D’fhógair an tAire O'Donovan go bhfuil maoiniú ceadaithe le haghaidh oibreacha eatramhacha cosanta tuilte i mBeanntraí

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

D’fhógair an tAire O'Donovan go bhfuil maoiniú ceadaithe le haghaidh oibreacha eatramhacha cosanta tuilte i mBeanntraí

Tá an tAire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí, an tUasal Patrick O’Donovan, T.D., tar éis iarratas Chomhairle Chontae Chorcaí faoi Scéim Mionoibreacha um Mhaolú Tuilte agus Cosaint an Chósta de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí a cheadú. Thug an tAire O’Donovan cuairt ar Bheanntraí ar an 14 Nollaig le cloisteáil faoin méid damáiste a rinne tuilte le linn Stoirm Barra.

Faoin Scéim Mionoibreacha um Mhaolú Tuilte agus Cosaint an Chósta, cheadaigh Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) maoiniú breise de €82,339 le haghaidh oibreacha eatramhacha i mBeanntraí (go dtí go gcuirfear oibreacha lintéir agus Príomhscéim Faoisimh Tuilte Bheanntraí i gcrích). Tá maoiniú iomlán de €183,917 ceadaithe le haghaidh na n-oibreacha seo.

-CRÍOCH-

Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Faigh sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat