Comóradh Céad Bliain ar mharú Sheáin Uí Threasaigh - Taispeántas nua ag Músaem Phríosún Chill Mhaighneann
- Foilsithe: 12 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Céad bliain ó shin, ar 14 Deireadh Fómhair 1920, tharla ceann de na heachtraí ba mhó cáil i gCogadh na Saoirse in Éirinn: marú Sheáin Uí Threasaigh in eachtra lámhaigh ar Shráid Thalbóid i lár Chathair Bhaile Átha Cliath. Chun é seo a chomóradh cruthaíodh taispeántas nua i bPríosún Chill Mhaighneann ina bhfuil iarsmaí a bhaineann go dlúth leis an dTreasach agus leis an eachtra seo. Taobh leo taispeánfar nuachtscannán a rinneadh díreach in ndiaidh an lámhaigh.
Bhí páirt ag Seán Ó Treasaigh i bpleanáil agus i bhfheidhmiú an chéad eachtra míleata i gCogadh na Saoirse, nuair a maraíodh beirt de chuid an RIC (Royal Irish Constabulary) i luíochán ag Sulchóid Bheag, Co. Thiobraid Árann ar 21 Eanáir 1919. Ina dhiaidh sin, bhí sé ar dhuine de na baill ba mhó cáil san IRA (Óglaigh na hÉireann) agus ghlac sé páirt in iliomad ionsaí ar fhórsaí na Breataine i dTiobraid Árann agus i mBaile Átha Cliath. Ina measc san bhí fuascailt Sheáin Uí Ógáin ó na póilíní agus iarracht ar Fhear Ionaid an Rí, an Bíocúnta French, a mharú.
Mar gheall ar chomh gníomhach is a bhí sé in ionsaithe ar fhórsaí na Breataine bhí fógra tóra amuigh air. I nDeireadh Fómhair 1920 bhí sé ar a choimeád i dtithe sábháilte éagsúla ar fud Bhaile Átha Cliath; ba mhinic ar éigean a tháinig sé slán ó ghabháil nó ó mharú. Maraíodh é in eachtra lámhaigh ar Shráid Thalbóid ar 14 Deireadh Fómhair, tar éis ruathair ag saighdiúirí de chuid Arm na Breataine ar shiopa le ball cáiliúil eile den IRA, Peadar Mac Lannchaidh.
Ar taispeántas tá gealasacha an Treasaigh agus bróg leis, a bhí á gcaitheamh aige tráth a maraíodh é. Baineann suntas ar leith leis an mbróg; tuigtear nach raibh an Treasach ábalta éaló ón láthair toisc gur rug sé greim ar rothar a bhí ró-ard dó agus ní fhéadfadh sé na troitheáin a oibriú i gceart. Ba é a chara agus a chomrádaí cogaidh, Dónal Ó Braoin, a choinnigh na hiarsmaí seo mar chuimhneachan air, chomh maith le ribe gruaige leis atá le feiceáil anseo freisin.

Mar chuid den taispeántas léireofar nuachtscannán a rinne British Pathé ar an láthair díreach i ndiaidh an eachtra lámhaigh. Maraíodh freisin ansin oifigeach faisnéise de chuid na Breataine, an Leftenant Ivon Henry Price, agus beirt shibhialach, Joseph Corringham agus Patrick Carroll. Fuair an IFI (Cartlann Scannán na hÉireann) an scannán seo ón British Film Institute agus Cartlann British Pathé – rinneadh cóipeanna digiteacha ardchaighdeáin ó na bunphriontaí níotráite atá fíorleochaileach. Is cuid é an scannán seo, Terror in Ireland, den Irish Independence Film Collection atá le feiceáil saor in aisce ar fud an domhain ar an nasc seo: ifiplayer.ie/independencefilms/
Ar an drochuair tá Príosún Chill Mhaighneann dúnta faoi láthair mar gheall ar shrianta Covid-19. Ach i gcomhar le RTÉ tá an taispeántas le feiceáil ar an suíomh gréasáin: rte.ie/history/soloheadbeg./
Dúirt Brian Crowley, Coimeádaí na mBailiúchán:
“Bhí dóchas againne go mbeadh an Músaem ar oscailt faoi chomóradh bháis an Treasaigh, ach fós ba thábhachtach linn na hiarsmaí seo a chur ar taispeáint ar an lá sin. Táimid ag súil go mór le fáilte a chur roimh an phobal sa Mhúsaem nuair a thiocfaidh feabhas ar chúrsaí sláinte phoiblí. Idir an dá linn, tá áthas orainn gur féidir an taispeántas a fheiceáil ar líne agus trí na meáin shóisialta.”
CRÍOCH
Lean sinn ar twitter @opwkilmainham
Lean sinn ar facebook @kilmainhamgaolmuseum
Nótaí le haghaidh Eagarthóirí
Cé go bhfuil an Músaem dúnta ar an bpobal, féadfar rochtain shrianta a shocrú le haghaidh iriseoirí. Um breis eolais agus íomhánna ardchaighdeáin, déan teagmháil le Brian Crowley, Músaem Phríosún Chill Mhaighneann, ag 086 8079071 nó ag brian.crowley@opw.ie . Um breis eolais faoi IFI Player agus Irish Independence Film Collection, déan teagmháil le Stephen Boylan ag Preas-Oifig IFI, 01-6129448 nó sboylan@irishfilm.ie