An Deichnúr Dearmadta: Scéal na mbásuithe i bPríosún Mhuinseo le linn Chogadh na Saoirse
- Foilsithe: 3 Meitheamh 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Taispeántas ag Músaem Phríosún Chill Mhaighneann
Le linn Chogadh na Saoirse in 1920 agus 1921, chuir Rialtas na Breataine in Éirinn 24 fhear chun báis. I gcontaethe Chorcaí agus Luimnigh lámhaigh scuad airm 14 fhear; bhí an dá contae sin faoi dhlí míleata an tráth úd. Ní mar sin a bhí i mBaile Átha Cliath, áit ar crochadh deichniúr fear i bpríosún sibhialach Mhuinseo. Léiríonn taispeántas nua ag Músaem Phríosún Chill Mhaighneann na fir seo ar tugadh ‘An Deichniúr Dearmadta’ orthu; seolfar é ar 7 Meitheamh, céad bliain ón dá bhású deireanach. Imeasc na nithe ar taispeáint tá litreacha deiridh chuig a muintir, grianghraif stairiúla agus nithe pearsanta a bhaineann leis na fir a básaíodh.
Ba iad ‘An Deichniúr Dearmadta’ ná: Kevin Barry (básaíodh 1 Samhain 1920), Patrick Moran, Thomas Whelan, Francis Flood, Bernard Ryan, Thomas Bryan agus Patrick Doyle (básaíodh 14 Márta 1921), Thomas Traynor (básaíodh 25 Aibreán 1921) agus Patrick Maher agus Edmond Foley (básaíodh 7 Meitheamh 1921). Idir 18 agus 40 bliain d’aois, tháinig ‘An Deichniúr Dearmadta’ ó gach cearn den tír. Bhí mná céile agus páistí ar chuid acu; bhí cuid eile nach raibh ach i dtús a saol. Chuir arm na Bretaine faoi thriail iad, as dúnmharú, tréas agus cogadh a imirt, agus daoradh chun báis iad. Scaip scéal a mbásuithe ar fud an domhain. Ní hamhlaidh a ligeadh i ndearmad iad, ach fágadh curtha i bPríosún Mhuinseo iad gur athcuireadh iad i Reilig Ghlasnaíon in 2001.
Imeasc na nithe ar taispeáint tá dealbh na Maighdine Muire a bhí i lámha Frank Flood agus é á bhású, agus léine agus carabhat a tugadh ar ais do mhuintir Thomas Traynor’s maraon le bosca toitíní nár caitheadh. Tá bosca seacláidí a thug Lester Collins, duine de na Dubhchrónaigh ar garda sa phríosún, do Thomas Whelan. Thug seisean an bosca do Alicia Mann, iníon a mhná tí a bhí ocht mbliain d’aois. Dúirt sé go roinnfidís iad dá scaoilfí saor é; murach sin, bíodh siad go léir aici féin. Choimeád Alicia Mann an bosca seacláidí gan oscailt go deireadh a saoil.
Tá litreacha agus dánta freisin a scríobh na fir roimh bhás dóibh. Scríobh Thomas Bryan chuig a athair chéile ar 25 Feabhra 1921; bhí a bhean ag súil lena gcéad leanbh agus scríobh sé: “is iad na mná againn is mó a bhionn ag fulaing’.
Bhí Bryan ar dtús i bPríosún Chill Mhaighneann ach aistríodh go Muinseo é, chomh maith le Patrick Moran. Bhí Moran sa ghrúpa a bheartaigh an t-éaló clúiteach as Cill Mhaighneann ar 14 February 1921, ach ar an nóiméad deireanach bheartaigh sé fanacht agus aghaidh a thabhairt ar an gcúirt. Tá rásúr ar taispeáint a thug sé do phríosúnach eile sular crochadh é, ag rá: ‘ní bheidh sé seo de dhíth orm an áit a bhfuilimse ag dul’.
Dúirt Coimeádaí na mBailiúchán ag Músaem Phríosún Chill Mhaighneann, Brian Crowley:
“Taispeántar anseo cuid de na nithe is cráite agus is corraithí dá bhfuil sa bhailiúchán againn. Le Cogadh na Saoirse mar chúlra, léiríonn na nithe pearsanta seo scéalta faoi chailliúint agus faoi bhrón atá deacair le fulaing. Ach léiríonn siad freisin na gníomhartha cineálta agus nasctha tharlaíonn, dá ghéire an choimhlint.”
Tá an músaem dúnta go fóill faoi shrianta reatha Covid ach féadfar rochtain a shocrú le haghaidh iriseoirí. Um breis eolais agus íomhánna ardchaighdeáin, déan teagmháil le Brian Crowley, Músaem Phríosún Chill Mhaighneann, ag 086 8079071 nó ag brian.crowley@opw.ie .
-CRÍOCH-
Nótaí le haghaidh eagarthóirí
• Tá Músaem Phríosún Chill Mhaighneann suite ag Bóthar Inse Chór, Baile Átha Cliath 8. Tá sé dúnta faoi láthair mar gheall ar shrianta Leibhéal 5, ach de ghnáth bíonn sé ar oscailt ó 9.30am go 5.30pm (cead isteach deireanach 5pm), gach lá.
• Nuair is féidir an músaem a athoscailt, beidh cead isteach saor in aisce, ach ní foláir ticéid a chur in áirithe ar an suíomh gréasáin kilmainhamgaolmuseum.ie chun srian a choimeád ar líon na gcuairteoirí.