English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Athosclaítear Teach Cóiste Chaisleán Bhaile Átha Cliath le taispeántas a chomórann 700 bliain ó bhás Dante

Tá Caisleán Bhaile Átha Cliath ar oscailt arís do chuairteoirí inniu, le taispeántas nua sa Teach Cóiste - ‘100 Lithographs: Dante’s Divine Comedy by Liam Ó Broin’. Tá sé seo á eagrú i gcomhar leis an Istituto Italiano di Cultura, Baile Átha Cliath, mar chuid d’imeachtaí na bliana seo ag comóradh 700 bliain ó bhásaigh an file Iodáileach meánaoiseach Dante Alighieri.

Rugadh Dante i Flórans in 1265; chríochnaigh sé a dhán eipiciúil La Divina Comedia bliain sular bhásaigh sé ar deoraíocht i Ravenna in 1321. Is sárshaothar litríochta domhanda go dtí an lá inniu é an fhís samhlaíoch seo a chruthaigh sé den saol eile; ríomhann sé trí chéim - Inferno, Purgatorio agus Paradiso – i dturas an oilithrigh trí ifreann, purgadóir agus neamh.

Is é an t-ealaíontóir comhaimseartha Éireannach Liam Ó Broin an duine is déanaí atá ag iarraidh, ní amháin Dante a léiriú, ach freagairt dó chomh maith. Leanann sé i lorg ealaíontóirí mar Giovanni de Paolo, Federico Zuccari agus Botticelli. Ina stiúideo gar do Bhaile Shláine, chríochnaigh sé an tionscadail clódóireachta is mó dá leithéid in Éirinn; thar thréimhse 10 mbliana chruthaigh sé 100 liteagraf beoga a léiríonn an 100 cantos san Divina Comedia.

Léiríonn an taispeántas, faoi stiúradh Brian McAvera, ní amháin an sraith iontach priontaí ach freisin an cúlra – nótaí ealaíontóra, léaráidí agus foinsí. Taispeántar scannán 10-nóiméad, a mhíníonn an próiseas liteagrafach agus na bealaí éagsúla inar féidir na liteagraif a fhéachaint agus a thuiscint. Tá clár mionsonraithe an taispeántais ar fáil freisin. Dóibh siúd nach féidir leo cuairt a thabhairt ann, féadfar é a fheiceáil ar líne ag: commediadivinaonlinexhibition.com

Tá an taispeántas ar siúl ó 10 Bealtaine go 10 Deireadh Fómhair, ar oscailt gach lá ó 10 am go 5 pm. Tá cead isteach saor in aisce agus ní gá réamháirithint. Riarfar cead isteach ar bhealach chun scaradh sóisialta 2m a choinneáil; mar sin, tharlódh go mbeadh gá le córas ciúála lasmuigh ó am go céile.

-CRÍOCH-

Um breis eolais nó grianghraif déan teagmháil le pressoffice@opw.ie

Lean sinn ar Twitter ag @opwireland@opwireland

Lean sinn ar Facebook ag @opwireland

Nótaí le haghaidh Eagarthóirí

Tá an t-eolas is déanaí faoin taispeántas ar fáil ar fhéilire imeachtaí Chaisleán Bhaile Átha Cliath anseo: dublincastle.ie/calendar/

Is iad Gailearaí an Tí Cóiste agus na Seomraí Stáit i gCaisleán Bhaile Átha Cliath dhá cheann de na láithreacha oidhreachta OPW atá ar oscailt arís ó scoradh cuid de na srianta. Chun liosta iomlán na láithreacha oidhreachta OPW atá ar oscailt a fheiceáil, féach anseo: heritageireland.ie/ga