English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Patrick O’Donovan roimh cheapadh conraitheoirí um oibreacha deisiúcháin ar phort Abhann na Féile ag Sráid an Chlochair, Lios Tuathail, Co. Chairraí

Inniu d’fhógair an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), Patrick O’Donovan, T.D., go bhfuil Ward and Burke Ltd ceaptha mar chonratheoirí chun oibreacha deisiúcháin a dhéanamh ar phort thuaidh abhann na Féile, in aice le Sráid an Chlochair (R553), Lios Tuathail, Co. Chiarraí.

Dúirt an tAire:

“Le linn stoirmeacha geimhridh i mí Feabhra 2020, thit cuid den phort ar an taobh thuaidh d’Abhann na Féile as a chéile, in aice le Sráid an Chlochair, Lios Tuathail, Co. Chiarraí. Tá athas orm go ndéanfar oibreacha deisiúcháin chun port na habhann a shocrú agus táthar ag súil go dtosóidh oibreacha tógála ar an láthair i mí Lúnasa 2021”.

Ceapadh Foireann Tionscadail i mí Mhárta 2020, a chuimsigh Gavin and Doherty Geosolutions Ltd., Tony O’ Regan Associates and Environmental Consultants. D’oibrigh an Fhoireann Tionscadail i gcomhar le Comhairle Contae Chiarraí agus le heagrais reachtúla eile chun an réiteach cuí fadtéarmach a léiriú. Toisc go bhfuil an suíomh suite laistigh de Limistéar Speisialta Caomhnaithe Íochtair na Sionainne (SAC), dhéan an Comhairleoir Comhshaoil a cheap OPW Measúnú Cuí/Ráiteas Tionchair Natura Céim 2 (NIS) maidir leis na hoibreacha. Chinn an NIS nach dóichí go mbeadh aon tionchair shuntasacha ar leasa cáilíochta an SAC. Seoladh an NIS chuig an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) um athbhreithniú. Cuimsíodh tuairimí NPWS i ndearadh agus modheolaíocht na n-oibreacha. Déanadh suirbhé seandálaíochta faoi uisce freisin sular ar thosnaigh na hoibreacha. Tá cléireach oibreacha éiceolaíoch saincheaptha i mbun monatóireachta ar na hoibreacha agus i gcomhairle rialta leis na heagrais reachtúla bainteacha, NPWS agus Iascaigh Intíre Éireann san áireamh.

Tá an obair seo á cur chun cinn ag OPW faoi chumhachtaí reachtúla atá acu maidir le cothabháil ar Scéim Dheimhnithe Dhraenála Abhann na Féile. Tá na hoibreacha éigeandála seo riachtanach chun seasmhacht a chinntiú agus chun an teipeadh fánaidh a tharla i mí Feabhra 2020 a dheisiú, rud a bhagair ar sheasmhacht struchtúrtha roinnt réadmhaoin ar Shráid an Chlochair.

-CRÍOCH-

Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Faigh sinn ar Facebook @opwireland