Bhuail An tAire O’Donovan le Leas-Ambassadóir na hÍsiltíre Yaron Oppenheimer
- Foilsithe: 24 Samhain 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Bhuail an tAire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí, an tUasal Patrick O’Donovan T.D., i mBaile Átha Cliath inniu le Leas-Ambasadóir na hÍsiltíre, an tUasal Yaron Oppenheimer. Deis a bhí anseo dlús a chur leis an gcomhoibriú atá ar bun cheana féin idir rialtas na hÉireann agus rialtas na hÍsiltíre, ar nós, an piarmheasúnú a rinneadh ar bhainistíocht riosca tuile na hÉireann faoi stiúir shaineolaithe as an Ísiltír mar aon leis an eolas a mhalartaíonn oifigigh agus saineolaithe as an Ísiltír agus as Éirinn go leanúnach i dtionscadail agus ag cruinnithe agus comhdhálacha éagsúla. Phléigh an tAire agus Leas-Cheannasaí Mission roinnt ábhar is díol spéise dóibh araon i réimse na bainistíochta riosca tuile. Le linn an phlé, cuireadh an bhéim ar acmhainneacht an phobail a fheabhsú chun dul i ngleic mar is cuí le hathrú aeráide mar chuid d’oiriúnú don athrú aeráide, rannpháirtíocht an phobail, an tábhacht leanúnach atá le bearta cosanta i gcoinne tuilte sa dá thír, agus cothromaíocht a aimsiú idir sábháilteacht an phobail agus spriocanna timpeallachta.