English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Nollaig ag an gCaisleán ar ais i mBaile Átha Cliath: Eispéireas Draochtúil Nollag oscailte i dTimpeallacht Stairiúil

Tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) a fhógairt go mbeidh an t-eispéireas draíochtúil seo i dtimpeallacht stairiúil Chaisleán Bhaile Átha Cliath ar ais don Nollaig 2021. Beidh An Nollaig ag an gCaisleán, atá á chur ar siúl i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, ar siúl ón 8 go dtí an 21 Nollaig, beidh saorchead isteach agus tá ticéid ar fáil le cur in áirithe ar líne ag www.dublincastle.ie.. Beidh rud éigin ar fáil do chuile dhuine ag an Margadh Nollag seo amuigh faoin aer i gceartlár phríomhchathair an náisiúin, ina measc, canadh carúil sa tráthnóna, an mainséar Napóileach agus freisin beidh saorchead isteach tráthnóna chuig na Seomraí Stáit atá maisithe go traidisiúnta.

Ag labhairt dó ag oscailt na Nollag ag an gCaisleán inniu, dúirt Patrick O’Donovan TD an tAire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí:

“Tugann An Nollaig ag an gCaisleán deis do dhaoine iad féin a thumadh sa chuid is fearr de thraidisiúin na Nollag, i gceartlár na cathrach. Tá sé ag teacht leis an bhfeachtas, Geimhreadh i mBaile Átha Cliath, de chuid Fáilte Éireann, agus tacaíonn sé le turasóireacht agus gnólachtaí a d’fhulaing de bharr na paindéime. De bharr na bainistíochta stuama imeachtaí atá i bhfeidhm, tabharfar deis do chuairteoirí taitneamh a bhaint as breis agus 1,000 bliain den stair i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus beidh daoine ábalta taitneamh a bhaint as neart bia, ceardaíochta, ceoil agus siamsaíochta ar shlí shábháilte.”

D’aontaigh Ardmhéara Bhaile Átha Cliath Alison Gilliland leis:

“Tá lúcháir orm, An Nollag ag an gCaisleán a oscailt go hoifigiúil anseo i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i dteannta Aire OOP, Patrick O’Donovan. Is áit iontach é le haghaidh shiopadóirí na Nollag chomh maith le tacaíocht thábhachtach a thabhairt do ghnólachtaí na cathrach, go háirithe na trádálaithe aonair, a bhfuil ionadaithe dá gcuid anseo, atá ag brath go mór ar thréimhse thrádála na Nollag. Is mian liom aitheantas a thabhairt don obair chrua atá déanta ag gach duine a bhí páirteach i gcruthú an eispéiris dhraíochtúil seo i gCathair Bhaile Átha Cliath.”

Le linn mhargadh na Nollag, beidh clós stairiúil an Chaisleáin athraithe ar fad agus é mar shráidbhaile beag le stainníní alpacha traidisiúnta ag díol réimse d’earraí ceardaíochta maisiúla agus bronntanais spreagúla mar aon le blaisíní blasta bia agus dí. Is féidir le cuairteoirí chuig An Nollaig ag an gCaisleán taitneamh a bhaint as bia traidisiúnta ó lámha ceardaithe, sult a bhaint as atmaisféar na féile le cóir áitiúla a bheidh ag canadh carúil sa tráthnóna agus taitneamh a bhaint as an roithleagán ró ar an láthair. Beidh siamsaíocht bheo ar fáil gach oíche ó réimse de cheoltóirí áitiúla, ó shaothair chórúla bhríomhara go rac-cheol Nollag chun cabhrú leat sult a bhaint as spiorad na féile.

Beidh Margadh na nDearthóirí Éireannacha ann den chéad uair i 2021, tá sé suite i dTúr Bedford agus beidh dearadh agus an cheardaíocht Éireannach is fearr ar taispeáint, idir sheodra agus chriadóireacht agus ealaín agus teicstílí. Beidh an margadh seo ar siúl ag an deireadh seachtaine (10 go 12 Nollaig agus 17 go 19 Nollaig) agus beidh deis ar leith ag daoine dearaí lámhdhéanta Éireannacha a aimsiú agus earraí a cheannach díreach ó dhearthóirí agus ealaíontóirí.

Le linn na Nollag ag an gCaisleán, tabharfaidh Oifig na nOibreacha Poiblí saorchead isteach do dhaoine chuig na Seomraí Stáit, atá maisithe do shéasúr na Nollag. Tar éis do theaghlaigh an taobh istigh den Chaisleán atá maisithe go hálainn a fheiceáil, beidh deis acu cuairt a thabhairt ar an Séipéal Ríoga i stíl na hAthbheochana Gotach, an áit a bhfuil mainséar lámhdhéanta Napóileach Bharócach an Chaisleáin.

Mairfidh An Nollaig ag an gCaisleán ón 8 go dtí an 21 Nollaig agus beidh sé oscailte ó 2 r.n. go 9.30 i.n. gach lá. Beidh saorchead isteach chuig an margadh, ach ní mór ticéid a chur in áirithe ar líne roimh ré do cheann de cheithre shliotán ama dhifriúla 90 nóiméad a bheidh ar fáil gach lá. Tabharfaidh sé seo deis d’Oifig na nOibreacha Poiblí a chinntiú go reáchtálfar an margadh de réir shrianta Covid ar mhaithe le sábháilteacht na gcustaiméirí agus na ndíoltóirí. De bharr gur imeacht é seo ina bhfuil stádais mheasctha i gceist, beidh stáisiúin dhíghalraithe ar fáil i rith an ama agus beidh ar gach duine atá ag freastal ar na himeachtaí clúdach aghaidhe a chaitheamh i gcónaí agus iad ag dul timpeall agus ag brabhsáil.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi mhangairí stainníní agus faoi na míreanna ceoil nó chun ticéad a chur in áirithe, téigh chuig: www.dublincastle.ie.

-CRÍOCH-

Beidh fótagrafaíocht á chur ar fáil ag Naoise Culhane Photography naoise@naoiseculhane.com nó déan teagmháil le pressoffice@opw.ie.

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Faigh sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works