Athoscailt Sceilg Mhichíl curtha ar athló de bharr na drochaimsire

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Athoscailt Sceilg Mhichíl curtha ar athló de bharr na drochaimsire

De bharr na drochaimsire agus farraige fhiáin inniu, Dé hAoine, 1 Iúil, ní raibh Treoraithe Oifig na nOibreacha Poiblí ábalta taisteal go Sceilg Mhichíl roimh an athoscailt a bhí pleanáilte don Satharn, 3 Iúil. Toisc go bhfuil farraige fhiáin tuartha don lá amárach, Dé Sathairn, 2 Iúil, chomh maith, tá athoscailt Sceilg Mhichíl do chuairteoirí curtha ar athló go dtí An Luan, 4 Iúil.

Táthar ag súil go mbeidh an fharraige sách ciúin ar an Domhnach, 3 Iúil, agus dá bharr sin, go mbeidh Treoraithe Oifig na nOibreacha Poiblí ábalta taisteal go sábháilte go Sceilg Mhichíl. Chomh luath agus a bhainfidh siad an láthair amach, cuirfidh siad tús lena n-ullmhúcháin chun fáilte a chur roimh chuairteoirí ar ais chuig an oileán ar an Luan.

Um breis eolais, déan teagmháil le Preas-Oifig OPW ag: pressoffice@opw.ie

Lean muid ar Twitter @opwireland

Aimsigh muid ar Facebook @opwireland

Lean muid ar Instagram @opwireland

Lean muid ar LinkedIn @Office of Public Works

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat