Tá infheistíocht de €1.6 milliún a rinneadh i gcomhair uasghrádú an ionaid cuairteoirí ag Dún Aonghasa ag cur go mór le heispéireas turasóireachta agus oidhreachta ar Oileáin Árann

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá infheistíocht de €1.6 milliún a rinneadh i gcomhair uasghrádú an ionaid cuairteoirí ag Dún Aonghasa ag cur go mór le heispéireas turasóireachta agus oidhreachta ar Oileáin Árann

  • Infheistíocht de €1.6 milliún déanta ag Oifig na nOibreacha Poiblí, Fáilte Éireann agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
  • Athchóiriú mór agus eispéireas tumthach nua do chuairteoirí ag ceann de na láithreáin réamhstairiúla is tábhachtaí in Éirinn
  • Cuireann an tionscadal seo leis an méid atá ar fáil do chuairteoirí i rith na bliana ar fad agus tacaíonn sé le turasóireacht inbhuanaithe ar Oileáin Árann

Inniu, d’oscail Kevin “Boxer” Moran T.D., an tAire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí, Peter Burke T.D., an tAire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta, Caroline Bocquel, Príomhfheidhmeannach Fáilte Éireann, agus Michael MacDonagh, Príomh-Sheandálaí de chuid Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ionad nua uasghrádaithe do chuairteoirí ag Dún Aonghasa in Árainn, Contae na Gaillimhe.

Rinneadh infheistíocht straitéiseach de €1.6 milliún san athfhorbairt mhór seo agus cuireadh an t-airgead ar fáil i gcomhpháirtíocht idir Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), Fáilte Éireann agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Minister Kevin Moran Aran Islands

Tá Dún Aonghasa suite thuas ar imeall aille 100 méadar ar airde os cionn an Atlantaigh agus áirítear é ar cheann de na láithreáin réamhstairiúla is aitheanta in Éirinn. Tá an dún seo ann le breis agus 3,000 bliain ón gCré-Umhaois agus an Iarannaois. De bharr bhallaí cloiche iontacha agus gnéithe cosanta an dúin, aithnítear an dún mar cheann de na tírdhreacha seandálaíochta is tábhachtaí san Eoraip agus bíonn tarraingt mhór ag cuairteoirí air ar feadh Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Is é an t-ionad cuairteoirí uasghrádaithe an bealach isteach chuig an séadchomhartha. Tá sé suite ag tús bhealach coisithe 1km ar fhad go dtí an dún ar bharr na haille. De bharr an athchóirithe, bíonn deis ag cuairteoirí eispéireas nua-aimseartha, inrochtana agus tumthach a bheith acu anseo, agus cabhraíonn sé le os cionn 125,000 cuairteoir sa mbliain a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe.

Feabhsuithe san áireamh sa Tionscadal

I measc na nithe nua sa tionscadal:

  • Taispeántas léirmhínithe atá athdheartha go hiomlán, ag cur scéal Dhún Aonghasa agus Oileáin Árann i láthair ar bhealach tarraingteach agus inrochtana
  • Aip dhigiteach ilteangach nua chun cuairteanna féinthreoraithe a dhéanamh níos fearr chomh maith le naisc a chur ar fáil do chuairteoirí chuig láithreáin oidhreachta eile
  • Áiseanna fáiltithe uasghrádaithe le feabhas a chur ar ghluaiseacht cuairteoirí san ionad chomh maith le líon na gcuairteoirí a bhainistiú i gceart
  • Leagan amach inmheánach níos fearr chun cúrsaíocht siúil agus compord na gcuairteoirí a fheabhsú
  • Comharthaíocht sheachtrach agus léirmhíniú nua agus feabhsaithe san ionad agus ag láithreacha scoite eile ag an séadchomhartha
  • Athchóiriú iomlán ar struchtúr an fhoirgnimh, mar shampla, uasghráduithe inrochtana, feidhmíocht theirmeach níos fearr agus comhlíontacht maidir le caighdeán tógála nua-aimseartha
  • Feabhas ar thírdhreachú, ar chóras draenála agus ar spásanna poiblí, mar shampla, rinneadh fadhbanna maidir le tuilte, a mbíodh tionchar acu ar rochtain do chuairteoirí, a réiteach

Cuireadh bearta inbhuanaitheachta agus oiriúnú aeráide san áireamh san athchóiriú chomh maith, rud a chuireann go mór le feidhmíocht chomhshaoil an fhoirgnimh.

