Fógraíonn an tAire O'Donovan go bhfuil maoiniú faofa le haghaidh oibreacha cosanta tuile ag An Fheoir, Co. Laoise
- Foilsithe: 10 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D., gur faomhadh iarratas ó Chomhairle Contae Laoise faoi Scéim Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta OPW. Faoin scéim seo, tá maoiniú breise €63,000, Céim 2, faofa ag OPW chun seanadhmad agus bruscar a dhíothú agus crainn a ghearradh atá ag cur bac srutha ar thart faoi 6km den Fheoir i nDeisceart Laoise. Is maoiniú breise é seo ar €82,373 faofa ag OPW le haghaidh Céim 1 den Tionscadal in 2017/2018
CRÍOCH
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works