Athosclaíonn OPW Cúirt Dhún ar Aill le seomraí feistis inrochtana agus tarraingtí breise do chuairteoirí
- Foilsithe: 11 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Feictear obair shuntasach caomhnaithe ag Cúirt Dhún ar Aill inniu, ag cur leis na háiseanna do chuairteoirí anseo sa teach ón 18ú haois atá i gceartlár ceann de na heastáit Sheoirseacha is iomláine in Éirinn. Tá an fhorbairt seo i dTuaisceart Chorcaí mar chuid de phlean straitéiseach caomhnaithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) atá ag réiteach le scéim Fáilte Ireland maidir le tarraingtí do chuairteoirí i gCroíthailte Ceilte Éireann.
Ag teacht le polasaithe Rialtais agus OPW críochnaíodh seomra feistis inrochtana mar chuid den obair athchóirithe. Tá sé seo oiriúnach do dhaoine atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais bhreise fisiceacha acu. Chomh maith leis sin, tá ardlóir chuig an chéad urlár agus na seomraí taispeántais.
Dúirt an tAire O’ Donovan:
“Tá áthas orm áiseanna nua OPW ag Dún ar Aill a fhógairt inniu. Feabhsú dearfach iad seo maidir le cuimsiú iomlán, comhionannas agus cearta daoine sa phobal againne atá faoi mhíchumas. Tá gach cuid de Theach Dhún ar Aill inrochtana anois agus is féidir le cách taitneamh a bhaint as na tarraingtí atá fáil le haghaidh cuairteoirí.”
Dúirt Leasmhéara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Deirdre O’Brien:
"Is aoibhinn bheith anseo i nDún ar Aill inniu agus an chéad chéim eile sa teach iontach seo i dTuaisceart Chorcaí ar oscailt go hoifigiúil. Molaim OPW as a saothar caomhnaithe ar Theach Dhún ar Aill agus as athbheochan an Eastáit iomláin, atá anois ar cheann de na tarraingtí is fearr le haghaidh cuairteoirí sa réigiún."
Gnéithe eile den tionscadal athchóirithe, a chosain €2 mhilliún, is ea athchóiriú ar an halla agus ar an staighre, naoi seomra nua ar oscailt ar an gcéad urlár mar láthair thaispeántais, rindreáil nua ar Sciathán Thoir an tí, áiseanna nua foirne agus athchóiriú an Lóiste.
Tá Plean cuimsitheach um Bainistiú Caomhnaithe don teach agus eastát á sheoladh inniu freisin. Ba iad Rodney Melville & Partners, Ailtirí Cairte agus Comhairleoirí Tógála Staire a d’ullmhaigh an plean, i ndlúthchaidreamh le OPW. Leagtar amach sa phlean na riachtanais infheistíochta is gá chun a chinntiú gur féidir an teach, an tírdhreach deartha, foirgnimh an Eastáit, an éiceolaíocht agus na gairdíní a chosaint agus a chaomhnú le haghaidh an glúin a thiocfaidh amach anseo.

Tríd an saothar seo, leagadh amach polasaithe agus treoirlínte mar bhonn eolais le caomhnú, deisiú, bainistiú agus úsáid na bhfoirgneamh agus an tírdhreach deartha de réir an chleachtais caomhnaithe is fearr. Inniu tá críoch le Céim 2 den phlean iomlán. Léiríonn an Tuarascáil cás láidir um chaomhnú an Eastáit mar phríomhláthair oidhreachta agus turasóireachta in Éirinn. Sa chéad chéim eile athchruthófar an Teach Oráistí in aice an tí mhóir. Leis seo, beidh deis níos fearr ag OPW imeachtaí cultúrtha a reachtáil.
