English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Féile Bithéagsúlachta agus 6ú Taispeántas Meala ag OPW i bPáirc an Fhionnuisce

Beidh an 6ú Féile Bithéagsúlachta agus Taispeántas Meala ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) i bPáirc an Fhionnuisce ón Aoine 9 go Domhnach 11 Meán Fómhair 2022. Beidh turais, léachtaí agus imeachtaí teaghlaigh ar siúl le linn an deireadh seachtaine. Tá na himeachtaí ar fad saor in aisce; is gá áirithint a dhéanamh do chuid acu toisc líon teoranta áiteanna.

Dúirt Príomh-Mhaoirseoir na Páirce, Margaret Gormley:

“Baineann tábhacht le beacha maidir le bithéagsúlacht Pháirc an Fhionnuisce agus an cheantair mórthimpeall a chaomhnú. Tá breis agus 17 gcoirceog ar fud na Páirce agus téann siad sin go mór chun tairbhe flóra na Páirce. Déanann beacha pailniú ar bhreis agus 70% den 100 barra bia a sholáthraíonn 90% de bhia an domhain. Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as an ócáid seo.”

Dúirt an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan TD:

“Tá an bhithéagsúlacht fíor-riachtanach don bheatha. Braitheann an domhan, an tsochaí agus an eacnamaíocht ar bhithéagsúlacht. Is láthair fhíorthábhachtach bithéagsúlachta Páirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath agus acmhainn an-saibhir bithéagsúlachta. Is iontach an rud é go bhfuil an Fhéile seo ar bun arís – tá ábhair spéise do chách ann, ins na himeachtaí lasmuigh nó ar líne le linn na deireadh seachtaine.”

Dúirt Paul O’Brien, Uachtarán Chónaidhm Chumainn Bheachairí na hÉireann:

“Tá áthas orainn oibriú le OPW ar an ócáid seo. Sampla is ea Páirc an Fhionnuisce ar conas is féidir an dúlra a nascadh leis an timpeallacht uirbeach. Tá mórán ráite inniu faoi thábhacht na bithéagsúlachta maidir leis an gcomhshaol, an aeráid, an tsláinte, an eacnamaíocht agus leas an duine. Dlúthchuid de bhithéagsúlacht na tíre seo is ea na beacha. San Fhéile Bhithéagsúlachta agus Taispeántas Meala tugtar gnéithe éagsúla na beachaireachta le chéile agus léirítear tábhacht na beachaireachta agus na bithéagsúlachta. Anseo beidh spraoi agus spreagadh do chách, idir óg agus aosta.”

Le linn na deireadh seachtaine beidh ceardlanna agus cainteanna saor in aisce ar réimse leathan ábhar a bhaineann le bithéagsúlacht agus beachaireacht. Féadfar spéir na hoíche a scrúdú i dteannta Chumann Réalteolaíochta Éireann nó turas a thabhairt timpeall na Páirce le Grúpa Ialtóg Bhaile Átha Cliath. Féadfaidh teaghlaigh turas siúlóide a thabhairt le Maor Páirce OPW ar Chrannlann Chaisleán Bhaile an Ásaigh. Níos luaithe i mbliana, sheol OPW Straitéis Ghníomhaíochta Bithéagsúlachta chun bithéagsúlacht a fheabhsú ar fud a cuid oibríochtaí uile; leagadh amach ann conas a oibreofar um bithéagsúlacht a chaomhnú agus a chothú ins na cúig bliana atá romhainn. Maidir le Páirc an Fhionnuisce, tá bearta curtha i gcrích ag OPW chun luach bithéagsúlachta na Páirce a shlánú agus a bhuanú amach anseo – gnáthóga agus speicis lárnacha a chosaint agus a stádais a neartú, gnáthóga luachmhara fiadúlra a athchruthú, agus speicis oiriúnacha a thabhairt isteach chun luach bithéagsúlachta na Páirce agus na gnáthóga ann mhéadú.


Nótaí le haghaidh Eagarthóirí

Um breis eolais, féach www.phoenixpark.ie nó déan teagmháil le Preas-Oifig OPW ag pressoffice@opw.ie

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Faigh sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works


Cainteanna Bithéagsúlachta ar líne

Dé Luain 5 Meán Fómhair 1pm: Spreading Seeds of Doubt Dr. Noeleen Smyth, Ollamh Cúnta ag UCD

Dé Máirt 6 Meán Fómhair 1pm: Global Food and Biodiversity Irene Sullivan, Oifigeach Oideachais, Global Action Plan

Dé Céadaoin 7 Meán Fómhair 1pm: Ponds as Reservoirs for Biodiversity Aoife O’Rourke, Oifigeach Forbartha Lochán, Tionscadal EU Legacy4LIFE, An Taisce

Déardaoin 8 Meán Fómhair 1pm: ‘Biodiversity in Action’ Straitéis Ghníomhaíochta Bithéagsúlachta OPW 2022-2026 Margaret Gormley, Príomh-Mhaoirseoir Páirce OPW

Dé hAoine 9 Meán Fómhair 1pm: Meadows at Kilmacurragh Seamus O’Brien, Príomh-Gharraíodóir OPW, Garraithe na Lus, Cill Mochorróg

Maireann na Cainteanna Am Lóin thart faoi 30 nóiméad; tá siad ar fáil ar chainéal YouTube OPW. Féach https://phoenixpark.ie/