Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comhoibriú idir Oifig na nOibreacha Poiblí agus Iompar d’Éirinn do Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2025

I rith na seachtaine Oidhreachta, beidh Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus an Roinn Iompair ag comhoibriú arís i mbliana i dtaca leis an tionscnamh ‘Naisc Áitiúla leis an Stair’ de chuid Iompar d’Éirinn (TFI) .

Is í seo an dara bliain a bhfuil comhoibriú idir Oifig na nOibreacha Poiblí agus an Roinn Iompair i dtaca leis an tionscnamh spreagúil seo. Tacaíonn an tionscnamh leis an sprioc choiteann atá ag Oifig na nOibreacha Poiblí, an Roinn Iompair agus Iompar d’Éirinn maidir le taisteal inbhuanaithe a spreagadh, agus ag an am céanna rochtain níos éasca ar oidhreacht shaibhir na hÉireann a chur ar fáil don phobal.

Le linn Sheachtain na hOidhreachta, beidh saorchead isteach ag cuairteoirí chuig láithreacha oidhreachta atá páirteach sa tionscnamh seo nuair a thaispeánann siad an ticéad dea-mhéine a thugann an tiománaí bus dóibh.Tá láithreacha breise san áireamh i mbliana.

Is é téama Sheachtain na hOidhreachta i mbliana, ná “Iniúchadh ár nDúchas” agus tugann seirbhísí um Nasc Áitiúil TFI an deis do dhaoine ó phobail tuaithe cuairt a thabhairt ar na láithreacha oidhreachta is aitheanta in Éirinn, ar nós, láithreacha mainistreacha, caisleáin, tithe stairiúla agus gairdíní.

TFI Heritage Week 2025

Ag labhairt dó faoin tionscnamh, dúirt Kevin “Boxer” Moran, Aire Stáit d’Oifig na nOibreacha Poiblí:

“Tá lúcháir ar Oifig na nOibreacha Poiblí comhoibriú le Iompar d’Éirinn (TFI) chun tacú le Seachtain na hOidhreachta i mí Lúnasa. Tá sé mar aidhm ag ár gcomhpháirtíocht aird a tharraingt ar an tSeirbhís um Nasc Áitiúil agus tá an-áthas orainn cur leis an tionscnamh seo agus breis láithreacha a chur san áireamh ionas go mbeidh deis ag cuairteoirí ar fud na tíre leas a bhaint as an tseirbhís iontach seo.

Tá an t-ádh linn go bhfuil láithreacha iontacha againn ar fud cheantair tuaithe na hÉireann agus iad san áireamh ar an nGréasán um Nasc Áitiúil – ina measc, Caisleán Dhún na nGall, Mainistir Shligigh, Daingean Míleata Rinn an Chorráin, agus Caisleán Chill Chainnigh agus mholfainn do gach duine leas a bhaint as an tseirbhís iontach seo agus cuairt a thabhairt ar láthair oidhreachta áitiúil.”

Dúirt Jeremy Ryan, Stiúrthóir ar Sheirbhísí Iompair Phoiblí:

Molaimid do gach duine lántairbhe a bhaint as an tionscnamh seo agus leas a bhaint as saorchead isteach chuig láithreacha oidhreachta ar fud na hÉireann le linn Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta.”

Ar an Satharn, 16 Lúnasa, chun lá oscailte Sheachtain na hOidhreachta a cheiliúradh, tá saorchead isteach á thairiscint ag Oifig na nOibreacha Poiblí chuig breis is 70 láthair oidhreachta ina n-íoctar táille de ghnáth.

Tá an tionscnamh seo mar pháirt de chlár imeachtaí níos leithne a bheidh ar siúl i rith Sheachtain na hOidhreachta ag Láithreacha Oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí. Beidh os cionn 100 imeacht ar siúl, tá liosta iomlán de na himeachtaí le fáil ar heritageireland.ie

Láithreacha atá páirteach sa bhfeachtas, Nasc Áitiúil leis an Stair :

Ionad Cuairteoirí agus Mainistir Ghleann Dá Loch

Bealach 183, Na Solláin go dtí an tInbhear Mór

https://locallinkckw.ie/wp-content/uploads/2022/11/TFI-LL-R183-Sallins-to-Arklow-WEB5.pdf

Caisleán Dhún na nGall

292 Béal Átha Seanaidh go Baile Dhún na nGall agus 293 Gleann Cholm Cille go Baile Dhún na nGall

https://www.transportforireland.ie/wp-content/uploads/2024/01/TFI-LL-DSL-R292-Dec23-WEB-FA.pdf

https://www.transportforireland.ie/wp-content/uploads/2024/01/293-Glencolmcille-to-Donegal-Town.pdf