Dúirt an tAire Kevin ‘Boxer’ Moran agus é ag fáiltiú roimh an tionscadal: “Rinne an infheistíocht seo i nDún Aonghasa feabhas mór a chur ar cheann de na séadchomharthaí náisiúnta is tábhachtaí agus is suntasaí in Éirinn. Tugann an t-ionad cuairteoirí uasghrádaithe deis dúinn líon na gcuairteoirí a bhainistiú níos fearr, inrochtaineacht a fheabhsú, agus scéal an láithreáin neamhghnách seo a chur i láthair ar bhealach a léiríonn an tábhacht atá leis.”

Dúirt an tAire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta, Peter Burke TD: “Tá ról lárnach ag Dún Aonghasa i ngeilleagar turasóireachta Árainn, agus tacaíonn sé le gréasán leathan fiontar, ina measc, soláthróirí lóistín, comhlachtaí turasóireachta, dream a chuireann rothair ar cíos ar fáil, seirbhísí iompair agus gnólachtaí bia agus ceardaíochta. Cuireann an tionscadal seo le ról an láithreáin mar mhol chun an gréasán saibhir séadchomharthaí náisiúnta ar fud Árainn, Inis Meáin agus Inis Oírr a fheiceáil.”

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a bhfuil freagracht speisialta air as an Dúlra, an Oidhreacht agus an Bhithéagsúlacht, Christopher O’Sullivan TD: “Tá Dún Aonghasa samhailteach de mhórchuid den oidhreacht seandálaíochta iontach atá sa tír seo. Insíonn an dún dúinn, ar nós, a lán dár séadchomharthaí, faoi amanna drámatúla inár stair, faoi chruatan, faoi sheasmhacht, faoi na daoine a bhí múnlaithe ag an tírdhreach agus an tíreolaíocht. Tá lúcháir orm an t-infreastruchtúr iontach seo do chuairteoirí a fheiceáil mar thoradh ar an infheistíocht comhpháirtíochta straitéisí idir Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta i mo roinn féin, Oifig na nOibreacha Poiblí agus Fáilte Éireann. Beidh an t-ionad seo ag freastal ar an oileán seo agus ar mhuintir an oileáin chomh maith le go leor cuairteoirí go ceann blianta fada.”

Dúirt Caroline Bocquel, Príomhfheidhmeannach Fáilte Éireann: “Is láithreán ríthábhachtach é Dún Aonghasa ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, agus tabharfaidh an athfhorbairt seo deis do chuairteoirí dul i ngleic ar bhealach níos iomláine le scéal an dúin agus le tírdhreach cultúrtha Árainn, chomh maith le nádúr an láithreán speisialta seo a chosaint. Chomh maith leis sin tugtar deis do chuairteoirí breathnú ar nithe eile ar fud an oileáin, seachas díreach sainchomhartha aonair agus cuideoidh an t-ionad chun an áit iontach seo a chothabhail i gcomhair na nglúnta atá le teacht.”

Bíonn Ionad Cuairteoirí Dhún Aonghasa ar oscailt ar feadh na bliana, agus cuireann Oifig na nOibreacha Poiblí turais threoraithe ar fáil.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar an suíomh: www.heritageireland.ie


Chun tuilleadh eolais a fháil, chun agallamh a shocrú nó chun grianghraif ón athoscailt a fháil, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie.

Lean muid ar Twitter @opwireland

Lean muid ar Facebook @opwireland

Lean muid ar Instagram @opwireland

Lean muid ar LinkedIn @Office of Public Works

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat