Fáiltionn an tAire Patrick O’Donovan roimh thús na hoibre um shrianadh ar thuilte ag Loch Fuinseann
- Foilsithe: 10 Meitheamh 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Inniu, thug Patrick O’Donovan T.D., Aire Stáit um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus Fhaoiseamh Tuile cuairt ar Loch Fuinseann i gContae Ros Comáin chun na hoibreacha um shrianadh ar leibhéil uisce sa cheantar a fheiceáil.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Tá áthas orm go bhfuil cinneadh déanta ag Comhairle Contae Ros Comáin oibreacha práinneacha a chur chun cinn um leibhéil uisce an Locha a shrianadh, faoi fhorálacha Act na nÚdarás Áitiúil (Oibreacha) 1949. Chuir an tuiliú anseo an-chruatan ar úinéirí tí; rachaidh tosú na n-oibreacha seo chun sochair mhuintir na háite, a bhfuil imní orthu le fada maidir leis an bpriacal tuile a leanann sa cheantar.”
Chinn Comhairle Contae Ros Comáin ar obair a thosú tar éis dóibh Uasdhátú Hidreolaíoch ar Loch Fuinseann a fháil, a thuar go mbeadh tuilte níos airde ná riamh sa loch um gheimhreadh seo chugainn. Le tús curtha anois ar obair thógála an phíobáin forsceithe, beidh dóthain ama léibhéal uisce an locha a ísliú roimh an geimhreadh.
Ba iad Malachy Walsh and Partners, Innealtóirí Comhairleacha, a dhearaigh an scéim; tógfar píobán 2.6 ciliméadar ar fhad chuig cúrsa uisce i dtreo na Sionainne, fo-oibreacha agus struchtúr rialála ag Loch Fuinseann.
Dúirt an tAire:
“D’iarr Comhairle Contae Ros Comáin cúnamh ó OPW maidir le hinneallra agus foireann. Tá áthas orm go bhfuil OPW i mbun na hoibre ar son Chomhairle Contae Ros Comáin. Measfar go mairfidh an obair, a thosaigh ar 8 Meitheamh, go ceann trí nó ceithre mhí.”
Dúirt Eugene Cummins, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Ros Comáin:
“Thar ceann an Chathaoirligh, na mBall Tofa agus Oifigigh Chomhairle Contae Ros Comáin, gabhaim buíochas leis an Aire O’Donovan agus leis an Rialtas as acmhainní OPW a chur ar fáil dom chun an obair phráinneach seo a dhéanamh, a chuirfidh pobal Loch Fuinseann ar a suaimhneas an geimhreadh seo chugainn. Gabhaim buíochas freisin le Comhairleoirí an Cheantair Bhardais agus leis na polaiteoirí, a chuir muinín orm an cinneadh ceart a dhéanamh ar a son do phobal Loch Fuinseann, a raibh tuile ag bagairt orthu i gcónaí. Ach go háirithe, gabhaim buíochas le John Curtin agus a chomhghleacaithe OPW as a gcomhairle agus a gcúnamh le cúpla mí anuas.”
-CRÍOCH-