Is féidir freisin leas a bhaint as Bealaí 30 agus 30x, 492, 480, agus 64 de chuid Bhus Éireann

Caisleán Parke

563 Sligeach-Droim Dhá Thiar Bus Nasc Áitiúil agus 566 Sligeach-Damhshraith

https://www.transportforireland.ie/wp-content/uploads/2023/11/Route-563Timetable-FA.pdf

https://locallinkdsl.ie/wp-content/uploads/2022/02/129551-SITT-TT-566-Dowra-to-Sligo-6pg-DL.pdf

Ionad an Bhlascaoid

Bealach 277a agus 227b Daingean Uí Chúis – Ceann Trá – Baile an Fheirtéaraigh – Dún Chaoin

https://www.locallinkkerry.ie/dingle/

Mainistir na hInse

318, 331, 335, 337, 339, 342, 344, C23

https://www.locallinklc.ie/clare-routes/

Daingean Míleata Rinn Chorráin

253C

https://locallinkcork.com/schedule/253c-kinsale-to-charlesfort/

Láthair Mhainistir Chluain Mhic Nóis

850

https://locallinklaoisoffaly.ie/wp-content/uploads/2024/03/850-Athlone-to-Roscrea-4pp-01Dec23-ONLINE.pdf

Ionad Chath na Bóinne – Eastát an tSeandroichid

163

https://www.transportforireland.ie/wp-content/uploads/2024/02/TFI-LL-R163-FA-WEB.pdf

Na Gairdíní agus Caisleán Phort Omna

547

https://www.locallinkgalway.ie/dynamic-timetables/route-547---portumna-to-ballinasloe

322

https://www.transportforireland.ie/wp-content/uploads/2023/11/TFI-Local-Link-Route-322-Portumna-to-Nenagh-Nov23.pdf

Caisleán Chill Chainnigh

897

https://www.transportforireland.ie/wp-content/uploads/2023/10/TFI-LL-CKW-R897-June2023-WEB.pdf

Mainistir Shligigh

563, 566, 572, 977 agus 981

https://www.transportforireland.ie/wp-content/uploads/2023/11/Route-563Timetable-FA.pdf

https://www.transportforireland.ie/wp-content/uploads/2024/01/TFI-LL-DSL-R566-Dec23-FA-WEB4.pdf

https://www.transportforireland.ie/wp-content/uploads/2024/05/TFI-LL-DSL-R572-May24-FA-WEB.pdf

https://locallinkdsl.ie/wp-content/uploads/2022/02/129549-SITT-TT-977-Ballaghaderreen-to-Sligo-4pg-DL-1.pdf

https://locallinkdsl.ie/wp-content/uploads/2022/02/981-Coolaney-to-Sligo-6pg-DL-30th-Oct.pdf

Ardeaglais Ard Fhearta

Bealach 274 - Nasc Áitiúil (TFI Local Link) Ciarraí

TFI-LL-Kerry-R274-June25-WEB-FA.pdf

Carraig Phádraig

Bealaí 828 & 855 - Nasc Áitiúil (TFI Local Link) Tiobraid Árann

TFI-LL-Laois-OffalyTipperary-May2021.V4.pdf

Túr Raghnaill

Bealach 358 - um Nasc Áitiúil (TFI Local Link) Port Láirge

TFI-Local-Link-Waterford-Route-358-May25.pdf

Eastát Dhún ar Aill

Bealach 523 - Nasc Áitiúil (TFI Local Link) Corcaigh

TFI-LL-R523-Aug24.pdf

Nótaí

· Beidh an tairiscint seo ar fáil i gcomhair Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta a bheidh ar siúl ón 16 go dtí 24 Lúnasa 2025.

· Beidh saorchead isteach agat chuig láithreacha Oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí, ina n-íoctar táille de ghnáth, nuair a thaispeánann tú an ticéad dea-mhéine a thugann an tiománaí bus duit.

· Tá Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta a eagraíonn an Chomhairle Oidhreachta ar cheann de na himeachtaí cultúrtha is mó in Éirinn.

· Insíonn láithreacha oidhreachta, atá faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí, an scéal faoi na ceangail atá idir daoine, oidhreacht pobail agus cultúr. Ós rud é go mbeidh os cionn 100 imeacht ar siúl ar fud na tíre agus go mbeidh saorchead isteach* ar an 16 Lúnasa, is cinnte go mbeidh rud éigin do gach duine le taitneamh a bhaint as.

· Féach ar heritageireland.ie chun breis eolais a fháil.
* Seachas Príosún Chill Mhaighneann agus Brú na Bóinne.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat