Comóradh Céad Bliain ar Éalú Chill Mhaighneann 14 Feabhra 1921
- Foilsithe: 11 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Comóradh Céad Bliain ar Éalú Chill Mhaighneann 14 Feabhra 1921
Comhrá ar líne maidir le héalú na bpríosúnach IRA ó Phríosún Chill Mhaighneann le linn Chogadh na Saoirse
Céad bliain ó shin tharla ceann de na heachtraí ba dhrámatúla agus ba mhó teannais i stair Phríosún Chill Mhaighneann. Díreach roimh 9pm ar 14 Feabhra 1921, d’éalaigh triúr fear - Ernie O’Malley, Simon Donnelly agus Frank Teeling – ón Phríosún, a bhí in úsáid an tráth sin mar bheairic mhíleata agus mar phríosún polaitiúil. Le cabhair ó chuid de na saighdiúirí Breataineacha a bhí mar ghardaí príosúin, smuigleáileadh gearrthóir boltaí isteach sa Phríosún; d’eirigh leis na fir an glas ar cheann de na geataí a bhriseadh agus d’éalaigh siad leo amach. Bhí príosúnach eile, Patrick Moran, páirteach i bpleanáil an eachtra ach ar deireadh chinn sé ar fhanacht. Bhí se le triail an lá dar gcionn; mheas sé dá n-éalódh sé go mbeadh sé ag loiceadh ar na finnéithe a cheap sé a chruthódh neamhchiontach é. Ba olc an mhaise dó an cinneadh sin; fuarthas ciontach é agus crochadh é i bPríosún Mhuinseo mí ina dhiaidh sin, ar 14 Márta 1921.
Chun an ócáid seo a chomóradh, tá Músaem Phríosún Chill Mhaighneann ag foilsiú agallaimh thaifeadta le triúr duine a bhfuil léargas ar leith acu ar an scéal seo. Is iad seo a leanas na cainteoirí:
• May Moran, iarmhúinteoir agus neacht le Patrick Moran. In 2010 d’fhoilsigh sí ‘Executed for Ireland: The Patrick Moran Story’ a chuireann síos ar a bheatha suntasach.
• Cormac O’Malley, mac Ernie O’Malley. Dhein Cormac maoirsiú ar athfhoilsiú chuimhní cinn a athar, chomh maith le scríbhinní eile nár foilsíodh cheana agus agallaimh a chuir Ernie O’Malley ar bhreis agus 450 iarchomrádaí dá chuid. Le déanaí, dhein sé scannán faoi shaol a athar agus a mháthar, Helen Hooker ealaíontóir, dar teideal ‘A Call to Arts’.
• An Dr. William Murphy, léachtóir Staire agus Tíreolaíochta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is é nuastair na hÉireann an príomhréimse taighde atá aige, an tréimhse réabhlóide ach go háirithe. Foilseachán leis is ea ‘Political Imprisonment and the Irish, 1912-1921’ a d’fhoilsigh Oxford University Press in 2014.
Ba é Brian Crowley, Coimeádaí na mBailiúchán ag Príosún Chill Mhaighneann, a stiúraigh an t-agallamh. Cuardaíonn sé scéal greamaitheach an éalaithe agus an suntas níos leithne a bhain leis maidir le stair Chogadh na Saoirse. Tá sé ar fáil saor in aisce ar chainéal You Tube OPW.
Um breis eolais agus íomhánna ardchaighdeáin, déan teagmháil le Brian Crowley, Músaem Phríosún Chill Mhaighneann ag 086 8079071 nó brian.crowley@opw.ie.
-CRÍOCH-
Nótaí le haghaidh eagarthóirí
Tá Príosún Chill Mhaighneann suite ar Bhóthar Inse Chór, Baile Átha Cliath 8.
Tá sé dúnta faoi láthair mar gheall ar shrianta Léibhéal 5, ach de ghnáth bíonn sé ar oscailt 9.30am go 5.30pm (iontráil deireanach 5pm), gach lá sa tseachtain.