English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Athosclófar Sceilg Mhichíl le haghaidh séasúir 2023 ar 13 Bealtaine

Beidh fáilte roimh chuairteoirí ar Sceilg Mhichíl le haghaidh séasúir 2023 ón Satharn 13 Bealtaine.

Dúirt Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), a bhainistíonn an suíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO, go mbraitheann rochtain ar an oileán i gcónaí ar dhea-chúinsí aimsire, farraige agus oileáin.

Dúirt an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan T.D.:

“Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil an suíomh oidhreachta domhanda ar leith seo le hoscailt in athuair le haghaidh séasúir an tsamhraidh. Tá Sceilg Mhichíl ar cheann de na suíomhanna oidhreachta is íocónaí in Éirinn. Tá ról lárnach ag an oileán maidir le turasóireacht sa cheantar agus tá bród orainn tacú leis seo trí Sceilg Mhichíl agus suíomhanna eile OPW sa chontae.”

Ag tagairt do rannpháirtíocht an oileáin i dtionscnamh domhanda chun suíomhanna cultúrtha a chosaint ar thionchair ón athrú aeráide, dúirt an tAire O’Donovan:

“Gan amhras, tá Sceilg Mhichíl ar cheann de na suíomhanna is dúshlánaí atá faoi chúram OPW. Déanann an fhoireann againne saothar den scoth chun cuairteoirí a choimeád slán agus oidhreacht an oileáin a chosaint, in aghaidh na ndúshlán ón láthair, a iargúlta is atá sé agus an aimsir ann a athraíonn gan choinne.”

Tá Sceilg Mhichíl i measc deich suíomh ar fud an domhain atá rannpháirteach sa thionscadal Caomhnú Oidhreachta: Ár nOidhreacht Feasta.

Tabharfaidh an tionscadal seo an cumas do phobail ar fud an domhain tionchair aeráide ar chultúr amach anseo a thuar agus a mheasúnú, agus sa chaoi sin cuidiú leo an t-eolas eolaíoch sin a úsáid chun suíomhanna a chosaint.

Déanfadh OPW, Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta (NMS) agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) eolas eolaíoch agus oiliúint theicniúil lucht bainistíochta suímh agus an phobail áitiúil a fhorbairt, chun pleananna um oiriúnú don athrú aeráide le haghaidh an oileáin a thabhairt chun cinn a bheidh bunaithe ar an suíomh agus ar an bpobal.

Dúirt an tAire O’Donovan,

“Mar chúramóirí na hOidhreachta Domhanda seo, i dteannta NMS agus NPWS, is pribhléid ag OPW oibriú le daoine eile ar fud an domhain ar an tionscadal tábhachtach seo; neartófar an nasc againn le pobal Chiarraí Theas maidir le luach agus suntas an oileáin.”

Moltar dóibh siúd a bhfuil sé ar intinn acu cuairt a thabhairt ar an oileán Físeán Slándála Sceilg Mhichíl a fheiceáil roimh áirithint a dhéanamh, chun eolas a fháil maidir lena bhfuil rompu.

Mar shampla, chun cuairt a thabhairt ar an mhainistir is gá 618 gcéim a dhreapadh, chuig airde breis agus 600 tr. (180m.) Is dúshlánach an turas é sin agus ba cheart duit machnamh cúramach a dhéanamh maidir le do shláinte phearsanta dá réir sin.

Tá sé fíor-riachtanach áirithint a dhéanamh roimh ré ag www.heritageireland.ie


Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Faigh sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works


Nótaí

Féadfar socruithe oscailte a athrú i bhfianaise cúinsí aimsire

Lasmuigh de na huaireanta oscailte atá fógartha, níl foireann ar an oileán agus tá dianchosc ar chuairt.

Maireann cuairt 2.5 uair de ghnáth (seachas an turas báid)

• Ní mór do chuairteoirí fanacht ar na cosáin atá léirithe i gcónaí

• Ní mór diansmacht a choimeád ar leanaí i gcónaí

• Seachain carraigeacha ag titim

• Tá géarardú ar na céimeanna

• Tá céimeanna míchothroma ann

• Tá na céimeanna sleamhain agus iad fliuch

• Moltar duit uisce a thabhairt leat agus éadaí cosanta a chaitheamh

Is suíomh é seo atá thar a bheith leochaileach agus mar sin iarrtar ar chuairteoirí comhoibriú linn chun an séadchomhartha seo a chosaint. Ní cheadaítear ainmhithe ar bith ar an suíomh.

Féadfar ceisteanna a sheoladh chuig Saoirse Houston ag opwskellig@opw.ie