht saoire ar fud ceithre bhranda turasóireacht réigiúnacha: Slí an Atlantaigh Fhiáin, Sean-Oirthear na hÉireann, Croílár Ceilte na hÉireann agus Baile Átha Cliath.

Oifig na nOibreacha Poiblí

Cuireann Oifig na nOibreacha Poiblí cóiríocht ar fáil do Sheirbhísí Rialtais agus bainistíonn sí cuid mhór de phunann maoine an Stáit.

Déanann an Oifig cúram do 780 láthair oidhreachta, ina measc, séadchomharthaí náisiúnta, páirceanna stairiúla, gairdíní agus foirgnimh. Is í an Oifig príomhghníomhaireacht innealtóireachta an Rialtais, ag soláthar seirbhís innealtóireachta d’fheidhmeanna Bainistíochta Riosca Tuilte agus Bainistíochta Punann Eastáit de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí chomh maith le Ranna Rialtais eile.

Is í Ionad Cuairteoirí na Ceathrún Móire an reilig tuamaí meigiliteacha is sine agus is mó in Éirinn, agus tá sí ar cheann de na háiteanna is beannaithe san Eoraip Neoiliteach. Tugtar an deis duit anseo iontas a dhéanamh faoi scileanna na ndaoine a thóg na séadchomharthaí. Tá an láthair seo mar pháirt de “Tírdhreach na dTuamaí Pasáiste I Shligigh”. Tá iarsmaí breis is 35 tuama pasáiste a tógadh beagnach 6000 bliain ó shin anseo.

Tá Comhairle Contae Shligigh i gceannas ar an iarratas ar stádas um Oidhreacht Dhomhanda i gcomhpháirtíocht leis an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta (An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta) agus Oifig na nOibreacha Poiblí, agus tá Meabhrán Tuisceana sínithe ag na páirtithe chun an t-iarratas ar Oidhreacht Dhomhanda a chur chun cinn. Is í Comhairle Contae Shligigh atá i gceannas ar an iarratas ar stádas um Oidhreacht Dhomhanda.

Seirbhísí Séadchomharthaí Náisiúnta sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta

Tá Tuamaí Meigiliteacha na Ceathrún Móire ar cheann de thart ar 1000 Séadchomhartha Náisiúnta atá faoi Chúram an Stáit ar fud na hÉireann, i.e. faoi úinéireacht nó faoi chaomhnóireacht an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Oibríonn Seirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta na Roinne go dlúth le hOifig na nOibreacha Poiblí chun cosaint agus cúram na séadchomharthaí seo a chinntiú do na glúnta atá le teacht. Tá Tuamaí Meigiliteacha na Ceathrún Móire ar cheann de na séadchomharthaí seandálaíochta is iomráití feadh Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tá beagnach 100 séadchomhartha faoi Chúram an Stáit ar feadh chósta Atlantaigh na hÉireann, agus tá siad ríthábhachtach ó thaobh na mbuntáistí eacnamaíocha a bhaineann le turasóireacht oidhreachta na hÉireann.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat