English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ardán Féachana nua taibhsiúil ar oscailt ag Ionad an Bhlascaoid ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin

Inniu, rinne Patrick O’Donovan T.D., Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), an oscailt oifigiúil ag an Suíomh Féachana ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin atá suite ar bharr faille ag Ionad an Bhlascaoid, faoi stiúir OPW, i nDún Chaoin i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Oifig na nOibreacha Poiblí a thóg an breisiú spreagúil seo ar bhonneagar turasóireachta Chorca Dhuibhne faoi chomhpháirtíocht straitéiseach le Fáilte Ireland; Paul Arnold Architects a dhearaigh é.

Tá an tArdán Féachana seo mar pháirt de mhórinfheistíocht €2,610,794 atá á chaitheamh ar na Blascaodaí ag páirtnéireacht straitéiseach idir an Roinn Meáin, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúr, Spórt agus na Gaeltachta, Fáilte Ireland agus Oifig na nOibreacha Poiblí. San áireamh sa togra iomlán tá athchóiriú déanta ar sheanteach an scríbhneora iomráiteach Tomás Ó Criomhthain ar an mBlascaod Mór, forbairt ar bhealach siúil agus Súiomh Féachana ar bharr na faille agus uasghrádú iomlán ar an dtaispeántas ag Ionad an Bhlascaoid. Is faoi straitéis Project Ireland 2040 an Rialtais atá an t-infheistiú seo sna Blascaodaí á dhéanamh ag Fáilte Ireland agus é mar aidhm acu fás inbhuanaithe a chothú san earnáil turasóireachta in Éirinn agus ioncam agus postanna a mhéadú ar fud na tíre.

Agus an tArdán Féachana taibhsiúil os cionn Bhealach an Bhlascaoid á oscailt aige, dúirt an tAire O’Donovan:

Cuirfidh an t-ardán féachana seo go mór le háiseanna Ionad an Bhlascaoid, láthair tábhachtach oidhreachta náisiúnta a dhíríonn ar oidhreacht shainiúil litríochta an Bhlascaoid Mhóir. Cruthaíonn sé freisin láthair do chuairteoirí go Corca Dhuibhne ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin inar féidir stad ar feadh tamaill chun taitneamh a bhaint as radharcanna ar na Blascaodaí agus scíth a ligint imeasc áilleacht gharbh an cheantair i gCorca Dhuibhne. Tá an cosán agus an t-ardán inrochtana do chách agus tugann siad deis do chuairteoirí agus do mhuintir na háite araon teacht chuig áiteanna iontacha mar seo saor in aisce. Is é an tArdán Féachana an chéad chéim in athfhorbairt mhór ar Ionad an Bhlascaoid, a tógadh in 1993 i gcomhar leis an eagraíocht áitiúil Fondúireacht an Bhlascaoid. Tosófar ar uasghrádú mór ar na taispeántais in Ionad an Bhlascaoid i mí Dheireadh Fómhair agus osclófar iad in 2021. Is gealltanas tábhachtach é seo ag OPW um oidhreacht agus cultúr an Bhlascaoid Mhóir; neartóidh sé ról OPW sa cheantar Gaeltachta seo agus taispeánfaidh sé oidhreacht chultúrtha na n-oileán seo do chuairteoirí ó chian agus ó chóngar araon.

Dúirt Orla Carroll, Stiúrthóir um Fhorbairt Táirgí, Fáilte Ireland:

Is geal le Fáilte Ireland bheith páirteach mar pháirtnéir ag Oifig na nOibreacha Poiblí san tionscadal seo. Tá sé ag teacht leis an aidhm againne bonneagar turasóreachta a fhorbairt ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh ábhair spéise do chuairteoirí a fhorbairt a sheasann amach sa mhargadh. Tá an tionscadal seo ar cheann de na tionscadail suntasacha atá ar bun ag Fáilte Ireland ar fud na tíre. Tabharfaidh siad eispéireas ar leith do chuairteoirí agus beidh ról suntasach acu maidir le cuairteoirí a spreagadh chun Éire a chuardach agus tairbhí eacnamaíocha na turasóireachta a scaipeadh ar fud na tíre ar fad.

Ag críochnú dó, dúirt an tAire O’Donovan:

Bhí droch-thionchar ag Covid -19 ar an earnáil turasóireachta le cúpla mí anuas agus d’aithin an Rialtas an gá atá ann gníomhú go tapa chun an eacnamaíocht a spreagadh, go háirithe maidir le turasóireacht bhaile. Le déanaí sheol mé an tionscnamh Saorchead Isteach ag Láithreacha Oidhreachta OPW, Ionad an Bhlascaoid san áireamh. Molaim do chách dul amach ag cuardach gach a bhfuil in Éirinn – idir oidhreacht shaibhir agus radharcra taibhsiúil, atá ar thairseach an dorais againn uile. Ní foláir dúinn go léir ár gcion a dhéanamh chun Éire a chur ag gluaiseacht ar aghaidh ar an mbóthar arís.

Beidh grianghrafanna na hócáide ar fáil dá éis ó Valerie O’Sullivan ar valerieosullivanF8@gmail.com nó déan teagmháil le Barry Nangle, OPW ar 087 147 0617

-CRÍOCH-

Um breis eolais, déan teagmháil leis an Aonad Seirbhísí Cliant agus Cumarsáide ag pressoffice@opw.ie

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Faigh sinn ar Facebook @opwireland

Nótaí le haghaidh Eagarthóirí

In Ionad an Bhlascaoid tá réimse iomlán meáin léirmhíniúcháin chun scéal mhuintir an Oileáin a insint. Ach tá an fhís le haghaidh an Oileáin níos simplí; féadfar cuairteoirí a thabhairt ar thuras siar thar na blianta chun a fheiceáil conas a mhair na hoileánaigh mar phobal agus iargúltacht agus áilleacht ar leith an Bhlascaoid Mhóir a mheas.

Tá obair déanta cheana féin ag OPW um athchóiriú ar theach cónaithe Thomáis Uí Chriomhthain, scríbhneoir iomráiteach an Bhlascaoid Mhóir. Tugann an teachín seo eispéireas firéanta do chuairteoirí agus léiríonn sé na dianchúinsí maireachtála a d’fhulaing muintir an Oileáin ar feadh na mblianta, sular ar thréig an 22 duine a bhí fágtha an t-oileán in 1953.