Fáiltíonn an tAire O’Donovan roimh an taispeántas taistil Person Presence Perception go Cill Mocheallóg
- Foilsithe: 15 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Ó na 1990idí anuas, tá Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus An Roinn Airgeadais Thuaisceart Éireann (DoFNI) ag obair i bpáirt le chéile chun taispeántas taistil ealaíne a eagrú gach bliain, ina léirítear saothair ealaíne faoi théamaí éagsúla ón dá bhailiúchán stáit in Éirinn. Tá áthas ar OPW a fhógairt go n-osclófar taispeántas na bliana seo - Person Presence Perception – ar 15 Nollaig sa Leabharlann ag Cill Mocheallóg, Co Luimnigh.
Ag fáiltiú roimh an taispeántas go Cill Mocheallóg, dúirt an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, TD:
“Tá áthas orm a bheith anseo chun fáiltiú roimh an taispeántas taistil nua seo go Cill Mocheallóg, rud a thugann deis do chuairteoirí saothair ealaíne ón dá bhailiúchán stáit a fheiceáil i bhfoirgnimh áitiúla poiblí. Tá comhoibriú maidir leis an tionscadal cultúrtha seo ar bun le 24 bliana anuas, rud a neartaíonn an nasc idir an dá roinn rialtais. Is é seo an dara huair a bhfuil taispeántas dá leithéid i gCo Luimnigh le blianta beaga anuas. Is deis í seo ag muintir an cheantair eolas a chur ar shaothair ealaíne a bhíonn ar taispeáint de ghnáth i bhfoirgnimh phoiblí i mBéal Feirste, i mBaile Átha Cliath nó in áiteanna eile ar fud na tíre.”
Is é téama taispeántais na bliana seo - Person Perception Presence – ná daoine agus an iliomad slí inar féidir iad a léiriú i saothair ealaíne agus freagra an lucht féachana air orthusan. Léiríonn an 41 saothar ealaíne ó 40 ealaíontóir an daonnacht trí réimse leathan meán – pictiúir, grianghraif, priontaí agus dealbha. Léiríonn gach píosa saothair fís an ealaíontóra ach fós comórtar indibhidiúlacht agus an daonnacht mar chroílár saothair – daoine, inné agus inniu.
Is samplaí iad saothair ealaíne gach taispeántais den chumas agus den chruthaitheacht atá beo ins na healaíne físe inniu. Anseo tá réimse leathan meán agus stíle ó ealaíontóirí seanbhunaithe agus nuathagtha araon.
Nótaí
Grianghraif ar fáil ó Declan Hehir Photography ag info@hehirfoto.com nó 087 8301574
Um breis eolais agus granghraif, déan teagmháil le Preas-Oifig OPW ag pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Bhí an taispeántas Person Presence Perception ag An Chorr Chríochach, Tír Eoghain (Meán Fómhair 2022) agus Ionad Ealaíne Dhún Másc, Portlaoise (Deireadh Fómhair-Samhain 2022) roimhe seo. Beidh sé ar bun i gCill Mocheallóg go dtí lár mhí Mhárta 2023. Beidh sé i gCluain Meala, Co. Thiobraid Árann uaidh sin go deireadh mhí Aibreáin agus ansin in Músaem Chontae Ard Mhacha i mí Bealtaine 2023.
Tá Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus An Roinn Airgeadais Thuaisceart Éireann (DoFNI) ag comhoibriú maidir le taispeántais ealaíne ó na 1990idí anuas. Tugann na taispeántais seo saothair ealaíne ón dá bhailúchán stáit chuig áiteanna ar fud Éireann.
Le blianta beaga anuas, d’eascair comhpháirtíochtaí níos leithne le heagrais chultúrtha eile as na taispeántais seo agus cuirtear saothair ón dá bhailiúchán ar taispeáint i réimse leathan ionad – ionaid ealaíne, leabharlanna, coláistí, láithreacha oidhreachta agus foirgnimh eile – atá ar oscailt don phobal.
Eolas
Teideal: Person Presence Perception
Áit: An Leabharlann, Cill Mocheallóg, Co Luimnigh
Dátaí: 15 Nollaig 2022 – Márta 2023
I measc na n-ealaíontóirí ar taispeáint tá: Samantha Ellis Fox; Carol Graham; Alana Barton; Kim Montgomery; Daniel Nelis; Laura Cronin; Owen de Forge; Sile Walsh; Jessica Hollywood; Merve Jones; Connor Maguire; Anthony Haughey; Joanne Betty Conlon; Joanne Betty Conlon; Beverley Healy; Celie Byrne; Stephen Johnston; John Cooney; Ciaran Harper; Dáibhidh Stiúbhard; Philip Flanagan; Christopher Banaghan; Mónika Bögyös; Becks Butler; Joanne Clerkin; Alex deRoeck ; Vivienne Dick; Amanda Doran; Charles Harper; Vanessa Jones; Gary Loughlin; Maitiú Mac Cárthaigh; Alice Maher; Paddy McCabe; Kevin Mooney; Eva O'Donovan; Tolu Ogunware; Nuala O'Sullivan; David Quinn; Vera Ryklova agus Éva Anna Szántó-Nádudvari.