Déan an Ghaeilge a cheiliúradh ag láithreacha de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí le linn Sheachtain na Gaeilge
- Foilsithe: 2 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 2 Márta 2026
Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl ón 1 go dtí 17 Márta 2026
Is le linn fhéile Sheachtain na Gaeilge is mó a dhéantar an Ghaeilge a cheiliúradh. Tá Oifig na nOibreacha Poiblí ag reáchtáil sraith imeachtaí agus turais ‘as Gaeilge’ ag láithreacha éagsúla dá gcuid le linn na seachtaine seo.
Beidh deis ag cuairteoirí páirt a ghlacadh i dturais saor in aisce ag láithreacha áirithe de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí, ina measc, Casino Marino, Ionad Cuairteoirí Theach an Chustaim, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Músaem Phríosún Chill Mhaighneann, Garraithe Náisiúnta na Lus, Músaem na bPiarsach, Caisleán Ráth Fearnáin agus Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann.
Beidh na turais á reáchtáil ag treoraithe atá fíoreolach agus tabharfaidh siad léargas suimiúil agus inseoidh siad scéalta inár dteanga dhúchais. Beidh eispéireas den scoth ag gach duine a fhreastalaíonn ar na turais seo, ina measc, turais ar fhoirgnimh stairiúla chomh maith le turais ar láithreacha iontacha eile.
Dúirt an tAire Stáit atá Freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí, Kevin “Boxer” Moran: “Is le linn Sheachtain na Gaeilge is mó a dhéantar an Ghaeilge agus an cultúr a cheiliúradh agus is é an bealach is fearr chun muid féin a thumadh inár dteanga dhúchais ná cuairt a thabhairt ar láithreacha oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí le linn an cheiliúrtha seo. Tá an-lúcháir ar Oifig na nOibreacha Poiblí turais trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil i rith Sheachtain na Gaeilge chun a chinntiú go mbainfidh daoine aonair, grúpaí agus teaghlaigh taitneamh as cuid dár saibhreas oidhreachta, trí Ghaeilge”.
Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn agus a cheiliúradh, chomh maith le heispéireas den scoth a chur ar fáil do chuairteoirí.
Le linn Sheachtain na Gaeilge, déan ceiliúradh ar an nGaeilge agus ar an gCultúr Gaelach ag Láithreacha Oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí. Chun breis eolais a fháil chomh maith le liosta iomlán de na himeachtaí, féach ar na naisc thíos nó tabhair cuairt ar www.heritageireland.ie. Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl ón 1 go dtí 17 Márta 2026. Chun breis eolais a fháil, féach ar an nasc – ww.snag.ie
Más Gaeilgeoir óg ealaíonta tú, is féidir leat páirt a ghlacadh inár gComórtas Dathúcháin do Sheachtain na Gaeilge chun seans a fháil turas saor in aisce a bhuachan chuig do rogha láthair oidhreachta.
Féach le do thoil ar : Seachtain na Gaeilge | Heritage Ireland chun breis eolais a fháil.
Tá urlabhraithe ó Oifig na nOibreacha Poiblí ar fáil i gcomhair agallaimh, ar iarratas.
Déan teagmháil le pressoffice@opw.ie le do thoil chun breis eolais a fháil agus agallamh a shocrú.
Lean muid ar Twitter @opwireland
Lean muid ar Facebook @opwireland
Lean muid ar Instagram @opwireland
Lean muid ar LinkedIn @Office of Public Works
Nótaí
Chun breis eolais a fháil faoi na himeachtaí, féach ar na naisc thíos, le do thoil:
Casino Marino, Baile Átha Cliath
Seachtain na Gaeilge - Casino Marino trí Ghaeilge - link
Ionad Cuairteoirí Theach an Chustaim
Ionad Chuairteoirí Theach an Chustaim, trí Ghaeilge - link
Caisleán Bhaile Átha Cliath
Seachtain na Gaeilge - Caisleán Bhaile Átha Cliath - link
Músaem Phríosún Chill Mhaighneann
Seachtain na Gaeilge - Príosún Cill Mhaighneann – link
Garraithe Náisiúnta na Lus, Glas Naíon
Garraithe na Lus, Glas Naíon - link
Músaem na bPiarsach
Seachtain na Gaeilge - Músaem na bPiarsach, Rath Fearnáin - link
Caisleán Ráth Fearnáin
Turas treoraithe stairiúil ar Chaisleán Rath Fearnáin, trí Ghaeilge – link
Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann
Turas treoraithe ar Acra an Bhulaí – link