Fáiltíonn Oifig na nOibreacha Poiblí roimh líon láidir cuairteoirí chuig láithreacha oidhreachta i 2023
- Foilsithe: 28 Márta 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
• 15.3 milliún cuairteoirí chuig Caisleáin, Garraithe agus Séadchomharthaí Stairiúla Éireann
• Líon breise cuairteoirí ag baint úsáid as láithreacha caitheamh aimsire – Faiche Stiabhna, Páirc an Fhionnuisce agus Páirc Dhún ar Aill i measc na láithreacha is mó éilimh
• Garraithe Náisiúnta na Lus, Caisleán Bhaile Átha Cliath agus Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce i measc na láithreacha is airde cuairteoirí
• Breis cuairteoirí ar Láithreacha Réigiúnach mar Achaidh Chéide, Cluain Mhic Nóis agus Caisleán na Cathrach
Inniu, 28 Márta, d’fhógair Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) bliain rathúil eile i 2023 maidir le líon na gcuairteoirí chuig láithreacha oidhreachta. Bhí 15.3 milliún cuairteoirí anuraidh (15 milliún i 2022).
Tá Oifig na nOibreacha Poiblí freagrach as cúram, cothabháil agus oibriú 780 láthair thábhachtach oidhreachta. Caomhnaíonn agus cosnaíonn Oifig na nOibreacha Poiblí oidhreacht thógtha an náisiúin atá faoina cúram; soláthraítear rochtain phoiblí agus léirmhíniú, agus spreagtar an pobal chun cuairt a thabhairt ar na láithreacha agus gníomhú leis an oidhreacht atá againn in Éirinn. Déanann Oifig na nOibreacha Poiblí iarracht láithreacha oidhreachta a bhainistiú ar bhealach a chosnaíonn ár n-oidhreacht agus ag an am céanna a éascaíonn rochtain chuimsitheach idirghníomhach le haghaidh cuairteoirí.
Léiríonn figiúirí 2023 méadú leanúnach ar líon na gcuairteoirí chuig Caisleáin, Garraithe agus Séadchomharthaí Stairiúla ar fud na tíre. Taispeántar na láithreacha is mó éilimh den dá chineál: láithreacha faoi tháille iontrála agus láithreacha le saorchead isteach. Tá ról lárnach do thurasóirí ag láithreacha íocónacha mar Phríosún Chill Mhaighneann, Carraig Phádraig agus Gleann Dá Loch. Ar bharr an liosta freisin tá na páirceanna móra – Páirc an Fhionnuisce, Faiche Stiabhna agus na tailte fearann ag Cúirt Dhún ar Aill.
I mBaile Átha Cliath, bhí méadú 13% ar líon na gcuairteoirí chuig Eastát Farmleigh. Ag Dún Aonghasa ar Inis Mór - áit a bhuaigh gradam Eorpach um láthair scannáin anuraidh – tharla méadú 20%. Ag Achaidh an Chéide i gCo. Mhaigh Eo – áit ar osclaíodh láthair thumthach do chuairteoirí i 2022 ar chostas €2.6m – bhí méadú 38%. Ag Ionad an Bhlascaoid i gCo. Chiarraí bhí méadú 58% ar líon na gcairteoirí, agus méadú 29% ag Cluain Mhic Nóis i gCo. Uíbh Fhailí.
Feictear go bhfuil méadú ó bhliain go céile ar líon na gcuairteoirí agus ar an spéis atá acu in oidhreacht chultúrtha na hÉireann, rud a léiríonn an tábhacht a bhaineann leis an oidhreacht luachmhar seo a chaomhnú do na glúin a thiocfaidh inár ndiaidh.
Dúirt an tAire Stáit le cúram um OPW, Patrick O’Donovan, T.D.: “Cuireann an 780 láthair atá faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí le féiniúlacht a gceantar agus leis an eacnamaíocht áitiúil, mar aon le caitheamh aimsire do chuairteoirí ó chian is ó chóngar. Léiríonn figiúirí 2023 go bhfuil spéis láidir i dturasóireacht oidhreachta agus go bhfuil méadú leanúnach ar an líon daoine gur mian leo cuairt a thabhairt ar láithreacha oidhreachta na hÉireann.”
“Tá an t-ádh linn go bhfuil bailiúchán oidhreachta chomh saibhir agus chomh héagsúil againn ar fud na tíre. Tá sé fíorthábhachtach um chosaint agus um chaomhnú na hoidhreachta tógtha sin againn – idir shéadchomtharthaí ársa agus caisleáin mheánaoiseacha – go leanfaidh an Stát leis an infheistíocht oidhreachta sin. Is iontach a fheiceáil go bhfuil líon na gcuairteoirí ag méadú ó bhliain go céile, ag láithreacha le táillí iontrála agus láithreacha le saorchead isteach araon ar fud na bliana.”
Anseo thíos tá liosta na láithreacha is mó éilimh le táillí iontrála le linn 2023:

Um liosta iomlán líon na gcuairteoirí féach gov.ie - Full list of visitor numbers