Chuir an tAire Patrick O’Donovan fáilte roimh sheoladh an taispeántais, An Conradh 1921, i nGailearaí Theach an Chóiste i gCaisleán Bhaile Átha Cliath inniu

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Chuir an tAire Patrick O’Donovan fáilte roimh sheoladh an taispeántais, An Conradh 1921, i nGailearaí Theach an Chóiste i gCaisleán Bhaile Átha Cliath inniu

Chuir an tAire Patrick O’Donovan fáilte roimh sheoladh an taispeántais, An Conradh 1921, i nGailearaí Theach an Chóiste i gCaisleán Bhaile Átha Cliath inniu:

“Tá lúcháir orm féin agus ar Oifig na nOibreacha Poiblí tacaíocht a thabhairt don Chartlann Náisiúnta chun an bailiúchán iontach doiciméad seo a chur ar taispeáint. Cabhraíonn an taispeántas leis an iomad scéalta, a léiríonn comhthéacs an Chonradh Angla-Éireannach, a insint. Síníodh an Conradh go luath ar maidin, an 6 Nollaig 1921, agus dhaingnigh an Dáil é ar 7 Eanáir 1922. Naoi lá ina dhiaidh sin, nuair a tugadh Caisleán Bhaile Átha Cliath ar láimh go foirmiúil do rialtas nua na hÉireann, malartaíodh cóipeanna den chonradh seo idir Mícheál Ó Coileáin, a bhí ina Uachtarán ar an Rialtas Sealadach ag an am, agus an Bíocunta FitzAlan as Derwent, an Tiarna Leifteanant deiridh a bhí in Éirinn. Tá sé an-fheiliúnach go bhfuil an doiciméad stairiúil seo á thabhairt ar ais go Caisleán Bhaile Átha Cliath, beagán faoi bhun céad bliain ina dhiaidh sin, áit a mbeidh deis ag an bpobal níos mó a fhoghlaim faoi sa taispeántas atá á choimeád ag an gCartlann Náisiúnta i nGailearaí Theach Chóiste an Chaisleáin.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat