Ceiliúradh ar Oidhreacht Garech de Brún: Seolann an tAire O’Donnell Leabharlann agus Seomra Taispeántais Garech de Brún ag Farmleigh
- Foilsithe: 24 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 28 Meán Fómhair 2024
Tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí, i gcomhpháirtíocht le hIontaobhaithe Iontaobhais Mhuintir de Brún, a fhógairt go bhfuil Leabharlann Garech de Brún agus Seomra Garech de Brún i dTeach Farmleigh le seoladh. Beidh an ócáid seo ar siúl ar an Déardaoin, 23 Bealtaine 2024. Is é an tAire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí, Kieran O’Donnell, a dhéanfaidh an seoladh.
Ba mhac le Oonagh Guinness agus Doiminic Geoffrey Browne, Barún Órán Mór agus de Brún ab ea Garech de Brún (25 Meitheamh 1939 - 10 Márta 2018) agus garmhac leis an Onórach Arthur Ernest Guinness, Iarla Uíbh Eachach. Bhí spéis aige i réimse leathan ábhar, ina measc, litríocht idirnáisiúnta, ealaín, ceol, fealsúnacht, reiligiúin, stair, agus gairneoireacht. Tá a lán earraí luachmhara neamhchoitianta agus fíorspéisiúil le fáil ina chuid bailiúchán. Bhíodh Garech i mbun comhfhreagrais leis na scríbhneoirí ba cháiliúla in Éirinn san fhichiú haois agus is iomaí céadeagrán sa bhailiúchán atá sínithe agus tiomnaithe ag na húdair.

Tá bailiúchán suntasach leabhar, lámhscríbhinní agus cuimhneacháin phearsanta a bhailigh Garech de Brún, nach maireann, ar feadh a shaoil le feiceáil sa Leabharlann agus i seomra taispeántais Garech de Brún. Beidh thart ar 20,000 ábhar suime sa spás leabharlainne saintógtha, ina measc, lámhscríbhinní de chuid na hÁise, cuimhneacháin teaghlaigh, lámhscríbhinní ceoil thraidisiúnta na hÉireann agus bailiúcháin liteartha agus ealaíne comhaimseartha.
Cuirfear réimse leathan saothar ealaíne agus cuimhneacháin phearsanta a léireoidh saol agus raon leathan spéise Garech de Brún ar taispeáint i Seomra Garech de Brún i dTeach Farmleigh. Ina measc, beidh na taifid a rinne sé ar cheol traidisiúnta na hÉireann le feiceáil agus léireofar an grá a bhí aige don fhilíocht Éireannach agus idirnáisiúnta araon. Déanfar ábhair éagsúla a chur ar taispeáint ó am go chéile chun aird a tharraingt ar a bhfuil ar fáil sa leabharlann agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar an méid a chuir Garech leis an litríocht, ealaín agus ceol Éireannach agus idirnáisiúnta araon.
Dúirt an tAire O’Donnell
‘Is é seo mo chéad chuairt ar Farmleigh mar Aire Stáit d’Oifig na nOibreacha Poiblí agus is mór an onóir dom Leabharlann agus Seomra Taispeántais Garech de Brún a sheoladh i dTeach Farmleigh. Tá sé fíorálainn agus cuirfidh sé go mór le heispéireas na gcuairteoirí chuig an láthair seo. Is sampla eile é seo den mhuinín a chuireann ár bhforais chultúir, bailitheoirí príobháideacha agus bronntóirí in Oifig na nOibreacha Poiblí chun a chinntiú go ndéantar bailiúcháin agus gnéithe oidhreachta tábhachtacha éagsúla a roinnt le muintir na hÉireann. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a raibh baint acu leis an togra seo a chur i gcrích.’
Sna blianta deireanacha dá shaol, chuir Garech de Brún in iúl gur mhian leis taisclann institiúide a bhronnadh a chinnteodh sláine, cúram agus slándáil ábhar na leabharlainne. Mheas Richard Ryan agus Tony Boylan, Iontaobhaithe Iontaobhais Mhuintir de Brún, gurb é Farmleigh an suíomh ab fhearr don leabharlann. D’aontaigh siad Comhaontú Iasachta le hOifig na nOibreacha Poiblí (OPW) chun an fhís seo a fhíorú. Tá Leabharlann Garech de Brún i mbun próiseas catalógaithe faoi láthair agus beidh sí ar fáil do dhaoine go luath chun críocha staidéir agus taighde ach coinne a dhéanamh roimh ré. Beidh rochtain ag scoláirí as Éirinn agus ó áiteanna ar fud an domhain ar an mbailiúchán iontach seo, a léiríonn dúthracht Garech de Brún maidir le caomhnú agus ceiliúradh na litríochta, na healaíne agus an cheoil.
Uaireanta oscailte Theach Farmleigh:
Is féidir turais threoraithe ar Theach Farmleigh a chur in áirithe ar líne nó ar bhonn 'tús freastail' idir 10.00 agus 17.30 uair agus an turas deireanach ag 16.30.
Le tuilleadh eolais a fháil faoi Leabharlann agus seomra taispeántais Garech de Brún ag Farmleigh, féach le do thoil ar an nasc https://www.farmleigh.ie.
Tuilleadh eolais le fáil, ach teagmháil a dhéanamh le pressoffice@opw.ie. Beidh grianghraif ar fáil tar éis na hócáide
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram@opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Nótaí
Bhí spéis ag Garech de Brún i réimse leathan ábhar cultúrtha. In éineacht lena chara, an cumadóir Seán Ó Riada, ghlac sé páirt lárnach in athbheochan an cheoil traidisiúnta ó na 1950aidí ar aghaidh. I 1959, bhunaigh sé Ceirníní an Chladaigh i bpáirt leis an bhfile John Montague, an síceolaí Ivor Browne, agus an ceoltóir Paddy Moloney. Mar Chathaoirleach ar Cheirníní an Chladaigh, bhí sé i bhfeighil taifid fhilíochta agus cheoil ar feadh breis agus seasca bliain. Tá cáil idirnáisiúnta ar chatalóg Cheirníní an Chladaigh mar fhoinse údarásach maidir le: filíocht an fhichiú haois de chuid na hÉireann agus roinnt filíochta idirnáisiúnta, agus ar ndóigh, ceol Gaelach mar aon le daoncheol idirnáisiúnta.
Ag Log an Lá i gCill Mhantáin, ar an eastát taibhsiúil a d’fhág a mháthair mar uacht aige, bhailigh sé le chéile, de lá agus d’oíche, filí, ealaíontóirí, cláirseoirí, píobairí uilleann, fidléirí, lucht bodhráin agus feadóige, seanchaithe, amhránaithe sean-nóis agus slua ollmhór cairde a raibh an spéis chéanna acu agus a bhí aige féin sa chultúr Gaelach. Bhailigh sé saothair ealaíne le Jack B Yeats, Francis Bacon, Lucian Freud, Louis le Brocquy, Anne Madden, Hughie O’Donoghue, Edward McGuire, Barrie Cooke agus Anthony Palliser.