Ar an gcéad urlár, tá taispeántais a thugann tuiscint do chuairteoirí ar ar chomhthéacs tíreolaíochta, stairiúil, cultúrtha agus sóisialta Chúirt Dhún ar Aill. Cuimsíonn siad:
- sealbhú luath na dtailte ag Dún ar Aill ó theacht mhuintir St. Legers mar úinéirí ann,
- stair mhuintir St. Leger sa 19ú agus 20ú haois, le tagairtí don Chanónach Ó Síocháin, Bantiarna Bhaile an Chaisleáin agus an Breitheamh Meiriceánach Oliver Wendall Holmes,
- athchruthú ar Sheomra an Bhantiarna Dhún ar Aill,
- taispeántas ar thithe Caillte Chorcaí,
- taispeántas ar Bowen’s Court agus Elizabeth Bowen, agus
- eolas stairiúil ar obair caomhnaithe a rinne Cumann Seoirseach Éireann sna 1980idí
Tá ábhar nua ag cur leis na bailiúcháin mar a leanas:
- Taispeántas Ballapháipéir ó Chartlann Bhallapháipéir Scinéir,
- Mionsamhla de theaghlaigh Chorcaí le Edmund Corrigan, ar iasacht ó Chumann Seoirseach Éireann,
- pictiúir ó Ghailearaí Ealaíne Crawford,
- nithe ar iasacht a bhaineann le Elizabeth Bowen,
- Dealbha ó Friends of the National Collections of Ireland,
- iasachtaí príobháideacha troscáin ón Teach agus bailiúchán leabhar.
Grianghraif ar fáil ó Clare Keogh Photography (keogh.clare@gmail.com) – breis eolais agus iarratais um agallaimh, déan tragmháil le pressoffice@opw.ie.
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Eolas faoi Dhún ar Aill
Baineann tábhacht mhór chultúrtha le Dún ar Aill, áit íocónach i dTuaisceart Chorcaí.
Sa bhliain 1629, cheannaigh an Sir William St Leger, Lord President of Munster,, an tEastát agus na tailte agus chuirsé faoi i gCaisleán Dhún ar Aill, a tógadh san 13ú haois. Faoi 1645, bhí an Caisleán creachta agus curtha trí thine iliomad uair agus b’éigean é a thréigeadh.
Tógadh an teach atá ann faoi láthair i 1725;ba é Isaac Rothery an t-ailtire. Le himeacht aimsire cuireadh giotaí breise leis – mar shampla, cistin ochtagánach agus stór cluichí a tógadh i 1869. Ó shin scriosadh seomra bia a tógadh an tráth céanna agus grianán Gotach a tógadh i 1825. Tógadh freisin teachíní, lóistí, tithe feirme agus stáblaí. Nuair a cailleadh Aodh an seachtú Bíocunta, chlis ar líne seo an teaghlaigh; tháinig col seisir leis, an t-ochtú Bíocunta in oidhreacht air. Sa bhliain 1969 cheannaigh Coimisiún na Talún an teach.
Tá an teach faoi chúram OPW ó 1994; is iomaí saothair atá déanta ó shin chun an teach a chaomhnú – deisiú ar an díon, fuinneoga nua agus oibreacha eile ar chreat an tí. Osclaíodh an Bunurlár sa bhliain 2019 – céim thábhachtach ag OPW chun an teach iontach seo a chothabháil agus a chaomhnú.
I measc na bhfeabhsuithe eile ar an Eastát tá clós súgartha nua, carrchlós breise, athchóiriú ar na leithris, naisc chuig an mbaile mór, athchóiriú ar Áirse agus Geataí an Bhua, comharthaiocht, díon nua ar Theach na gCóistí agus Teachíní na Garraíodóirí, deisiú ballaí teorann agus Ha Ha, obair ar an loch agus ar na droichid, agus áiritheoirí cuairteoirí. Tá clár leanúnach um athphlandáil crann, cothabháil tírdhreacha agus bainistiú eastáit.
Óna bhunú faoi scáth caisleáin ón mheánaois, mhair Cúirt Dhún ar Aill le 300 bliain anuas. A bhuíochas le saothar OPW mairfidh sé amach anseo mar láthair phoiblí inrochtana ag cách.
Eolas Ginearálta
Tá Teach agus Eastát Dhún ar Aill ar oscailt don phobal gach lá.
An Teach (Turas Treoraithe amháin)
31Márta – 22 Deireadh Fómhair 2023
10.00 go 16.00 (cead isteach deireanach 15.00)
Eastát Dhún ar Aill – ar oscailt an bhliain ar fad
Samhradh
Gach lá - 8.00 go 20.00
Fómhar/Geimhreadh(ó 31 Deireadh Fómhair)
Gach lá – 8:00 go 17:00