English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Patrick O'Donovan roimh cheapadh Comhairleoirí Innealtóireachta chun Scéim um Fhaoiseamh Tuile Dhroichead Átha agus Bhaile Trá a dhearadh

Tá áthas ar Patrick O’Donovan, T.D., Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, a fhógairt gur cheap Comhairle Contae Lú, i bpáirt le OPW, RPS Consulting Engineers Ltd mar Chomhairleoirí Innealtóireachta chun an Scéim um Fhaoiseamh Tuile Dhroichead Átha agus Bhaile Trá a dhearadh.

Tá Scéim um Fhaoiseamh Tuile Dhroichead Átha agus Bhaile Trá á soláthar faoi Project Ireland 2040; tá an Rialtas ag cur €1 billiún um fhaoiseamh tuile ar fáil thar deich mbliana. Ar chríochnú do na scéimeanna seo, tabharfar cosaint ar 249 maoin chónaithe agus 205 maoin neamhchónaithe ó thuile 1 in 100 bliain.

Dúirt an tAire O’Donovan:

“Tá áthas orm go bhfuil an Oifig agamsa agus Comhairle Contae Lú ag ceapadh Comhairleoirí don Scéim um Fhaoiseamh Tuile Dhroichead Átha agus Bhaile Trá, bliain tar éis dúinn Comhairleoirí Innealtóireachta a cheapadh don Scéim um Fhaoiseamh Tuile Dhún Dealgan, na gCreagacha Dubha (Theas) agus Áth Fhirdia. Is infheistíocht tábhachtach í seo don dá bhaile agus beidh deis ag an bpobal gníomhú le forbairt na Scéimeanna trí chomhairliúchán leathan poiblí. Táim cinnte go n-oibreoidh OPW agus an Chomhairle go dlúth le chéile chun an scéim seo a thabhairt chun críche.”

Dúirt Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Lú, Joan Martin:

“Infheistíocht tábhachtach i gcosaintí tuile i nDroichead Átha agus Baile Trá atá anseo. Tabharfar cosaint do thithe cónaithe agus do ghnóthais ins na ceantair seo agus cuirfera le luach áineasa Abhann na Bóinne. Déanfar forbairt ar na measúnaithe hidreolaíocha agus hidrálacha a bhí mar chuid den Staidéar MBPTA Thoir agus oibreoidh an Chomhairle go dlúth le OPW chun an scéim seo a thabhairt chun críche. Beidh tuilleadh comhairliúcháin phoiblí de réir mar a ghabhann an Scéim chun cinn trí Phleanáil agus Miondearadh agus raghfar i gcomhairle le Páirtithe Leasmhara cuí i gcónaí”.

Cuimsíonn an Scéim atá molta sraith cruachosaintí (claífoirt agus ballaí) ar feadh Abhann na Bóinne, feabhsú srutha, cruachosaintí agus cainéal malartú srutha ar na fo-abhainn, ardú ar bhóithre agus cosaintí uathoibríocha um leanúint oibríochtaí calafoirt a cheadú.

Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie

Nótaí le haghaidh Eagarthóirí:

• Is é Comhairle Contae Lú, ag obair le OPW, an Príomh-Údarás chun an Scéim um Fhaoiseamh Tuile ag Droichead Átha a sholáthar.

• Cuimsíonn an Scéim um Fhaoiseamh Tuile atá molta le haghaidh Droichead Átha sraith cruachosaintí (claífoirt agus ballaí) ar feadh Abhann na Bóinne, feabhsú srutha, cruachosaintí agus cainéal malartú srutha ar na fo-abhainn, ardú ar bhóithre agus cosaintí uathoibríocha um leanúint oibríochtaí calafoirt a cheadú. Is é an tionscadal seo an chéad tionscadal ag Comhairle Contae Lú sa chlár infheistíochta deich mbliana.

• Is é €34.9 Million an réamh-mheastachán costais ar Scéim Dhroichead Átha (Scéim um Fhaoiseamh Tuile Bhaile Trá san áireamh). Tabharfar cosaint ar thart faoi 381 maoin (183 maoin chónaithe agus 198 maoin neamhchónaithe) ar chríochnú don Scéim.

• Tá Grúpa Stiúrtha tionscadail ceaptha – foireann riaracháin agus teicniúil OPW maraon le hionadaithe Udaráis Áitiúil – ar aon dul leis na socruithe atá i bhfeidhm cheana féin le haghaidh tionscadail faoin Chlár Oibreacha Caipitiúla um Fhaoiseamh Tuile.

• Tabharfaidh Comhairle Contae Lú an Scéim um Fhaoiseamh Tuile ag Baile Trá chun cinn i gcomhthreo le Scéim Dhroichead Átha, le maoiniú iomlán ó OPW, cé nach raibh an scéim seo i gceist sa chéad chéim tionscadal; cuimsíonn buiséad na Scéime an costas seo. San obair seo tógfar cruachosaintí (claífoirt agus ballaí) a thabharfaidh cosaint ar 73 maoin (66 maoin chónaithe agus 7 maoin neamhchónaithe) ar a críochnú.