English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comhoibríonn Oifig na nOibreacha Poiblí agus Other Voices ar shraith ceoil bheo “Anam”

Déanfar taifeadadh ar léirithe ag láithreacha ardghradaim oidhreachta i dTiobraid Árann, Gaillimh, Liatroim agus Baile Átha Cliath; páirteach iontu beidh Adrianne Lenker, Martin Hayes, Sarah Crean, Lemoncello, Oisín Leech, Uly, EFÉ, Mohammad Syfkhan and Moncrieff.

D’éirigh thar cionn leis an sraith thosaigh anuraidh agus arís i mbliana beidh Other Voices i gcomhpháirtíocht le hOifig na nOibreacha Poiblí agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta chun sraith ceoil bheo a léiriú: Anam.

Sa tsraith, a chraolfar ar bheoshruth ar dhátaí éagsúla le linn mhí na Bealtaine, tabharfar le chéile grúpa fuinniúil éagsúil tallainne as Éirinn agus tíortha eile. Beidh siad á léiriú ag láithreacha ardghradaim Oidhreachta agus Séadchomharthaí Náisiúnta i dTiobraid Árann, Gaillimh, Liatroim agus Baile Átha Cliath.

I gceithre eagrán, tabharfaidh ‘Anam - Songs for Hearts & Minds’ an lucht féachana ar thuras inspioráideach ceoil; meascfar draíocht na mbeoléirithe leis an áilleacht a bhaineann le láithreacha suntasacha stairiúla na hÉireann.

MayKay a léireoidh an tsraith. Déanfar an taifeadadh ag Caisleán Urumhan, Co Thiobraid Árann; Caisleán Phort Omna, Co na Gaillimhe; Músaem an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath; agus Caisleán Parke, Co Liatroma.

Beidh líon teoranta ticéad órga le haghaidh chun taithí a fháíl na léirithe ar leith seo ar fáil via Crannchur Poiblí Other Voices Anam; cuirfear tuilleadh ticéad ar fáil freisin trí chomórtais sna seachtainí atá romhainn.

Craolfar gach eagrán Anam ar fud an domhain via ardáin YouTube agus Facebook Other Voices agus OPW. Ag tosú ag 8pm ar 9 Bealtaine, is aidhm don tsraith ceoltóirí seanbhunaithe agus nua-aimsithe araon a cheiliúradh.

Ar na ceoltóirí nua atá ag teacht aníos in Éirinn beidh pop-ghníomh Moncrieff ó Phort Láirge, ileolaí Uly ó Bhaile Átha Cliath, mearscaipeadh AWAL Sarah Crean agus EFÉ atá cruthaitheach fuinniúil.

Dúirt Patrick O’Donovan TD, Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí:

“Is í seo an dara bhliain den chomhpháirtíocht Anam idir Other Voices agus Oifig na nOibreacha Poiblí. Tabharfaidh beoshruthlú na sraithe seo suíochán tosaigh fíorúil don lucht féachana sa bhaile agus i gcéin ag na léirithe ar leith seo. Léireoidh Anam ceol ardmheanmnach ag láithreacha oidhreachta atá lánbhríoch agus stairiúil. Tá áthas orm go bhfuilimid ag caitheamh solais ar na láithreacha seo – is cuid den cheantar agus den eacnamaíocht áitiúil gach aon cheann acu, agus áit speisialta ag cuairteoirí agus muintir na háite araon.”

Dúirt Malcolm Noonan TD, Aire Stáit le cúram um Nádúr, Oidhreacht agus Athchóiriú Toghchánach:

Tá áthas orm go bhfuil an Roinn agamsa, OPW agus Other Voices ag comhoibriú arís chun tionscadal spreagúil dá leithéid seo a cheiliúradh, agus chun an nascadh idir na healaíona, an cultúr, an stair agus na láithreacha oidhreachta a leathnú ar fud na tíre. Táim ag súil le léiriú iontach ceoil ó ealaíontóirí éagsúla na hÉireann a fheiceáil, agus brí bhreise leo ins na foirgnimh agus na seomraí taibhsiúla seo.”

Dúirt Philip King ó Other Voices:

“Tá de phribhléid againn arís i mbliana ceol agus amhráin atá éagsúil, spreagúil agus inspioráideach a léiriú i gceithre cinn de na láithreacha oidhreachta atá faoi chúram dúinn ag OPW. I mbliana, beimid ag dul ar thuras ceoil timpeall na tíre chuig ceithre láthair i gceithre chontae: Caisleán Urumhan i dTiobraid Árann, Caisleán Phort Omna i gCo na Gaillimhe, Caisleán Parke i gCo Liatroma agus Músaem an Phiarsaigh ag Ráth Fhearnáin, Co Bhaile Átha Cliath. Tabharfaimid ceol beo ó réimse éagsúil ealaíontóirí na hÉireann isteach chuig na láithreacha stairiúla seo agus craolfar iad beo ar fud an domhain.”

Craolfar an tsraith ar bheoshruth domhanda ó 8pm gach Déardaoin ó 9 Bealtaine go 30 Bealtaine, via cainéil YouTube agus Facebook Other Voices. Tuilleadh sonraí ar wwwothervoices.ie



Nótaí

Sceideal Beoshrutha Anam - Beoshrutha nasc

Déardaoin 9 Bealtaine | Caisleán Urumhan, Tiobraid Árann - Adrianne Lenker, Uly agus Muireann Bradley

Déardaoin 16 Bealtaine | Caisleán Phort Omna, Gaillimh - Moncrieff, EFÉ agus Oisín Leech

Déardaoin 23 Bealtaine | Músaem an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath - Sarah Crean agus Piaras Ó Liorcáin

Déardaoin 30 Bealtaine | Caisleán Parke, Liatroim - Lemoncello, Martin Hayes with Kate Ellis and Mohammad Syfkhan

Tá tuilleadh eolais ar na healaíontóirí ar fail ar na naisc thíos: Beidh na naisc beo ón seoladh

Adrianne Lenker, EFÉ, Lemoncello, Martin Hayes le Kate Ellis, Mohammad Syfkhan, Moncrieff, Muireann Bradley, Oisín Leech, Piaras Ó Lorcáin, Sarah Crean, Uly

Déan teagmháil le Alannah McGhee ag digital@southwindblows.ie / +353 86 075 3874 um breis eolais.

Um breis eolais déan teagmháil le pressoffice@opw.ie

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Lean sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works